Author |
Message |
Seán Ó hEathaírn
| Posted on Tuesday, July 13, 1999 - 11:02 pm: |
|
Cad iad na foirmeacha den bhriathar seo, san aimsir chaite, a úsáidtear sna Gaeltachtaí? A bhfuil sé ceart a rá: Níor chuaigh - Ar chuaigh" GRMA. Seán |
|
Máire Ní Ógáin
| Posted on Wednesday, July 14, 1999 - 04:54 am: |
|
"Ní dheachaigh" agus "An ndeachaigh" na foirmeacha cearta. Deir muintir Thír Chonaill "Cha" in áit "Ní" go minic agus tá "Cha ndeachaigh" agus "Cha deachaigh" cloiste agam chomh maith, ach ní scríobhtar iad. |
|
Hilary Sweeney
| Posted on Wednesday, July 14, 1999 - 10:40 am: |
|
Sa cúige mumhan bionn sé ceart go leor usáid a bhaint as 'Nior chuaigh' agus 'Ar chuaigh' i gcómhrá agus is minic a cloistear iad.....ach mar a deir Máire is 'Ní dheachaigh' agus 'An ndeachaigh' na foirmeacha cearta sa chaighdeán. |
|
Seán Ó hEathaírn
| Posted on Wednesday, July 14, 1999 - 07:43 pm: |
|
GRMA a Mháire agus a Hilary. Is Muimhneach mé féin agus 'níor chuaigh' a dúirt mé ariamh ach níorbh fhéidir liom teacht ar an bhfoirm sin i leabhar gramadaí ar bith. Bhfuil fhios agat, Hilary, a bhfuil an fhoirm eile le cloisint in aon áit sa Mhumhan. Le meas. Seán |
|
Máire Ní Ógáin
| Posted on Thursday, July 15, 1999 - 06:37 am: |
|
Gabhaim mo leithscéal, a Sheáin, rinneas dearmad a rá leat cé go bhfuil "Cha ndeachaigh" agus "Cha deachaigh" cloiste agam, "Cha dheachaigh" an leagan ceart má táthar chun "Cha" a úsáid in aon chor. Arís, ní minic a scríobhtar é. |
|
Hilary
| Posted on Thursday, July 29, 1999 - 02:58 pm: |
|
Is i an fhoirm ón gcaighdeán a usáidtear sna scoileanna i ngach aon áit sa Mhumhan anois. B'fhéidir go bhfuil an fhoirm eile coitianta sa chaint sa Ghaeltacht fós? ach, os a choinne sin, b'fhéidir nach bhfuil sí ag imeacht anois. Níl a fhios agam. |
|
ZOE Unregistered guest
| Posted on Wednesday, April 27, 2005 - 10:32 am: |
|
CAILLTEAR BO' AN TSEACA NUAIR A BHLEANTAR BO AN TSNEACHTAR. STEIDHICTHE AIR AN LEABAR AINMAIEL 'THE WAY THINGS WORK' CUIDICHIDH NA PROGRAMAN SEO SGOILEARAN GUS TUIGSE FHAIGHINN AIR PRIONNSABIL ZOE |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 501 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 28, 2005 - 05:11 am: |
|
It's like with the following in English: I should have gone home. I should have went home. I say the latter, even though I know it's "incorrect". "should have gone" isn't natural to me. But... if I was writing ( or "If I were writing..." ) a formal or professional docket, I'd use "should have gone". I've heard that in Donegal they say: Níor chuaigh sé Dúirt sé gur chuaigh sé ( this makes me think of an English friend I have who says: You was looking at her, man. But I'd say he writes "You were"... |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 502 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 28, 2005 - 05:12 am: |
|
One more thing, there's also another verb "téigh" which means "to heat up": Théigh mé an t-uisce = I heated the water Téann sé an t-uisce Téifidh sé an t-uisce |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1308 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 28, 2005 - 06:29 am: |
|
FnaB! Féach cá bhfuil tú! Ag brú an sacs bhéarla orainn arís? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 503 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 28, 2005 - 09:00 am: |
|
Tá brón orm! Is minic gur sa chuid Béarla den fhóram go bhfeicim teachtaireachtaí mar sin... dheiseoinn mo nótaí thuas ach tá sé ró-dhéanach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1309 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 28, 2005 - 09:04 am: |
|
Sin mar a bhíonn sé! Seans go mba cheart dúinn iarraidh ar Chaoimhín dath cúlra eile a thabhairt don gcuid seo? |
|