Áis thairbheach d'fhoghlaimeoirí is é an feasachán de chinnlínte nuachta a bhíonn ar fáil gach lá ar rte.ie.
Agus bheadh sé níos tairbhigh fós dá ndéanfaí clár teagaisc as roinnt eagrán den nuacht le linn na seachtaine - a bheadh teacht orthu ar an idirghréasán. Tar éis an tsaoil, is iad na focail a usáidtear sna cláir nuachta as na réimsí éagsúla (geilleagar, spórt, aimsir srl) na focail atá bainteach go dlúth leis an saol laethúil. Leis sin, ba chóir leagan dátheangach le gluais den chlár a chur ar fáil mar chomhad pdf maille le comhad fuaime ina bheadh cainteoirí dúchasacha óna canúintí de réir uainíochta ag caint go binn soiléir.
I ndáiríre ní bheadh sé sin dodhéanta agus maoin dea-chaite a bheadh ann. Maidir le modhanna foghlama ar an idirlíon b'fhiú sracfhéachaint a thabhairt ar
http://www.bbc.co.uk/alba/foghlam/index.shtml.