Author |
Message |
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 144 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, August 05, 2008 - 07:06 pm: |
|
I came across ''Dubhairt mé'' and I can't say that I'm sure about it, do any of you know what this means in English? Go raibh maith agaibh. gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 819 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, August 05, 2008 - 07:39 pm: |
|
"Dúirt" a scríobhtar sa lá atá inniu ann. Sin é an seanlitriú air. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 145 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, August 05, 2008 - 07:44 pm: |
|
Tá sin iontach sean! Go raibh maith agat aríst. gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4065 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, August 05, 2008 - 08:38 pm: |
|
Níl sé chomh sean le as·rubart, áfach. ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 153 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, August 06, 2008 - 05:07 pm: |
|
Nach an-sompla é seo den díoghbháil a rinne an t-athchóiriughadh litriughthe? Muna bhfuil daoine i n-ann "Dubhairt" a aithint toisc gur cuireadh "Dcuireadh "Dúirt" i n-a hionad ní foláir go bhfuil sé do-léighte dhóibh ar foillsigheadh i nGaedhilg go dtí na caogaidí ar a laghad (litriughadh ceart agus cló Gaedhealach). Ba bhotún ádhbhalmhór é nár rinne rud ar bith, mar is féidir a rádh anois tar éis caoga bliadhain, chun cosc a chur ar mheath na Gaedhilge. In case the above is unintelligible: Is this not another excellent example of the harm that the spelling reform has done? If people can't recognise "Dubhairt" because of its replacement by "dúirt" then all that was published in Irish up to the fifties at least (proper spelling and Irish type) must be unreadable to them. It was a massive blunder which, as we can safely say now after fifty years, has done nothing to arrest the decline of Irish. Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7329 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 06, 2008 - 05:40 pm: |
|
An féidir leatsa téacs Béarla ón 17ú aois a léamh gan stró? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4067 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 06, 2008 - 07:01 pm: |
|
Tá mise buíoch nach bhfuil orm gach -iughadh agus -iughthe a scríobh! Dáiríre. Agus tá litriú an lae inniu níos eco-friendly ós rud é go bhfuil níos lú leathanach (= páipéar = crainn + fuinneamh) ag teastáil chun an téacs céanna a chur i gcló. Rinne mé cúrsa dhá sheachtain in Scoil an Léinn Cheiltigh i mBÁC an mhí seo caite. Ceann de na ranganna a bhí ann ná uair go leith an chloig gach lá (Dé Sathairn san áireamh!) le Pádraig Breathnach ag léamh téacsanna, idir phrós agus fhilíocht, i Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. Tá i bhfad níos mó ann ná dubhairt ~ dúirt a sheasann idir muid agus litríocht na laethanta úd. Ar an láimh eile, is féidir le duine ar bith a bhfuil suim aige i leabhair a foilsíodh sa chéad leath den aois seo caite dul i dtaithí ar na litreacha breise in achar an-ghairid. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 154 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, August 06, 2008 - 08:28 pm: |
|
quote:An féidir leatsa téacs Béarla ón 17ú aois a léamh gan stró? An chuid is mó dhe, thairis sin táim ag cainnt fá'n gcéad seo caithte. quote:Tá mise buíoch nach bhfuil orm gach -iughadh agus -iughthe* a scríobh! Bainim-se feidhm as an sean-script agus tá mise buidheach nach mbíonn orm 'h'-eanna a scríobh arís agus arís eile. (*Ba bhotún de mo chuid-se é sin. Rinneas cúpla i mo theachtaireacht mar bhí deithneas orm. 'Litrighthe' an fhoirm cheart.) quote:tá litriú an lae inniu níos eco-friendly ós rud é go bhfuil níos lú leathanach.... Dá mbainfí feidhm as an bponnc déarfainn go mbeadh an ghnáth-shliocht ar chomhfhad san dá chóras. Níl 'litriú an lae inniu' logic-friendly. quote:Tá i bhfad níos mó ann ná dubhairt ~ dúirt a sheasann idir muid agus litríocht na laethanta úd Tá a fhios sin agam agus níl mé ag tagairt do ré na NuaGhaedhilge Clasaicighe, mar a dubhras cheana, ach don mhéid mór leabhar a foillsigheadh idir tuairim is 1900 agus 1950. quote:is féidir le duine ar bith a bhfuil suim aige i leabhair a foilsíodh sa chéad leath den aois seo caite dul i dtaithí ar na litreacha breise in achar an-ghairid Is féidir, ar ndóigh, ach ní dhéanann formhór lucht na Gaedhilge é. Chítear na leabhair úd mar 'sean', 'as feidhm', 'an iomarca trioblóid chun pléighte leo' agus dá dheasca sin tá a lán daoine scartha ó chuid thábhachtach d'á n-oidhreacht liteartha. Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4070 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, August 06, 2008 - 09:19 pm: |
|
quote:Chítear na leabhair úd mar 'sean', 'as feidhm', 'an iomarca trioblóid chun pléighte leo' Is fíor duit, ar ndóigh... agus is fíor dóibh siúd atá den bharúil sin (" seanaimseartha, gan mhaith, leadránach, etc.) freisin. Ní fiú an chuid is mó dá scríobhadh i dteanga ar bith caoga bliain ó shin a léamh inniu. Na rudaí fiúntacha (.i. na rudaí a bheidh ina gclasaicí), tagann siad amach arís i litriú an lae inniu. Maidir leis na leabhair eile, ní fiú iad an saothar anois den chuid is mó. Is cuid de stair na teanga iad, gan dabht, agus tá siad ann fós... do na staraithe agus do na daoine a bhfuil spéis acu sa leithéid. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 19 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 04:20 am: |
|
Chuir bean scairt orm cúpla bliain ó shin - Éireannach a bhí i ndiaidh teach a cheannach go hard i measc shléibhte Castille. 'I want to call something like "Mountain Foliage" in Irish and have it printed on a nameplate' a dúirt sí liom. 'Tá go breá' arsa mise. "Duilliúr sléibhe' a bheadh ann. Is é sin d-u-i-l-l-i...' Stop sí mé agus dúirt 'Oh no. None of that modern spelling. I want the old, authentic thing.' Tá go breá, arsa mise agus litrigh 'Duilleabhar sléibhe'di. Cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin bhí sí ar an ghuthán chugam arís. 'Could you give us the modern spelling? It's just that the wee man in the engraving shop charges by the letter.' |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7330 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 06:16 am: |
|
Scéal iontach, a Antain. James, an rud faoi leabhair ó tús an chéid seo chaite ná nach raibh caighdeán ar bith ann; bhí na cinn ón Mumhain bunaithe cuid mhór ar an nua Ghaeilge Claisiceach; ach tá leabhair agamsa a bhfuil difríochtaí suntasacha ann san litriú. Is féidir iad a léamh, gan amhras, má chaithear dua leo. Ach rinne gach tír agus teanga Eorpach eile leasú ar an litriú. An difríocht don Ghaeilge ná go raibh bearna ón 17ú Aois go dtí lár na 20ú aoise nuair nár tharla na leasaithe ar bhonn eagraithe. Mar sin bhí an bhearna níos mó - reabhlóideach seachas eabhlóideach. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4073 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 10:37 am: |
|
quote:charges by the letter Wúhú! An-scéal é sin, a Antain! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 155 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 04:02 pm: |
|
quote:Ní fiú an chuid is mó dá scríobhadh i dteanga ar bith caoga bliain ó shin a léamh inniu. Na rudaí fiúntacha (.i. na rudaí a bheidh ina gclasaicí), tagann siad amach arís i litriú an lae inniu. Ní hí sin an cheist arbh fhiú iad a léigheamh indiu nó má tá roinnt acu ath-churtha amach arís. 'Sé an cheist go bhfuil leabhair a foillsigheadh sa tír seo - (1) ó chianaibh, agus (2) i rith ré shár-thábhachtaigh d'Éirinn agus don Ghaedhilg - mar rudaí eachtrannacha do lucht Gaedhilge an lae indiu. I dtaobh scéil Antain: Níl ach 3 litreacha breise i "Duilleabhar Sléibhe". Ceann amháin dá mbainfí feidhm as an script Ghaedhealach. Tagann an focal "sprionnlóir" chun m'intinne. quote:an rud faoi leabhair ó tús an chéid seo chaite ná nach raibh caighdeán ar bith ann.... Tá a fhios agam nach raibh caighdeán ginearálta ann an uair sin. Go minic, bhí sé ar intinn an ughdair go mbeadh a leabhar i gcaineamhaint áirithe agus ní athruigheann (agus ní chóir dá n-athróchfaí) an litriughadh nó an caighdeán nuadh é sin. Scríobhann daoine ar an bhfóram seo i nGaedhilg chaineamhna gan fadhb ar bith, m.sh. Lughaidh. Níl mé á rádh nach raibh gábhadh ann an litriughadh a thabhairt chun riaghaltachta ná gur chóir gach uile litir a chaill a fuaim chonsain a chaomhnughadh ach chuadhadar ró-fhada sna caogaidí agus rinneadar praisleach den teangain liteartha. Go han-mhinic is measa a sheasann an litriughadh nuadh don teangain labhartha, bheo ná an litriughadh traidisiúnta (m.sh. "trá" ainm. + gin. Seasann an fhoirm thraidisiúnta go foirbhthe do gach caineamhaint: "tráigh", gin. "tráighe") agus, gan amhras ar bith, níl sé chomh riaghalta nó loighceamhail agus a bhí an córas traidisiúnta. An "leasughadh" é i bhfírinne? (Tá súil agam go bhfuil a bhfuil scríobhtha agam thuas in-thuigthe) Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha!
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 156 Registered: 11-2005
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 04:06 pm: |
|
. (Message edited by James_Murphy on August 07, 2008) Séamus Ó Murchadha Go mBeannuighe Dia Éire Naomhtha!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7335 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 07, 2008 - 04:44 pm: |
|
quote:Tá súil agam go bhfuil a bhfuil scríobhtha agam thuas in-thuigthe Tá. Ach is mithid dúinn aontú go bhfuilimid easaontaithe! |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 84 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, August 18, 2008 - 11:58 am: |
|
A James, Cad'na thaobh go scríobhair "indiu" in ionad "aniogh"? |
|
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 616 Registered: 06-2007
| Posted on Tuesday, August 19, 2008 - 09:48 am: |
|
'Dubhairt mé' is so often used in the dialect books sold!
|
|