Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7377 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 11:55 am: |
|
Cad iad dhá thabhartas an dair? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4100 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 12:02 pm: |
|
Dhá thabhartas na darach: adhmad is meas. Ach sin freagra an tseomra scoile. Más dúcheist atá ann, tá mé cinnte go bhfuil mé i bhfad ón mhárc. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7379 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 12:05 pm: |
|
Níl sé chomh dú- sin. Tá leath de agat. Meas san Fómhair. Ach is lena bheo a thugann an darach an dara ceann freisin. Táim ag léamh 1260AD - phioc mé suas ansin é. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4101 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 12:37 pm: |
|
Hmm. Meas na darach agus... gáil dharach (oak galls) le haghaidh dubh a dhéanamh? Dair mhór, adhbha na n-éan? Sgáth? Ní dóigh liom é! Fuair mé 1260AD ar líne, ach tá an iomarca lé léamh agam faoi láthair: An Cléirach, mar shampla, a cheannaigh mé an mhí seo caite ó H/F. (Líon mé dhá chárta "loyalty" -- sin lascaine €20 a fuair mé ansin!) Tá súil agam gur thaitin An Cléireach leat, ó tá sé agam anois agus ó thug mé €19.50 air! Beidh mé ag fanacht/feitheamh le tuarascáil uait maidir le 1260AD. Dála an scéil, cheannaigh mé leabhar eile le Séamus de Napier seacht mbliana ó shin, Lorg na nGael, tar éis dom sracfhéachaint a thabhairt air sa Siopa Leabhar. Ach nuair a thosaigh mé á léamh ar ais sa bhaile, fuair mé rudaí ann a bhí bunoscionn le tuairimí na scoláirí. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 75 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 01:41 pm: |
|
An ea tainnine í? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7381 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 03:17 pm: |
|
Sgáth - nó foscadh san Samhradh. Maidir leis an gCléirach, tá sin blagáilte agam freisin - agus nasc ó Wikipedia le'm blagmhír! http://aonghus.blogspot.com/2007/12/clireach.html Deir na rialacha gur fútsa dúcheist a chuir orainn anois... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4104 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 03:31 pm: |
|
quote:Deir na rialacha gur fútsa dúcheist a chuir orainn anois... Tá mé curtha i sáinn agat! Ní ar an riail úd a bhí mé ag smaoineamh. Tá go maith, ach caithfidh mé mo mhachnamh a dhéanamh air. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4108 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 09:00 pm: |
|
Cé aige a bhfuil trí bhua? An féidir leat an cheist a seo a fhreagairt gan "trí bhua" a chuardach le Google? Tá dhá fhreagra ann, ar a laghad! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 821 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, August 15, 2008 - 09:23 pm: |
|
Eileanór na Rún is túisce a tháinig chun cuimhne, murach gó ndúirt tú "aige"... Íosagán tar éis imeacht na Saoithe? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4110 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 11:59 am: |
|
quote:Eileanór na Rún Tá a fhios agam gur amhrán é sin, ach sin an méid! Inis dúinn faoi, led thoil. quote:Íosagán tar éis imeacht na Saoithe? Bhí go leor buanna aige, más fíor do na scrioptúir, ach ní dóigh liom go bhfuair sé aon bhuanna ó na saoithe; bronntanais a fuair sé uathu. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 822 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 01:10 pm: |
|
Bronntanais ab ea iad, go deimhin. Níor chóir dom bheith ag póstáil chomh fada sin istoíche (sin a bheas agam mar leithscéal ar aon nós!) Maidir le hEileanór Ní Chaomhánaigh, níl a fhios agamsa ach oiread a bhfuil san amhrán: go raibh mealladh na n-éanlaithe aici, tógáil na marbh agus "bua eile nach ndéarfad." Ní mé cén sórt bua é sin. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4111 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, August 16, 2008 - 01:40 pm: |
|
Agat mar sin! Tá mé lánsásta le hEileanór na Rún mar fhreagra. Mar a dúirt mé thuas, "tá dhá fhreagra ann, ar a laghad". Bhí bua aice go mheallfadh sí na héanlaith ón gcrann Bhí bua eile aice go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás Bhí bua eile aice nach ndéarfad, Sí grá mo chroi is mo chéad searc. An dá fhreagra eile a bhí ar intinn agam ná: 1) Trí bhua an duine shona: fál, faire, mochéirí. 2) Trí bhua an tsionnaigh: súil bhiorach, cluas aireach, eireaball scothach. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7383 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 17, 2008 - 01:14 pm: |
|
Ag Abigail atá sé dúcheist a sholáthar anois! |
|