|
|
|
Author |
Message |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 923 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 06:34 am: |
|
'Nois, ní síceolaí oilte mé 'chor ar bith ach tá ag dul díom a thuiscint cén siondróm a thabharfadh ar dhuine abairt a ghearradh mar sin, murab é an rud a thugann an dream léannta úd dearg-frithghramadachas air. An créatúr bocht, seans gur frídín sa bhfuil é agus gur thóg sé é ó shinsear eicínt leis a bualadh go míthrocaireach leis an tslat gramadaí i dtús a shaoil i gCeanada glas fadó, san áit a dtáinig an chéad bhata is an chéad Bhráthair ó Éirinn ariamh. Bíodh sin mar atá, cibé ar bith galar atá air go bhfaighe sé a leigheas gan mhoill, an créatúr, mar is é an díol trua é a bheith mar atá. Ní mór a bheith ag cuimhneamh ar an gcuid eile den phobal seo freisin, ar ndóigh. Ní mé an féidir instealladh de shaghas eicínt a fháil a chosnódh na daoine air, nó ab é an coraintín an chosaint is fearr? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 179 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 07:10 am: |
|
Bristear an abairt a Abigail, i gcaint nádúrtha, ar fud an domhain de réir mo thuigse, ní hionann is na haithisc, léamh na nuachta srl. Chuala daoine ag trácht ar chaint a thaifeadadh ar feadh uaireanta fada an lae ar son taighde. An rud a chuireann ionadh ar lucht an taighde, an céatadán an-ard abairtí gan chrích, gan tús, le mant as a lár agus mar san. Rinneas féin iarracht daoine a chur ar a bhfaicheall faoin dobhriathar a thabhairt chun tosaigh. Dá mb'fhéidir leo an briathar a tharraingt chun tosaigh, thitfeadh an chuid eile den abairt amach ina ceart. Is maith an rud ina dhiaidh sin, ainmfhocal, dobhriathar nó rud ar bith, a tharraingt amach chun tosaigh, uair amháin nó dhó ar leathanach iomlán Gaeilge leis an léitheoir a bhíogadh. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 924 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 08:14 am: |
|
Ní hé briseadh na habairte a bhí i gceist agam go baileach, ach an t-ábhar ar ar rinneadh é. Deir an mhír iomlán go mbaineann an clár plé seo le scaipeadh eolais agus smaointí faoin nGaeilge mar theanga agus faoina cuid gramadaí; gearradh an dara cuspóir sin amach nuair a tugadh an sliocht ar an snáth eile. Cén fáth go ndéanfadh duine sin murach go raibh na byteanna gann aige (rud nach léir ar an méid eile a scríobhann sé) nó an ghráin fáiscthe aige ar ghramadach na Gaeilge - sin an magadh a bhí ar bun agam. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 180 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 08:19 am: |
|
Tuigim anois thú, amharcfaidh mé isteach ann, is grma. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7734 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 08:31 am: |
|
A chairde, feictear dom go bhfuil píosa maith comhairle ag deireadh an tsleachta úd, eadhon, nár cheart troll a chothú. Anois, cé chuirfeas glan Ghaeilge dúinn ar troll, i. duine a bhíonn ag lorg agóide trí tuairimí a scaipeadh a mbeidh daoine míshásta fúthu? De réir mo thuiscint ní ón bhfínscéal Lochlannach a eascraíonn troll an Bhéarla, ach ón mbriathar "trolling" http://dictionary.reference.com/browse/troll Seans go mbeadh baoiteálaí feiliúnach? Mas ea, na slogagaí, le bhur dtoil! baoiteáil [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach den tríú díochlaonadh] cur baoite ar dhuán nó i ngaiste. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 181 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 09:24 am: |
|
Bhíos féin ag cuimhneamh ar an téad céanna a Aonghuis, gur d'aon úim a bhíonn mo dhuine ag caitheamh chomh dona leis an teanga, le misneach lucht foghlama, le síorgheonaíl na síthdhoirche. Is dream suáilceach an dream abhus agus feileann sin go maith dó. Is cuimhin leat an iarraidh a rinne triúr againn aistriúchán a sholáthar dó. Ba é an chéad sonc eile uaidh ina dhiaidh sin nárbh fhiú dó an teanga a fhoghlaim mar gheall ar easpa Gaeilgeoirí thar lear is aroile. Tabhair banlámh don bhódach is bhéarfaidh sé féin slat leis, rud a rinne. Chonaic sé go bhféadfadh sé tuilleadh a iarraidh ar na daltaí, ach cuireadh suas de an t-am san. Tá sé ag faire a dheise i rith an ama faoi ainm an dea-bhéasa. Níor mhiste 'baoiteálaí' a thabhairt air. Is é a ainm é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4296 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 12:28 pm: |
|
baoiteálaí f. [FGB] bait-setter; hanger-on baoiteálaí f. [ACD] duine a mbeadh baoití (smaois) lena shróin; duine bheadh ag faire ar sholamar a fháil in aisce, duine chaithfeadh cuid duine eile gan náire ó http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/daoine/lorg.php Focail (ainmneacha) eile a bheadh oiriúnach: buarthóir, clampaire, clamprán, clampróir. Ach tá mé cinnte go bhfuil cuid mhaith ainmneacha eile ar an suíomh sin a d'oirfeadh dó. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 183 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 03:40 pm: |
|
baoiteálaí f. [FGB] bait-setter; hanger-on Níl sé i bhfad uaidh, cé gur mó de lagmhisneoir é, braithim, duine a bheadh ag iarraidh gach éinne a tharraingt anuas in umar na haimléise leis féin. Is iontach daoine a theacht chuig an bpointe go dtabharfaidís faoin teanga a fhoghlaim agus ní leochailleacht go dtí ceann na chéad bhliana a bheith curtha díobh. Buarthóir: Cuireann sé buaireamh ar chuid againn, ach ní thuigeann cuid eile é, agus ghlacfaidís lena thuairim, roinnt. Mar mhalairt ar 'eadránaí' a shamhlaím é chomh maith, gné a chasfadh i leith an fhocail 'leadránaí' mé. Tharraingíos abairt iomlán as ar ball agus níl mé a mhaíomh gurbh é an abairt ab fhaide riamh é: 'Sin é' a scríobh sé! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 926 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 05:59 pm: |
|
An scéal ceanann céanna arís ar ball beag ar an snáth eile: chuir mé achoimre B. lenar scríobh mé i nG. agus níor shásaigh sé sin giolla na duairce ach chomh beag. Táim réidh leis más ea. Níl mé le chuile fhocailín beo dá scríobhfainn amach anseo a aistriú go Béarla ar a shon agus ní shásóidh mórán eile é; baineadh chuile shórt triail as agus chonacthas an toradh. Ní den bhá ná den fhuaráil an t-iompar seo aige agus ní féidir liom é a áireamh feasta mar dhuine atá báúil nó fuar féin ar an teanga, cuma céard a déarfas sé féin. Táimse réidh leis adeirim. (Message edited by abigail on November 21, 2008) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 186 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, November 21, 2008 - 07:22 pm: |
|
Sin é an tslí leis cinnte. Is féidir a thuirsiú de réir a chéile agus caithfear a dhéanamh is dóigh liom, mar ní beag an dochar a dhéanfadh sé in imeacht ama don dream lag a thiocfas isteach ar timchuairt foghlama. Measaim gur fearr gan a fhreagairt nuair a bhíonn súil nó éileamh aige ar fhreagra, ar aistriú nó ar cibéard eile. Gaeilg go leor a raideadh leis chomh maith le sin, agus gheobhaidh sé cortha de, nó gheobhaidh sé Gaeilg ar a laghad ar bith. Dá gcoinnfí Gaeilg leis, b'fhéidir dá ainneoin féin, go bhfaigheadh sé roinnt Gaeilge as a ruaigeanna abhus. |
|
|
|