Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4238 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 01, 2008 - 06:53 pm: |
|
Bíonn púca na h-adharc ag chuile dhuine, gan dabht, agus bête noire acu siúd atá níos cosmopolite. Mo cheannsa, san áit seo ar aon nós, ná na daoine atá ar bheagán Gaeilge a bhfuil deamhan ina mbolg a thugann orthu a mbarúlacha leadránacha faoin teanga bhocht seo a roinnt linn i mBéarla. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4240 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 01, 2008 - 08:07 pm: |
|
Mo leithscéal! Sciorr mo mhéar. Scríobh mé "na h-adharc" in áit "na n-adharc". Bíonn níos mó ná adharc amháin ar an bpúca seo i gcónaí. Leis an toghchán ag teannadh orainn, tá ar a laghad ocht n-adharc ar mo phúca féin inniu, agus is cinnte go mbeidh níos mó air faoi lá na cinniúna! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 185 Registered: 11-2005
| Posted on Saturday, November 01, 2008 - 11:27 pm: |
|
De réir Dennis ní ligtear do dhaoine a "mbarúlacha leadránacha" (i.e. ní aontuigheann sé leo) a chur i n-iúl nó go bhfuil Gaedhilg líomhtha ar a dtoil acu. B'fhéidir ná fuil an ceart agam ach shíleas go raibh an fóram seo (a) dá-theangach & (b) le haghaidh foghlaimeoirí. PS. This little bit of Sacsbhéarla will, I hope, spare me your usual patronising little "I'm pleased I inspired you to write that in Irish" message :) Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha!
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 126 Registered: 05-2008
| Posted on Saturday, November 01, 2008 - 11:50 pm: |
|
Damn it James you should have written that bit of English in italics to make it socially acceptable. ;-) |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 140 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, November 02, 2008 - 01:52 pm: |
|
Is é mo thuairim go raibh an ceart ag cailín a scríobh aon uair amháin ar an gclár so roinnt míonna ó shoin is a mhaígh gur mó dochar don Ghaeilg ná a dhath atá dá dhéanamh ar an gclár so. Tá an clár ag brath ar an dream a scríobhfas air. Is féidir leo maith nó dochar a dhéanamh agus Gaeilg an chomhluadair a chur chun cinn nó a mhalairt. Tá dualgas ar an bhfoghlaimeoir imeacht tríd an mbunchur chuige go scafánta, a chur uaidh agus a bheith istigh ag feidhmiú mar bhun-Ghaeilgeoir i méid áirithe ama. Ar bhealach, soláthraíonn clár mar so an deis do dhuine fanacht laistíos den bhunchur chuige ar nós torbáin, faiteach nó scanraithe roimh an tomadóir mór i linn uisce. Seachnóidh sé an ghrian a thabharfadh misneach agus teas dó is a chuirfeadh borradh mar ba cheart faoi. Claochlú consan, athruithe tosaigh, síneadh fada, agus ainmhithe aduana eile na Gaeilge, is mó de bhagairt iad ná de dheis dul chun cinn, dar leat ar sciuird isteach faoi cheisteanna an chláir seo. Fanaimis dall le chéile agus cothaímis a chéile i bhfaitíos na n-ainmhithe aduana! Tá áit eile gur féidir fanacht dall ar an gclár so. Ionad an eolais. Tá roinnt a ghlacfas a leagan féin eolais, ó mhúinteoir, ó chainteoir dúchais, ó dhuine i réimse acadúil nó as leabhar srl. Ní féidir le múinteoir, le cainteoir dúchais, le duine as réimse acadúil éigin, ná ní féidir le leabhar a bheith contráilte ar ghné aduain éigin, nó an bhfuil tú a rá liom go bhfuil An tUasal .... contráilte! Bheartaigh mé méid áirithe a rá in amanna anso agus méid áirithe eile a fhágáil ar lár mar nach raibh an intinn eile ar oscailt is réidh chun glacadh leis an tuairim nach réiteodh leis an tuairim choiteann. Ciallaíonn 'coiteann', an tuairim a bheadh thuas ar shnáithe abhus. Castar daoine liom ag comhdháil, ag tionól nó sa saol a bhfuil intinn ar oscailt i dtólamh acu. Dá aduaine, dá mhéid imeacht ón tuairim choiteann, is mó am a chaithfidís á mheá, bíodh sé ina réamhfhocal i mír sa logainm nó cibéard. Is fearr an foghlaimeoir maith a mholadh agus a chothú le heolas ná uaireanta fada a chur amú leis an té nach bhfuil réidh le réim na buntuairimíochta Gaeilge a fhágáil ina dhiaidh go sciobtha is a ghabháil chun tosaigh. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 75 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, November 02, 2008 - 02:04 pm: |
|
Dúcheist: Cad is Gaeilgeoir cathaoireach boige ann? Níl a fhios agam féin ach cuirfidh mé tomhas amach dá ainneoin sin: Duine, b'fhéidir, a bhaineann taitneamh as a bheith ag caint faoin nGaeilge ach amháin trí Bhéarla? Más fíor é sin, b'fhiú ó am go céile aire a thabairt don chontúirt chéanna - mar is cinniúint uafásach í don fhíorGhaeilgeoir! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4241 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, November 02, 2008 - 09:17 pm: |
|
quote:pleased I inspired Inspired? Inspired?!? I bhfad uainn an drochrud! "Provoked" an focal is túisce a thagann chun cuimhne sa chomhthéacs sin. ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
|