Author |
Message |
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 696 Registered: 09-2004
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 06:40 pm: |
|
I'm trying to get the following thought into Irish that sounds like an Irish speaker said it instead of well, you know, like an American with a dictionary: Rank your beliefs not by their plausibility but by the harm they may do. How'm I doin'? Ná rangaigh do chreidimh de réir a dochúlacht ach faoi an damáiste go ndéana siad. (Message edited by pádraig on August 16, 2008) Is ait an mac an saol.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 51 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 05:17 am: |
|
Meas a gcreidfeas tú ann ar a dhochar in áit a mheas ar a dhóchúlacht. Nó: Meas a gcreidfeas tú ann ar a dhochar is ná meas ar a dhóchúlacht. B'fhearr liom an darna ceann a Phádraig, dá mbeadh orm ceachtar acu a rá le duine. B'fhéidir go gcuirfinn leis, nó go n-athróinn an deireadh: .... ar an dochar a dhéanfaidh sé is ná meas ar a dhóchúlacht. .... ar an dochar a dhéanfaidh sé is ná codail ar an gcluais go dtarlóidh sé. I dtaca leis an gcéad abairt thuas, ní bheadh an 'é' agam ann: ... in áit a mheas ... ; cé go gcuirfeadh mórchuid na ndaoine ann é. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 697 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 10:01 am: |
|
Is leagan eile ar fad é sin. An micheart go hiomlán mo leagan? Is ait an mac an saol.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 54 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 11:53 am: |
|
Níl sé mícheart ar fad ar ndóigh a Phádraig. Níl ann ach slí eile leis an gcat a mharú. Leis an abairt a thugais féin, bheadh ort an briathar a reic arís, nó briathar éigin eile, i ndiaidh an chónaisc. (... ach rangaigh ...) Níor ghá a leithéid i mBéarla. Cá bhfuair tú an abairt bhunaidh dála an scéil? |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 698 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 02:10 pm: |
|
Chuala mé an abairt ar teilifís. "Uimhreacha" atá ar an clar. Is maith liom an abairt. Credim go is maith an cuimhneamh é. Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7385 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 02:25 pm: |
|
smaoineamh maith, ceart go leor. Nó an meabhrú atá i gceist agat, i. rud a chuir i gcuimhne duit? Dála an scéal dóchúlacht = probabilty. B'fhearr liomsa inchreidteacht do plausibility. Agus tá deacracht agam le beliefs (uimhir iolra) a chuir ar aon dul le creideamh. Ach tá sin seachanta ag Seosamh. Meas a gcreidfeas tú ann ar an dochar is féidir a bheith mar thoradh air, is ná meas ar a inchreidteacht. Anois, sin ceist do na fealsaimh! |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 699 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 03:13 pm: |
|
Anois, sin ceist do na fealsaimh! Fainic! Fealsaimh Iomlán! Comhrá Oscailte ach ab é Bearla Is ait an mac an saol.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 55 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 07:19 pm: |
|
Tá tú ag déanamh maith go leor sa nGaeilg a Phádraig. Ná bac leis an mBéarla feasta. Is gairid nach mbeidh tú ag cuimhneamh air beag ná mór. |
|
Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 700 Registered: 09-2004
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 08:03 pm: |
|
Tá tú ag déanamh maith go leor sa nGaeilg a Phádraig. Go raibh maith agat, a chara. Teastaionn misniú uaim. Is ait an mac an saol.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7387 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 18, 2008 - 06:07 am: |
|
Níor chaill fear an mhisnigh riamh é! Taithí a níos máistreacht: lean ort! |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 59 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, August 18, 2008 - 09:21 am: |
|
Is é an t-earra is tábhachtaí in armlón an fhoghlaimeora teangan. Is riachtanaí é ná na fearais go léir, fiseán, teipthaifeadán nó dlúthdhioscaí. Bíodh gach duine ag faire ar a chuid misnigh thar gach ní eile. |
|