Author |
Message |
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 344 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 09:17 am: |
|
Tháinig mé ar leabhar nua le déanaí faoi Ghaeilge Oileán Reachlann: "Dhá Scéal Reachlann agus Eile" ó Coiscéim. An-spéisiúil ar fad nó tá na scéaltaí scríofa i nGaeilge an oileáin agus fosta sa Chaighdeán Oifigiúil agus i nGaeilge na hAlba. Tá sprioc an tsaothair suimiúil chomh maith mar tá an t-údar ag iarraidh cur leis an droichead tuisceana idir Gaeil na hÉireann agus na hAlba. Gach rath ar a chuid iarrachtaí! |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 154 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 09:50 am: |
|
Is maith do scéala a Airde, grma. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 233 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 09:58 am: |
|
Maith thú! Caithfidh go bhfuil an canúint sin cosúil leis an Ghaeilge na hAlban, 90% a déarfainn. An scríobhfaidh tú cúpla nótaí domh fán chanúint sin? GRMA! gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2552 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 10:23 am: |
|
Deireann cupla scoláire gur canúint Albanach atá inti, agus aontam leis sin : tá sí i bhfad níos cosúla le Gaeilg na hAlbana ná le cionn na hÉireann. Rinn Holmer staidéar ar a' teangaidh sin: Holmer, Nils 1942. ‘Irish language in Rathlin Island’. Royal Irish Academy. Todd lecture series 18. Tá fótachóip agamsa don leabhair sin (gidh nach bhfuil 's agam cár chuir mé í!) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 345 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 11:21 am: |
|
Tá an chanúint spéisiúil gan amhras ach ní dhéarfainn go bhfuil sí 'Albanach'. Tá Reachlann suite in Éirinn agus bhí leanúnachas tuisceana ann i gcónaí idir muintir an oileáin agus na Gaeil eile thart orthu, bíodh sin i gcontae Aontroma nó Alba. Cuirfidh mé sliocht nó dhó anseo nuair a bhíonn an t-am agam ach is fianaise den scoth iad na scéaltaí seo ar cé chomh gar dá chéile is atá an dá chineál Gaeilge. Ciarán Dunbar is ainm don eagarthóir agus creidim go mbeidh seoladh oifigiúil ann sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn seo. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 156 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 12:47 pm: |
|
Déarfainn féin go raibh a Airde, canúint na hAlban i dtreis ar an oileán, ón méid a chuala den chaint ar an raidió. Is cuimhin le cuid againn Proinsias Ó Conluain ag míniú an dóigh nár thug sé brí na cainte leis nuair a thaifead sé fear de bhunadh Creag ar an oileán. Bha, rinn mi, gu tric is mar sin de, a bhí acu. Áiríodh Reachlainn i measc na 'Scottish points', uimhir 67, ag LASID. Díothaíodh bunadh an oileán faoi dhó, scon scan. Sa séú aois déag agus sa seachtú aois déag. Muintir na hAlban a bhog isteach ann i dtosach, roimh mhuintir na hÉireann, agus ba í canúint na hAlban a glacadh ar taifead san oileán an chéad so caite. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2553 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 02:27 pm: |
|
quote:Tá an chanúint spéisiúil gan amhras ach ní dhéarfainn go bhfuil sí 'Albanach'. Tá Reachlann suite in Éirinn agus bhí leanúnachas tuisceana ann i gcónaí idir muintir an oileáin agus na Gaeil eile thart orthu, bíodh sin i gcontae Aontroma nó Alba. Dá mbeadh an scéal gomh simplí sin, deirfí gur chanúint don Spáinnis í an Chatalóinis, ó tharla go labhartar sa Spáinn í... I Reachlainn deirtear: bha in áit bhí chan eil in áit níl an-diugh in áit inniu mi in áit mé usa in áit tusa fhuair e in áit fuair sé tá 'n chuid is mó do na focla san iolraidh le -an sa deireadh (mar in Albain, rud nach bhfaghthar i nGaeilg na hÉireann), srl. Mar a d'úrt Trigger: 90% Albanach (agus níos mó féin, b'fhéidir !) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 346 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 06:37 pm: |
|
Ar ndóigh glacaim leis na pointí údaí ach, do mhuintir Reachlann, teanga amháin a bhí inti, cuma an in Éirinn nó in Alba a bhí tú. Agus dúradh/deirtear 'chan eil' i gcuid mhór áiteanna ar fud chúige Uladh, agus sílim go raibh idir 'mé' agus 'mi' acu i Reachlannn. Ní raibh a fhios agam go raibh an Chatalóinis á labhairt sa Spáinn ;-) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2556 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 08:07 pm: |
|
Chan "chan eil" a deirtear sa chuid is mó d'Ultaibh, ach "chan fhuil" (n leathan). Ach le fírinne, tá "níl" i bhfad níos coiteanta ar fud Ghaeltacht Uladh, ins na háiteacha ar minice a úsáidtear "cha" féin. Mar shompla, go bhfios domh, i nGaoth Dobhair, i gCloich Cheannaola, i dToraigh, deirtear "níl" níos minice ná "chan fhuil", gidh go n-úsáidtear "cha" an chuid is mó don am roimhe achan bhriathar eile. Maidir le "mé", is dóigh liom, mar a d'úrt tú, go bhfuil eadar "mé" agus "mi" acu i Reachlainn. Ach ní dóigh liom go bhfaghthar "mi" in áiteacha eile d'Ultaibh... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|