quote:is more correct on historical grounds
Ar mhiste leat, a dhuine gan ainm, é sin a mhíniú dom... i nGaeilge, le go dtuigfinn? Is féidir go bhfuil an ceart agat. Níl a fhios agam. Agus ar an drochuair, níl a fhios agam cé thusa ach oiread. Is deacair domsa rud ar bith a phlé le duine gan ainm gan aghaidh. Ach má tá an Ghaeilge agat, éistfidh mé leat go fonnmhar.
Tá an focal "sínte" agam, ceart go leor, mar aidiacht bhriathartha ("sínte ar an lár") agus mar ghinideach an ainmfhocail bhriathartha ("lucht sínte láimhe" agus -- is ceann deas é seo -- "gan fear mo chaointe na mo shínte le fáil"). Tá a fhios agam go maith go bhfuil "sínte fada" le fáil ar fud an idirlín. Ach is fearr liom "síntí fada" mar (1) tá sé in Ó Dónaill, agus (2) -- an rud is tábhachtaí ar fad -- tá sé ag a lán lán daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu ... agus atá beo fós agus ag scríobh sa teanga.