Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 350 Registered: 07-2005
| Posted on Saturday, September 13, 2008 - 10:16 pm: |
|
Mhol mo dheirfiúr seanscannán dom agus fuair mé é ón leabharlann Dé hAoine. "Local Hero" is ainm dó, agus rinneadh sa bhliain 1983 é le Burt Lancaster. An bhfaca aon duine é? Scéal an-mhaith é, atá suite i dTuaisceart Alban in áit álainn cois fharraige. Tá cúpla fógra i nGaeilge na hAlban ann. Tá móitífeanna Ceilteacha sa scéal -- ceo draíochta agus bean atá ina maighdean mara nó leath-rón, mar shampla. Is selkie í. Níl agam focal i nGaeilge ar 'Selkie'. An bhfuil a leithéid d'fhocal ann? Níl gach duine mar a dhealraímid orthu ar dtús sa scéal. Molaim an scannán daoibh. Tá ceol maith ann chomh maith -- ceol a scríobh Mark Knopfler. |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 154 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, September 14, 2008 - 12:06 am: |
|
Focal Sealtannach is ea selkie. Bliana ó shin dheineas iarracht téarma Gaelach ar chomhbhrí leis d'fháil is theip orm é. Ní fhacasa riamh an scannán so ach is fada go bhfuilim ag brath é dh'fháil ar cíos. Buíochas leat, a Liz, b'fhéidir gur beagán níos luaithe a thabharfad faoi é a dhéanamh. |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 267 Registered: 08-2005
| Posted on Sunday, September 14, 2008 - 02:36 am: |
|
Tá "Selchidh" ar "Selkie" i nGaeilge na hAlbann Bhicipèidia: Selchidh (neach-ròn) Lars |
|
Cionaodh
Member Username: Cionaodh
Post Number: 641 Registered: 05-2005
| Posted on Sunday, September 14, 2008 - 07:59 am: |
|
Is breá liom "Local Hero" (d'fhéach mé air arís cúpla seachtain ó shin!), ach ní raibh an focal ar "selkie" agam -- is maith liom Sealtannach. GRMA, a Dhomhnaillín. http://www.gaeilge.org FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7518 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 14, 2008 - 09:13 am: |
|
Aidiacht is ea Sealtannach (Shetland) murúch (nó maighdean mara) atá ar neach daonna/uisciúil a bhfuil gaol acu leis na rónta i mbéaloideas na hÉireann. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 179 Registered: 10-2007
| Posted on Sunday, September 14, 2008 - 12:57 pm: |
|
Ní bhfaca mé an scannán seo ariamh ach tá Seachd agam ar DVD agus tá sé i nGaeilge na hAblban, achan rud. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil Kings i bhfad níos fearr ! gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 155 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, September 14, 2008 - 02:13 pm: |
|
A Thrigger, cad é faoi "Sheachd" nach maith liom? Ní bhfaca féin é, ach ceapaim go bhfuil cuma spéisiúil air. Dála an scéil, an bhfuil tuairim ag éinne díbh fén bhficsean Gaelach Aonghais Phàdraig Chaimbeuil? |
|