quote:Chuir mo chara an cheist orm ''Sílim tuigim'' bhí sé ag iarraidh a rá ''I think I understand'' is é mo bharúil go bhfuil sin iontach aisteach. Cad a chuireann tú i ndiaidh an briathar? Shíl mise ''Sílim gur tuigim'' ach tá a fhios agam go bhfuil sin mícheart.
Go raibh maith agaibh
Deirfí
"Sílim go dtuigim" (nó in Ultaibh: Síleam go dtuigeam).
Cha dtig leat rud ar bith eile a ráidht : "go" a bheadh ann (san aimsir láithreach) in achan chanúint.
Cha bheadh "gur" ann ach san aimsir chaite (leis na briathra rialta agus le cupla briathar neamhrialta).
Mar shompla: Shíl mé gur thuig mé (I thought I understood).
I mBéarla, thig leat an "that" a bhaint, ach i nGaeilg bíonn ort "go" (nó "gur" san aimsir chaite) a chur isteach. Cha bheadh ciall ar bith le habairt mar "sílim tuigim".