mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (November-December) » Archive through November 19, 2008 » Cén Gaeilge atá ar an Rapture? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7630
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 06:42 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceist a chuir Dennis i snáth eile, ach atá anois báite sílim.

Mhol mé Deastógáil ar dtús, (cf an ceathrú Rúndiamhair Glómharach den Phaidrín) ach, mar a dúirt Dennis ní hionann go baileach Assumption agus Rapture.

Tá "Néal" mar aistriúcháin ar an mothú Rapture ag de Bhaldraithe.

Mar sin, táim ag moladh "Néaltógáil"

Anois, agus an spraoi tosaithe, an bhfuil aon nath eile is fiú a Ghaelú?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 79
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 12:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nó "Néalghabháil" b'fhéidir?

"Bhí siad néalghafa le cráifeacht."

(Arís: An é an cineál codlatach nó an cineál sceitimíneach den fheiniméan atá i gceist?)

Tá "Támh" agus "Támhnéal" ann freisin agus an cineál codlatach á chur in iúl acu.

(Message edited by ormondo on November 05, 2008)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7631
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 01:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Meascán den tógáil tobann ar neamh, agus sceitiminí dá bharr, má thuigim an foirceadal i gceart.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 897
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 01:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Tógáil na Naomh" nó "an Tógáil" a thabharfainn féin air. Séard a thuigim féin leis raptura litriúil na Laidine .i. tógáil nó fuadach. Níl baint aige leis na mothúcháin ar chor ar bith, más codlatach más sceitimíneach.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 80
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 01:27 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Más amhlaidh atá sé, bheadh "Néaltógáil" (Néalthógáil?) oiriúnach dó, ar aon nós.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 81
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 01:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Leid ó theanga eile: "Himmelfahrt" a chuirtear air sa Ghearmáinis = Turas ar Neamh / Turas chun Neimhe. Agus gan mhothúchán ar bith!



(Message edited by ormondo on November 05, 2008)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7632
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 02:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Hmm. Cheap mé gur le Críost amháin a bhain Himmelfahrt. Tá le tuiscint ó fahrt gur gníomh atá i gceist, seachas rud a tharlaíonn do dhuine.

Deasgabháil atá ar Himmelfahrt Chríost.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 82
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 02:37 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá Mariä Himmelfahrt agus Christi Himmelfahrt araon ann sa Ghearmáinis.

B'é ceann scríbe an turais ná a bheith "Ar dheis lámh Dé", nach ea? Agus is é an Deis Dé ceann scríbe de ghach tógáil den chineál sin, measaim.

Is é sin an chiall do "D(h)eas" san fhocal "Deasgabháil", dár ndóigh, nó an bhfuil ciall eile ag baint leis?.

Chiallfadh sin gur gníomh glan, saor ó mhothúchán agus ó bhail ar bith, a bheadh i gceist.

(Message edited by ormondo on November 05, 2008)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7634
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 03:44 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fíor dhuit. Agus ó scríobh mé an méid thuas rith an nath Himmelfahrtskommando liom.

Gníomh atá i gceist, mar a dúirt Abigail, ach mothaíom go bhfuil tógáil leis féin ró lom.

Deaschabháil atá ag an Dálach ar Ascension, ach gan aon sanasaíocht leis. Maith a shamhlaíodh mise riamh leis, abhail deaslabhartha 7 rl.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 899
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, November 05, 2008 - 04:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá "freasghabháil" sa tseanlitríocht dhiaga chomh maith (ag tagairt do Chríost i gcónaí, fearacht "deasghabháil".)

Fuair mé tagairt amháin ón naoú haois déag do "suas-thogbháil" Mhuire, é á úsáid le hais "deasgabháil" Chríost.
Tá trácht i mBíobla Bedell ar Dhia, "noch fhéudas bhur dtógbháil suás, agus oighreachd do thabhuirt díbh a bhfhochair na nuile náomh", agus ar an uair a rinne sé "Elias do thógbháil súas go neamh lé sidén gaoithe."

"Suastógáil" mar sin, meas tú?


(Message edited by abigail on November 05, 2008)

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7637
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, November 06, 2008 - 05:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá sin go maith. Thaithin an t-imeartas focail i Néaltógáil liom - seans go bhfuilim Pratchettáilte!



©Daltaí na Gaeilge