mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (November-December) » Archive through December 08, 2008 » Tá Gaeilg ag Dia a chairde. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 166
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 06:11 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Gaeilg oirthuaisceart Chonnacht amháin atá ag Dia. Is fearr Leis / Léi daoine a bhfuil gruaig dhubh orthu agus dalladh léithe faoin uisinn acu. An dream atá ina gcónaí i dtithe beaga le taobh sciobóil agus bóithigh chomh maith, beidh gean ar leith Aige orthu.

Ní Dá thréad éinne a scríobhann i mBéarla, ar shuíomhanna dátheangacha Gaeilge, ach oiread, rud a chiallaíonn go bhfuil dream go leor damnaithe cheana! Is mithid béas a athrú.

Ag Dia amháin atá a fhios cé tá le slánú i ndiaidh chur na gceisteanna gramadaí, foghraíochta, canúineolaíochta, srl. Tá a fhios Aige dá bhrí sin go bhfuil an chuid is mó de na 'críostaithe' le cartadh ar an gcarn corp in Ifreann bhfuar na leac!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7718
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 06:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfaca tú an cruthú le linn na seachtaine san Irish Times go bhfuil Ifreann reoite cheana?

http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2008/1114/1226408633848.html


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 168
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 07:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An-mhaith. Ní fhacas é sin.

Is cosúil go raibh íochtar an domhain níos túisce ar an tuiscint go raibh an reo san ar siúl leis na céadta bliain, d'ainneoin 'infernus' a bheith chugainn as an Laidin mar ainm ar an áit.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 2558
Registered: 01-2005


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 08:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Gaeilg oirthuaisceart Chonnacht amháin atá ag Dia.



á, an dtearr tú comhrádh Leis ar na mallaibh? :-)

quote:

Ag Dia amháin atá a fhios cé tá le slánú i ndiaidh chur >na gceisteanna gramadaí, foghraíochta, canúineolaíochta, >srl.



Is amhlaidh is fearr é. Seans go rachaidh mé 'na bhFlaitheas, mar sin :-)


quote:

An bhfaca tú an cruthú le linn na seachtaine san Irish >Times go bhfuil Ifreann reoite cheana?

>http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2008/1114>/1226408633848.html




I mbéaloideas na Briotáine, deirtear leis na céadta blian go bhfuil an t-ifreann fuar, "an ifern yein" a bheirtear air (sin "an t-ifreann fuar").

(Message edited by Lughaidh on November 19, 2008)

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4293
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, November 19, 2008 - 10:02 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Ní Dá thréad éinne a scríobhann i mBéarla, ar shuíomhanna dátheangacha Gaeilge, ach oiread

“Is iomaí áras i dteach m'Athar.” Ceann do na FíorGhaeil, ceann do na BreacGhaeil, ceann do na “turasóirí cultúir”, agus mar sin de. B'fhéidir gur cruinní comhthreomhara atá iontu!

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7728
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, November 20, 2008 - 06:12 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scéal grinn a ritheann liom.

Tá Peadar ag léiriú na Flaithis do Naomh nua, a bhaineann le hEaglais X. Tá siad ag dul thar Áras áirithe. Bí ana chiúin anois, arsa Peadar - seo áit lucht Eaglaise Y - creideann siad nach bhfuil sna Flaithis ach iad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 170
Registered: 06-2008
Posted on Thursday, November 20, 2008 - 06:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An-deas a Aonghuis.

Sin iad dream an Bhéarla in Eaglais Y!



©Daltaí na Gaeilge