mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (November-December) » Archive through November 04, 2008 » I m'Aonar Seal ...le gluais « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 54
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, October 25, 2008 - 05:08 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bainigí taitneamh as an dán clúiteach seo (arís)!


I m'Aonar Seal
(Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin)

I m'aonar seal ag siúl do bhíos
i dtús an oíche i ngaorthadh ceoidh,
le m' thaobh gur dhearcas fionnríon
'om ionsaí go séimh ar seol.
A céibhe ar fad 'na búclaíbh
ag tabhairt síos ar scéimh an óir
go craobhach casta ciumhais-bhuí
‘na fonsaíbh go béal a bróg.

Ba mhaorga mhaiseach mhúinte í,
ba chiúin í, ba shéimh a cló,
ba chaomh a dreach is a súil ghrinn
mar dhrúcht ghlinn ag déanamh spóirt,
a déid mar chailc ina dlúth-chíor
gan smúit bhí go néata i gcóir
is a haolchorp seascair súch síoch
nár dlúthaíodh le chéile fós.

Táid caora is sneachta ar lúth shíor
ina gnúis mín ba mhaorga mhodhúil,
a héadan leathan úr, maím,
gan smúit puinn go séanmhar sóch.
Ba chaol a mala dhlúth-chaoin
is a leabhair-phíp mar ghéis ar seol,
is a béilín blasta búch binn
ceansa nár thaobhaigh móid.



Mo mhana an lae: Ní bhíonn taitneamh gan tuiscint.

Gluaisín
gaorthadh, Cumar coillearnach (Wooded river valley)
céibhe:ciabh, Folt, gruaig (Hair; tress)
búcla, Ringlet.
craobhach, Flowing, spreading
fonsa, Ring.

maiseach: maisiúil, Decorative, beautiful; elegant; becoming, comely
caomh, 1. Dear, gentle. 2. Mild, pleasant. 3. Lovely, smooth
dreach, Gnúis (Facial appearance; look, expression, aspect)
grinn, Perceptive, discerning; clear
glinn, Clear, distinct, vivid
déad, Fiacail (Tooth.)
aolchorp, White body. aol- 1. Lime. 2. (Lime-)white.
seascair, Cosy, snug; in comfortable circumstances.
súch: súmhar Juicy, succulent.
síoch: sítheach Peaceful, harmonious

mhodhúil, Gracious, mannerly
sóch, Comfortable; luxurious.
leabhair, Long and slender; lithe, supple
píp:píb Muinéal (neck)
géis, Eala (swan).
búch, Tender, gentle, affectionate.


Tá leagan den amhrán agus é á chanadh ag Seán Ó Sé ar fáil faoin nasc a leanas: http://www.rte.ie/radio1/scribhneoiri/1195689.html (Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin - ó thús an tríú triain den chomhad fuaime).

Mar is eol, dár ndóigh, do roinnt agaibh cheana féin, b'é siúd clár leis an dteideal "Scribhneoiri Faoi Chabidil" le Alan Titley a chraol RTE 1 (!) im mbliana.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge