Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4173 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 09, 2008 - 06:31 pm: |
|
Tá an scéilín Sean-Ghaeilge Tríar Manach le fáil ar an idirlíon anois, i nGaeilge, i bhFraincis, agus i mBéarla: http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ga/ http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/fr/ http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/en/ This is very likely the oldest surviving "scéal grinn" or joke in Ireland. Tá mé réasúnta cinnte go bhfuil botúin chló agus eile sna leaganacha seo fós. Déanfaidh mé mo dhícheall iad a cheartú chomh luath agus is féidir. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 118 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, October 09, 2008 - 07:11 pm: |
|
An-mhaith a Dennis, is mór an gar do shaothar go léir. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4177 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, October 09, 2008 - 08:33 pm: |
|
Is mór agam do mholadh, a Sheosaimh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7591 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 10, 2008 - 05:57 am: |
|
Seod, a Dhennis, seod! |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 40 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, October 12, 2008 - 03:21 pm: |
|
Seoid, go deimhin, agus scoth an léinn atá curtha ar fáil agat dúinn! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4185 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 12, 2008 - 04:09 pm: |
|
Tá na suímh seo lonnaithe ag Sabhal Mór Ostaig, mar a bhfuil sos acu an tseachtain seo. Tá Caoimhín, atá i bhfeighil an listserver ansin, as baile, ar chúrsa fidléireachta. Tá an leagan Spáinnise den suíomh agam cheana féin, agus beidh leagan Gearmáinise agam roimh i bhfad -- le cúnamh Dé agus le foighne an diabhail! -- ach ní bheidh siad ar fáil go ceann seachtaine nó mar sin. Agus tá botúin le ceartú: "pêché" in áit "péché" sa leagan Fraincise, mar shampla. Pé scéal é, tá áthas orm gur maith leat é! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aaron
Member Username: Aaron
Post Number: 134 Registered: 04-2005
| Posted on Sunday, October 12, 2008 - 04:28 pm: |
|
An-mhaith! It looks like there is a typo: "Thus is was for another year." I'm guessing this is "Thus it was for another year."?? FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4186 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 12, 2008 - 05:15 pm: |
|
Well spotted, Aaron. Go bhfága Dia do radharc agat! Cuirfidh mé ar an bhfix list é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4208 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 21, 2008 - 03:46 pm: |
|
Tá Tríar Manach ar fáil ina iomláine i nGearmáinis agus i Spáinnis anois: http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/de/ http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/es/ Beidh leagan Rúisise ar fáil go luath freisin, a bhuí le Peter s'againne! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4213 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, October 25, 2008 - 10:43 am: |
|
Tá an suíomh ar fáil i Rúisis agus i nGaeilge na hAlban anois. The site is now also available in Russian (GRMA, Peter!) and Scottish Gaelic: http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ Coming soon: Welsh, Cornish, Breton "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 135 Registered: 06-2008
| Posted on Saturday, October 25, 2008 - 11:29 am: |
|
Is mór an gar na haistriúchán, a Dennis, don saol Fódlach agus don saol foghlach (.i. the big bad world) araon. |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 844 Registered: 06-2007
| Posted on Saturday, October 25, 2008 - 04:08 pm: |
|
Anois, is féidir liom an t-alt a thabhairt don mo bhean chéile! |
|
déiri.. (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, October 25, 2008 - 05:54 pm: |
|
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4214 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 26, 2008 - 11:05 am: |
|
Whoa! Tá sé sin ar fheabhas, a Dhéiri! An mbeidh mé in ann é a úsáid ar shuíomh tanáisteach atá ar na bacáin, gan an pictiúr a chur ar fáil saor in aisce don saol mór, ar ndóigh? Séard a bheas ar an suíomh eile seo ná aistriúcháin den scéilín féin go teanga "neamhghnácha". Tá leagain i Laidin agus i Sanscrait agam cheana féin agus tá súil agam go mbeidh aistriúchán Sean-Bhéarla agam roimh i bhfad. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 56 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, October 26, 2008 - 01:16 pm: |
|
tanáisteach? tánaisteach? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 87 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, October 26, 2008 - 03:27 pm: |
|
LOL, there's a similar story back here, that goes, Two men (apparently from Häme) went hunting for mooses. After waiting to the nightfall, they only had seen a shadow of an animal, but they had no good sight, so they didn't shoot. One said to the other: I'm sure it was a moose. At the next nightfall, they'd had no sightings. The other man said: It could have been a bear too. The next morning, the second guy wakes up and finds a note from the first guy: "I went home because we had an argument." (Message edited by curiousfinn on October 26, 2008) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4217 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 26, 2008 - 06:51 pm: |
|
quote:tanáisteach? tánaisteach? An ceart fad agat. Sciorradh méir a bhí ann. Tá súil ghéar agat, bail ó Dhia ort. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4218 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, October 26, 2008 - 07:02 pm: |
|
quote:there's a similar story back here Beidh leagan Eastóinise den suíomh ar fáil go luath. Fuair mé an téacs ó chara liom in Tallinn inniu. Tig leis Fiolainnis a thuiscint, ach níl a fhos agam an féidir leatsa Eesti a léamh. (Estonian translation of the site coming soon!) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
déiri.. (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, November 01, 2008 - 10:09 pm: |
|
scríobh donncha: "An mbeidh mé in ann é a úsáid ar shuíomh tanáisteach atá ar na bacáin, gan an pictiúr a chur ar fáil saor in aisce don saol mór, ar ndóigh? Séard a bheas ar an suíomh eile seo ná aistriúcháin den scéilín féin go teanga "neamhghnácha" " donncha...gabh mo leithscéal, ach ní thiugim ro mhaith é seo... agus, grma! ("Tá sé sin ar fheabhas") go dté tú an céad! |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 101 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, November 09, 2008 - 10:16 pm: |
|
A Dhennis, You asked me for a translation. I think I'm still best off doing it based on the English translation... ----------- Three monks turned their back on the world. Kolme munkkia käänsi selkänsä maailmalle. They go into the wilderness to recall their sins before God. He menivät erämaahan sovittamaan syntinsä Jumalan edessä. They did not speak to one another for the space of a year. He eivät puhuneet toisilleen vuoteen. Then one of the men said to another at the end of the year, “We are well,” said he. Sitten eräs sanoi toiselle: "Meillä on hyvin." Thus it was for another year. Kului toinen vuosi. “It is well indeed,” said the second man. "Totta, meillä on hyvin," sanoi toinen. They were there after that for another year. Kolmaskin vuosi kului. “I swear by my habit,” said the third man, “if you do not allow me some quiet I will abandon the wilderness entirely to you!” "Sanonpa vain," sanoi kolmas, "jos te ette voi olla hiljaa, jätän koko erämaan teille kahdelle." ------------- There you are, it's not 100% literal, but should carry the message over. (Message edited by curiousfinn on November 09, 2008) |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 327 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, November 10, 2008 - 10:52 am: |
|
Is feirmeoirí Astrálaigh atá i gceist sa leagan atá aithne agam air: "Maith an barr cruithneachta i mbliana," arsa an chéad feirmeoir. (Caitear nóiméid.) "B'é eorna, níorbh é?" arsa an dara feirmeoir. (Caitear a thuilleadh nóiméid.) "Má bhíonn sibh beirt ag argóint, raghadsa," arsa an tríú feirmeoir. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4273 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 10, 2008 - 10:57 am: |
|
Ar fheabhas, Jussi. Go raibh míle maith agat! One small thing, however: the English version here is not 100% correct now, and I will be correcting it on the web soon, hopefully later today. It appears that the word "athgaira" in the MS is a corruption of "aithrige", or dative "aithrigi" (Modern Irish "aithrí"). That means changing the word "recall" to "repent", which is actually a better reading: They go into the wilderness to recall their sins before God. becomes They go into the wilderness to repent their sins before God. Can you make any needed change in the Finnish translation? GRMA arís! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 104 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, November 10, 2008 - 03:14 pm: |
|
Perhaps the translation might still stand... even better so. I was thinking that they must be regretting their sins and turning away from them, as the definition of "repent" would be... not going through them over again, as "recall" might imply. Perhaps even better, "He menivät erämaahan katumaan syntejään (ja hylkäämään ne) Jumalan edessä" or "He menivät erämaahan tunnustamaan ja hylkäämään syntinsä Jumalan edessä". YMMV. The last part of abandoning the wilderness entirely to the two, might be better like "...jätän teidät tänne kahden". the first line was translated literally, perhaps a good re-try would be "Kolme munkkia päätti vetäytyä kansan keskuudesta" or something similar. It works in the first form, but perhaps these changes enhance the result a wee bit. - Seán |
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 133 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, November 11, 2008 - 12:05 pm: |
|
I don't suppose you want a Lao translation... ? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4275 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 11, 2008 - 08:47 pm: |
|
Chuirfeadh aistriúchán go Lao gliondar ar mo chroí! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 134 Registered: 05-2008
| Posted on Tuesday, November 11, 2008 - 10:49 pm: |
|
Scríobhtar teanga na Lao le litreacha difriúla ná a úsáidtear le Béarla agus araile a scríobh. Ar fhormhór na ríomhairí ar domhan, ní féidir téacs Lao a thaispeáint toisc nach bhfuil na clónna cearta suiteáilte. Ach déanfaidh mé beagán taighde agus tiocfaidh mé ar ais chugat a chara. Thaitneodh le daoine na Lao go háirithe scéal faoi mhanachaibh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4277 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 09:21 am: |
|
Is fíor duit. Níl cló Lao ar fáil ar mo ríomhaire féin (iMac atá níos lú ná bliain d'aois), cé go bhfuil Thai ar fáil. Tá spás ann do Lao sa "character palette", agus do Khmer, Yi Syllables, Myanmar, Buginese (cad é sin?) agus Balinese sa roinn "Southeast Asian Scripts", ach níl aon cheann acu ar fáil fós. Tá a fhios agam go bhfuil Lao an-chosúil le Thai... ach is dócha nach ró-shásta a bheidís dá mbeadh téacs Lao scríofa san aibítir eile. Is féidir an t-aistriúchán Lao a chur ar an suíomh mar phictiúr (jpg, mar shampla), áfach. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 5 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 11:45 am: |
|
Suíomh breá é seo a Dennis. Ach, ar rud eile: Cad is brí le "Seod" mar a dúirt Aonghus? |
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 138 Registered: 05-2008
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 12:44 pm: |
|
quote:Tá a fhios agam go bhfuil Lao an-chosúil le Thai... ach is dócha nach ró-shásta a bheidís dá mbeadh téacs Lao scríofa san aibítir eile. Déarfainn féin gurb iad an teanga chéanna iad. Tá siad níos suimiúla le chéile ná atá Gaeilg na Uladh agus Gaoluinn na Mumhan! Tuigeann siad 95% a chéile. An t-aon difríocht amháin idir Lao agus Isan ná go scríobhtar Isan le haibítear na Téalainne! (Agus ag deireadh an tsaoil, níl an dá haibítear an-scartha óna chéile!) I dtuaisceart na Téalainne, labhraítear teanga a dtugtar "Isan" uirthi... ach sé an scéal grin ná gurb ionann í agus teanga na Lao! Thug na Téalanacha "Isan" uirthi le hiarracht a dhéanamh cur in iúl nach bhfuil an áit bainteach le Lao... ach tá fhios ag gach éinne gur teanga na Lao atá inti, tuigeann siad 100% a chéile. Chuaigh mise trasna an droichid go dtí "Isan" sa Téalainn agus níor thugas faoi deara difríocht ar bith ina gcuid labhartha! Ach i ndeisceart na Téalainne, labhraíonn siad go difriúil, deir siad "r" in ionad "l" an chuid is mó den am. quote:Is féidir an t-aistriúchán Lao a chur ar an suíomh mar phictiúr (jpg, mar shampla), áfach. Cén fáth nár smaoiníos-sa air sin ;-) |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 330 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 01:17 pm: |
|
Teanga na hIndinéise is ea an Bhuginese (Bhúguinis?). Ní raibh a fhios agam riamh go raibh scríobh áirithe acu. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4278 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 02:17 pm: |
|
Tá an scríobh sin le feiceáil anseo: http://www.omniglot.com/writing/lontara.htm Is deas an áis é Omniglot. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4279 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 02:31 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Ardrí! quote:Cad is brí le "Seod" mar a dúirt Aonghus? Is ionann "seod" agus "seoid". Focal suimiúil é seo, a théann thart i níos mó ná riocht amháin. "Seud" an chuma atá air i nGaeilge na hAlban, agus tá "séad" againn freisin (féach FGB). "Ó "sét" /s’e:d/ na Sean-Ghaeilge a tháinig siad seo uilig. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 331 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, November 12, 2008 - 03:19 pm: |
|
Ach, is cheana ar fhaca mé an scríobh san, agus gan a fhios agam go n-úsáidtear é chun an teanga so a scríobh! |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 890 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, November 13, 2008 - 09:28 am: |
|
Sa leagan Gaeilge: “Dar m’aibíd,” arsa an treas fear, “mura ligeann sibh ciúnas dom fágfaid mé an fásach uile daoibh!” Fágaidh http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ilteangach/ |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4280 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 13, 2008 - 11:02 am: |
|
quote:fágfaid mé an fásach uile daoibh!” Fágfaidh Ah. Botún cló eile. Go raibh maith agat, a Bhirn! Níl a fhios agam cé mhéad acu atá i bhfolach fós. :-\ Maidir leis an suíomh eile, an ceann ilteangach, níl sé réidh fós! NB: The "ilteangach" site is still under construction and not ready to be launched yet! Aon Ghaeilge ar "jump the gun"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 891 Registered: 06-2007
| Posted on Thursday, November 13, 2008 - 12:37 pm: |
|
Brón orm le mo dhaille; ní fhaca mé an f, mar ní deirim í san aimsir fháistineach, ach déan 'c'. Chomh maith, rinne mé dearmad bog. Labhraíonn mo chara Táidsíceastánach agus an Úisbéiceastáinis. Sheol mé scéala chuige ar Facebook (mar d'fhág sé chun Moscó, an mhí seo chaite, chuig jab nua a thosú, níl sé timpeall na háite). Freisin, gach duine anseo líofa idir dhá theanga (Chóiréis agus Béarla) ag léann anois, ach críochnóidh siad amárach, sílim. Tá mo bhean chéile in ann a dhéanamh aistriúchán idir an Rúisis agus an Chóiréis, ach níl sí an-líofa sa dara teanga -líofa, ceapaim, ag rá faoi rudaí an tseoil, ach gan líofacht i scríbhinn; sách b'fhéidir chun aistriucháin OK, ach is mo bharúil go bhfuil gá ar an scéim de chainteoir dátheangach go dúchasach, so mar sin, tá cúpla duine Korean-American atá agam. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4281 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 13, 2008 - 07:23 pm: |
|
quote:Freisin, gach duine anseo líofa idir dhá theanga (Chóiréis agus Béarla) ag léann anois, ach críochnóidh siad amárach, sílim. Go raibh maith agat arís, a Bhirn. Is maith an scéal é sin. Tá an suíomh nua seo réidh anois: http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ilteangach/ Beidh muid ag cur leis, ar ndóigh! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 149 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, November 13, 2008 - 08:03 pm: |
|
An-slachtmhar a Dennis. Go maire tú féin agus do mheitheal an obair mhaith sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7689 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 14, 2008 - 06:12 am: |
|
Mionrud: Sie gehengingen in eine Einöde, um für ihre Sünden Busse zu tun Ana dheas. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4283 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, November 14, 2008 - 12:29 pm: |
|
quote:Sie gehengingen in eine Einöde, um für ihre Sünden Busse zu tun Mar sin atá sé sa bhunleagan, áfach, san aistriúchán Béarla, agus i cúpla ceann eile. D'aonturas a aistríodh mar sin é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7695 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 14, 2008 - 03:20 pm: |
|
Hmm. An bhfuil cúis leis an t-athrú aimsir? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7696 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 14, 2008 - 03:33 pm: |
|
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 98 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 15, 2008 - 10:42 am: |
|
quote:Sie gehengingen in eine Einöde, um für ihre Sünden Busse zu tun Úsáidtear a leithéid d'athrú aimsir go minic sa Ghearmáinis mar chleas seanchaíochta nuair a aithristear scéal nó scéal grinn. Cad ba chúis leis? Éifeacht dhrámata, is dócha, ionas nach mbeadh an bhuaic san aimsir chaite - agus leis sin ina frithbhuaic. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 99 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, November 15, 2008 - 12:00 pm: |
|
quote:a leithéid d'athrú aimsir ...a leithéid d'athrú aimsir e (Message edited by ormondo on November 15, 2008) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4284 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 15, 2008 - 12:22 pm: |
|
quote:Dála an scéil, céard é seo? http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/bretha/ An t-aon suíomh amháin ar an idirlíon (go bhfios dom) atá go huile is go hiomlán i Sean-Ghaeilge! Is saghas "comhairle an lae" atá ann. Athraíonn comhairle na manach ó lá go lá (tá an dáta scríofa i S-G) agus is óna gcuid eachtraí féin a thagann an chomhairle. Mar shampla, séard atá le rá acu inniu ("Dia Sathairn, cóiced lá deac Mís Nouimbir") ná "Foditiu", .i. "foighne". "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7700 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, November 15, 2008 - 12:25 pm: |
|
Go deas. Cad é an sliocht faoi Cathbad ag an bun? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4285 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, November 15, 2008 - 01:11 pm: |
|
Maidir leis an athrú aimsire i S-G, tá sé thar a bheith coitianta sna scéalta. Pléadh an cheist seo ar an liosta OIL bliain ó shin. Féach an snáithe "Mixing past & present tenses in narrative" sa chartlann i Mí Iúil, 2007: https://listserv.heanet.ie/cgi-bin/wa?A0=OLD-IRISH-L "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 897 Registered: 06-2007
| Posted on Sunday, November 16, 2008 - 07:53 am: |
|
세 명의 스님이 세상을 등지고 신께 속죄를 하러 산으로 들어갔다. 그들은 1년간 서로 한 마디도 하지 않았다. 1년이 끝나갈 무렵 스님 중 한 명 왈, "모든 것이 좋구나." 그리고 또 침묵 속에 1년이 더 흘렀다. 2년의 막바지에 또 한 명의 스님 왈, "좋구말구." 또 그렇게 1년이 흐르자 마지막 스님이 말했다. "왜 그렇게 말들이 많은가? 조용히 하지 않으면 당장 하산하겠네." You can credit Samuel Moon for that! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4286 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, November 16, 2008 - 01:11 pm: |
|
quote:You can credit Samuel Moon for that! Abair leis "Go raibh míle maith agat!" Dála an scéil, an féidir leat a ainm a fháil in Hangul? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4287 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, November 16, 2008 - 01:36 pm: |
|
quote:Cad é an sliocht faoi Cathbad ag an bun? As an Táin é, ón leagan atá againn in Lebor na hUidre. Seo í an Ghaeilge a chuir Eoghan Ó Loinsigh ar an leagan den chuid seo in Lebar na Núachóngbála (.i. Book of Leinster): Cathbhadh, draoi, a bhí ag teagasc a dhaltaí taobh thoirthuaidh d'Eamhain agus ochtar dalta d'aos léinn draíochta fairis. D'fhiafraigh fear díobh dá oide cén séan agus sochar a bhí ar an lá sin, cé acu maith nó olc é. Séard a deir LU, áfach, focal ar fhocal, ná: Céad fear uasal dó ag foghlaim draíochta uaidh, is é líon a mhúineadh Cathbhadh. D'fhiafraidh duine dá mhic léinn de céard dó ar mhaith an lá sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7705 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, November 16, 2008 - 03:47 pm: |
|
Hmm. Agus an toradh ar sin, bás óg Chon Chulainn.... Smaoineamh deas, an leathanach úd. "Comóentu" moladh an lae. Comhaontú? |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 898 Registered: 06-2007
| Posted on Sunday, November 16, 2008 - 09:07 pm: |
|
Dh'iarr mé é ar ríomhphoist |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4289 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, November 17, 2008 - 07:31 pm: |
|
quote:"Comóentu" moladh an lae. Comhaontú? Sin é. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 900 Registered: 06-2007
| Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 06:17 am: |
|
문성민. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4290 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 18, 2008 - 01:21 pm: |
|
Go raibh maith agat! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|