Author |
Message |
Susan Ní Bhrudáir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, October 16, 2008 - 01:01 pm: |
|
Hey! I'm wondering if anyone can help me out! I need to know what the translation is for "Everyone Has The Right to Take Part in their own Government". I need it for a C.S.P.E project, A.S.A.P! Go raibh Míle Maith Agat! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4196 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 12:13 am: |
|
Tá cead ag chuile dhuine páirt a ghlacadh ina rialtas féin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4198 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 08:56 am: |
|
On second look, "ceart" might be better here than "cead". Tá ceart ag chuile dhuine páirt a ghlacadh ina rialtas féin. "Tá ceart acu-san a dtuairim a bheith acu agus tá ceart agam mo thuarim féin a bheith agam," mar a dúirt Éamon Ó Cuív. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7603 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 10:42 am: |
|
Is fearr liomsa: Tá sé de cheart ag gach aoinne páirt a ghlacadh ina rialtas féin. Ón mBunreacht: quote:Airteagal 2 Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal, agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann quote:Airteagal 6 Is ón bpobal, faoi Dhia, a thagas gach cumhacht riala, idir reachtaíocht is comhallacht is breithiúnas, agus is ag an bpobal atá sé de cheart rialtóirí an Stáit a cheapadh, agus is faoin bpobal faoi dheoidh atá gach ceist i dtaobh beartas an Náisiúin a shocrú de réir mar is gá chun leasa an phobail. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4200 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 01:02 pm: |
|
Is fearr sin gan dabht! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Susan Ní Bhrudáir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 05:10 pm: |
|
Thanks! Actually, there's something else i'd like to know. When I went to an Irish College, the Bean an Tí would say oíche maith ( good night) and she'd also say somthing like coladh sámh. Does that mean sound sleep or something??? |
|
Susan Ní Bhrudáir (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 07:59 pm: |
|
Go raibh míle maith agaibh, Aongus agus Dennis! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4204 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, October 17, 2008 - 11:58 pm: |
|
"Oíche mhaith", a dúirt sí, agus "codladh sámh". Is ionann sin agus "sleep well" nó "sleep tight (and don't let the bedbugs bite!)". Focal ar fhocal, "restful sleep" nó rud éigin mar sin. Fáilte romhat anseo! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
déiri.. (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, October 18, 2008 - 12:05 am: |
|
"coladh sámh" sleep well, nó sweet dreams mar sin é |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 46 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, October 18, 2008 - 02:15 pm: |
|
quote:na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí An féidir leagan ciotach den chuid seo a chumadh? Céard faoi "...na hÉireann, a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí di..."? Is é atá i gceist agam ná modh léiriúcháin ar an gclásal coibhneasta neamhdhíreach dearfa. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4206 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, October 18, 2008 - 07:22 pm: |
|
quote:"...na hÉireann, a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí di..."? Ós "ar a n-áirítear" atá againn thuas, nach é an forainm réamhfhoclach "uirthi" atá ag teastáil anseo in áit "di"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 47 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, October 19, 2008 - 10:28 am: |
|
Tuigim. Ach céard faoi "lena n-áirítear"? I dtéacs oifigiúil eile d'aimsigh mé a leanas: "torthaí clochacha, aibreoga, péitseoga, lena n-áirítear neachtairíní" Má scairtear na clásail óna chéile (agus is dócha - tar éis dom sracthéachaint bhreise a thabhairt air - go bhfuil an clásal coibhneasta ag tagairt do "oileán"): Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann: áirítear a oileáin agus a fharraigí air Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann: áirítear a oileáin agus a fharraigí leis Nach bhfuil cuma cheart ar gach aon acu? Mar sin de, cad mar gheall ar an leagan seo: Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí leis? An bhféadfainn a rá go bhfuil an leagan seo ceadmhach ar aon nós: Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí air? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7610 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, October 19, 2008 - 03:59 pm: |
|
áireamh atá i gceist anseo. cf cur san áireamh Is dóigh liom gur "leis" a bheadh i gceist nuair is cuid atá i gceist, agus "air" nuair is rud laistigh d'aicme atá i gceist. i. Áiritear Ormondo ar Ghaeilgeoirí na Gearmáine ach Áiritear an ceannlíne lcim anois go bhfuil an braeis an alt nuachtáin Ach feicim anois go bhfuil mo bharúil ag teacht salach beagán leis an téacs bunreachta thuas. Beidh orm mo mharana a dhéanmah air níos faide! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7611 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 20, 2008 - 08:19 am: |
|
N'fheadar an bhfuil an smaoineamh cheart agam, ach é droim ar ais? i. Áiritear Ormondo le Ghaeilgeoirí na Gearmáine ach Áiritear an ceannlíne ar an alt nuachtáin |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 48 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, October 23, 2008 - 03:06 pm: |
|
De réir dealraimh is féidir an dá leagan a úsáid. Tar éis an tsaoil is mór an meas atá ag an Ghaeilge ar an focal "ar". Ach má cheadaítear mo dhuine siúd "ar" ba chóir a bheith ar d'aire ar an bhfocal gaisteach! Samplaí dúcheisteacha go leor iad seo má léitear go tapa iad: D'áiríodh an fear ar chór a chlainn. D'áiríodh an fear ar chór a chlann. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|