Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7546 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 29, 2008 - 08:56 am: |
|
Scéal dearfach ón Indo: an rud is annamh is iontach. http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3998&viewby=date quote:Cliona Frost, principal officer of Forbairt Naíonraí Teoranta, an organisation which supports the promotion of education and care services in Irish for children from birth, particularly through naíonraí, says the demand for Irish has been steadily on the rise since the organisation was founded in 1978. Back then, there were a total of 12 naíonraí nationwide, whereas today, there are 221.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 105 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, September 29, 2008 - 12:44 pm: |
|
Alt an-mhaith uilig a Aonghuis, grma. Is maith gur san indo a cuireadh cló air leis. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 760 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, September 29, 2008 - 01:57 pm: |
|
quote:http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3998&viewby=date Twenty years ago, the Irish language was not cool. If a student left secondary school with any more than a cupla focail, they were doing well. An ginideach uatha nó ainmneach iolra é sin? Is ait an mac an saol.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 106 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, September 29, 2008 - 03:13 pm: |
|
Ní Gaeilge atá ann a Phádraig, tharla nach bhfuil síneadh fada ar 'chúpla', chomh maith lena bheith i sliocht Béarla is dóigh. Dathú an ábhair is dócha atá i gceist. (Dealaíonn roinnt daoine 'cupla' rudaí le 'cúpla' - beirt in aon, ach fágaimis a leithéid ag réimsí na cainte, tharla nach easpa rialacha gramadaí atá ag gabháil idir sinn agus codladh na hoíche.) Ginideach uatha is ea 'focail', mar is eol duit agus ginideach iolra is ea 'focal'. Moltar gan ginideach a fheidhmiú le 'cúpla', ach tuigim féin don té ar mhian leis cur in éadan na rialach céanna. Níor thug mé féin aon róchion don deachtú a leag amach ar bhreith na cianóige chun na tire (.i. an tEuro) seo nár cheart an ‘t-‘ a fheidhmiú roimhe. Is maith liom 'an tEoró' a rá le daoine, nó an ceann thuas, 'an chianóg'. Teangacha eile a bhfuil seasamh a ndóthain iontu, ní lúbfaidís chomh guagach meata sain in aghaidh a ngnáthiompair le barr umhlaíochta roimh an mbuaileam sciath. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 762 Registered: 09-2004
| Posted on Monday, September 29, 2008 - 04:45 pm: |
|
Bheabh! Go raibh maith agat, a Sheosamh. Is mo cheacht don lá é seo. Is ait an mac an saol.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 107 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, September 30, 2008 - 05:30 am: |
|
Fáilte romhat a Phádraig. Ar eagla na míthuisceana, rud nár léiríos thuas, cianóg ar cheint a bhíos agam, agus tuigtear é, mar go minic tharlaíonn sé sa chaint nuair a bhíonn duine nó beirt ag gáire faoin bhfocal 'ceint'. (Tharla amhlaidh Dé hAoine.) Deirim 'punt' beagnach i gcónaí, 75% den am, le €, agus tuigtear mé. Le drogall roimh Eoró a deirim sin agus ní le grá don 'phunt'. |
|
|