A Dhomhnaillín, is ionann liom nach mór, 'piocadh' agus 'stoitheadh', mar a scríobh Aonghus, gur boirbe ná a chéile cuid acu, 'pioc' agus 'pioc amach' srl.
Caithfidh mé a rá chomh maith le sin, gur beag agam na focail isteach sin, 'pioc' agus 'prapáil' srl., cé go dtuigim go ndeirtear ó dheas iad le cairdeas is le dílse áite a shíneadh chun a chéile i measc daoine. Tá a saintréithe ag siúl leis an gcineál focal san anois. Is minic áfach, focal níos 'gaelaí' nó níos fiúntaí fágtha de leataobh mar gheall orthu.