Author |
Message |
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 84 Registered: 05-2008
| Posted on Thursday, September 18, 2008 - 10:40 am: |
|
Dia dhaoibh a chairde! Bhfuel mar a dúirt mé go ndéanfainn, d'fhágas Éire agus táim i Lao anois (tír in aice na Téalainne)! Táim ag foghlaim na teangan anso ó labhairt le cairdibh timpeall na háite, i dtithe tábhaire agus araile! Sular tháinig mé chun na tíre seo, ba iad Béarla agus Gaoluinn amháin an dá theanga a bhí agam, agus caithfidh mé rá go bhfuil an teanga anso neart difriúil! Ní úsáideann siad neart focal chun smaointe a chur in iúl... mar shampla dá dteastódh uathu "Táim im shuí ar chathaoir" a rá, déarfaidís "suí cathaoir". Nó, mar shampla, dá dteastódh uathu "Teastaíonn uaim dul abhaile chun mo dhinnéar a ithe" a rá, déarfaidís "teastaigh dul baile dinnéar ith". Agus níl ach aon siolla amháin i ngach focal! Ag an uair seo, táim ag foghlaim na teangan trí labhairt amháin leis an muintir, ach ceapaim go rachaidh mé le ceachtanna foirmiúla a fháil amárach! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4145 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 18, 2008 - 11:40 am: |
|
Maith thú, a Thomáis! Ceist agam ort maidir leis an teanga: an bhfuil na toin deacair duit? Ba chonstaic mhór iad domsa nuair a bhí mé ag iarraidh beagán Thai a labhairt nuair a bhí mé sa tír sin fiche bliain ó shin. Ní raibh sé éasca an ton ceart ar chur ar an siolla ceart. Bhí mé in ann iad a chloisteáil, ach ní raibh mé in ann iad a rá. Ach níor chaith mé ach dhá sheachtain ann. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 181 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, September 18, 2008 - 12:23 pm: |
|
Maith thú a chara. Cad chuige nach bhfuil tú i do chónaí in Éirinn anois? gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 10 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, September 18, 2008 - 04:09 pm: |
|
B'é mo thaithí le teangacha nua ná gurbh fhiú an chéad leathanach den nuachtán a aistriú gach lá agus, de réir chumais, bheith ag éisteacht leis na cinnlínte nuachta chun bonn a ghabháil maidir le líon focal ábhartha ón dtaobh sin de. (Message edited by ormondo on September 18, 2008) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 85 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, September 19, 2008 - 06:43 am: |
|
Maidir leis na tonaibh, bhfuel an gcreidfeá go bhfuil cainteoirí Béarla á n-úsáid cheanna féin? Nuair a bhíonn iontas ar dhuine Béarla agus iad ag rá rud éigin, ardaíonn siad ton a ghlóir i lár an fhocail, mar seo: - I went to the pet shop yesterday to buy some chicklets - Really? - Yeah, but I came back with two dogs - Dogs? Nuair a deir an cainteoir Béarla "dogs" sa gcomhthéas thuas, ardaíonn siad ton a ghlóir i lár an fhocail. Tugtar "ascending tone" air sin. Agus smaoinigh nuair a bhíonn tarcaisne ar dhuine Béarla, íslíonn siad ton a ghlóir: - You came back with dogs? - Yes John, dogs, you genius, how did you figure that one out? Tugtar "low tone" air sin. Níl neart eolais orm ag an uair seo faoi na tonaibh ach foghlaimeoidh mé níos mó agus mé ag fáil ceachtanna! Tá cúpla torann i dteanga na Lao nach bhfuil i mBéarla nó i nGaoluinn. Smaoinigh ar an "ng" ag deireadh "sing, ring, song, long, hung", bhfuel cuireann siad an torann sin ag tús focail! Sé an focal ar "airgead" ná "ngun", bíonn roinnt cleachta de dhíth le n-é a rá! A Thrigger, sé ceann de na fathanna ar fhágas Éire ná an aimsir! Níor theastaigh uaim bheith in Éirinn le linn an gheimridh! Agus theastaigh uaim cultúr eile a fheiceáil ar domhan, agus teanga lándhifriúil a foghlaim freisin! A Ormondo, ag an uair seo bím ag fiafraí ar na daoinibh anso nuair a theastaíonn uaim rud éigin a rá. Mar shampla, nuair a theastaigh uaim sú oráiste a ordú i mbialainn, d'fhraifraigh mé de dhuine Béarla a raibh teanga na Lao acu "How do you ask for orange juice?". D'fhoghlaim mé neart á dhéanamh sin! Ach gheobhaidh mé ceachtanna agus feicfidh mé conas a éirionn liom! |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 173 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, September 19, 2008 - 10:27 am: |
|
quote:Tá cúpla torann i dteanga na Lao nach bhfuil i mBéarla nó i nGaoluinn. Smaoinigh ar an "ng" ag deireadh "sing, ring, song, long, hung", bhfuel cuireann siad an torann sin ag tús focail! Sé an focal ar "airgead" ná "ngun", bíonn roinnt cleachta de dhíth le n-é a rá! Ní thigim seo. Conas a bhíonn tú ag fuaimniú "(i) nGaoluinn" mura dtosaíonn sé le /ŋ/ agat? |
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 86 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, September 19, 2008 - 03:54 pm: |
|
Presently I say it as an N, something like "i nwaylon". Is there any native Irish speaker who says it with the "ng" sound at then end of "sing"? |
|
|