mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (July - August) » Archive through August 02, 2008 » I Lift Up My Eyes « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member
Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh

Post Number: 484
Registered: 09-2006


Posted on Saturday, July 19, 2008 - 05:05 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"I lift up my eyes."

How to say it as Gaeilge? My literal translation would be:

"Tógaim mo shúile."

... but I'm left with the disturbing impression of somebody physically lifting up two eyeballs in their hands. NOT the meaning I'm going for! What about:

"Amharcaim suas."

?

(Message edited by Domhnall_Ó_h_aireachtaigh on July 19, 2008)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 6
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 05:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

'Caith súil ar an leabhar sin' a déarfaí le duine a Dhomhnaill.

'Chaith sé súil thar a leiceann' a déarfaí le haghaidh 'he looked over his shoulder'.

'Chaith sé a shúile in airde' (agus 'chaith sé súil in airde') le haghaidh 'he looked up'.

Níl a fhios agam cén leagan go díreach atá uait a Dhomhnaill ach is tús duit an méid sin. - Tá amhras orm faoin Aimsir Ghnáthláithreach - Present Habitual, tá a fhios agat. Bheadh tuilleadh eolais uainn le feiceáil a bhfuil ar intinn agat féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 794
Registered: 06-2006


Posted on Saturday, July 19, 2008 - 05:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tógaim suas mo shúile.

Má bhí sé maith go leor d'Uilliam Bedell ní mise a cháinfeas é!

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 7
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 05:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Shamhlaigh mé go raibh blas an chreidimh air ceart go leor agus tugann an briathar 'tógaim' an gníomh sain leis gan amhras.

Tá cóip de Bhedell agat a Abigail, nó an ndeachaís ar an idirlíon?!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 795
Registered: 06-2006


Posted on Saturday, July 19, 2008 - 05:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá, ach ní cóip 'crainn mhairbh' é mar a déarfá.

Seo é an salm ina iomlán:
http://nd.edu/~amitche3/images/short_term/salm_121.jpg

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 9
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 06:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Grma as an spléachadh san. Sin leabhar nach féidir teacht air. Is léir go bhfuil leabharlann an-an-eisceachtúil agat.

Bhronn fear cóip ar m'athair sna seascaidí. Is cuimhin liom é go maith. Bhíodh sí ag a athair mór seisean, fear Gaeilge, dúirt sé, ach cionn is go raibh Gaeilg ag m'athair is gan í a bheith aige féin, b'fhearr leis go mbeadh an bíobla Gaeilge sin ag m'athair. Bordáil ar dhaichead bliain ina dhiaidh sin, d'iarr garmhac mo dhuine Bedell ar ais ó mo mháthair, rud a fhágas gan Bedell mé. Sin é an saol, lá leat is lá i do choinne. Bedell leat ó lár an chéid is Bedell uait go lár an chéid eile ina dhiaidh sin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 796
Registered: 06-2006


Posted on Saturday, July 19, 2008 - 11:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuile seans go bhfuil cóip eile agat i nganfhios duit! An bhfuil Ollscoil Luimnigh ina síntiúsóir ag EEBO?

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 11
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 03:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Le Liatroim na Loch is na nGleann mé feasta a Abigail. Ní rabhas ar ais ó dheas ó thús Mí Feabhra go dtí Dé Máirt seo caite. Buille beag deiridh oibre a thug ó dheas mé.
Tá amharc agam ar thír is ar thalamh anseo. An áit a bhfuil do chroí, is ann a bhéarfas do chosa thú! Chaitheas breis is 10 mbl. sa Mumhain ó thús deireadh agus is leor an méid sin. Is maith liom nár shocraigh mé síos go buan ann. Tá gaol cnáimh agam leis an taobh so i ndáiríre.

Níor cheart dom a bheith ag éagaoineadh faoi aon leabhar amháin, go deimhin. Bhí an t-ádh orm ó thaobh leabhar de. Tugann mo chuid leabhar an-sásamh dom. Tá an-chuid seanleabhar Breatnaise agam. Tá ceann acu fad mo sciatháín uaim anois a cuireadh i gcló sa mbhliain 1671. Is mór an peaca go bhfuil an-mheirg ar mo chuid Breatnaise.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Pádraig
Member
Username: Pádraig

Post Number: 693
Registered: 09-2004


Posted on Sunday, July 20, 2008 - 01:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Haven't read all of this thread. And so this may be redundant, but what makes this question familiar to me is the first verse of Psalm 121 which reads"

"I (will) lift up my eyes unto the hills."

The Irish reads:

"Tógaim mo shúile chun na sléibhte."

I guess the presence of "na sléibhte" precludes the use of "suas."

Is ait an mac an saol.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, July 19, 2008 - 10:53 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 799
Registered: 06-2006


Posted on Monday, July 21, 2008 - 01:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I wouldn't say "precludes." Tógáil and tógáil suas are both OK (much like the English lift and lift up, as it happens.)

The link I posted above is to an image of this chapter in Bedell's Bible. The same verse there reads as follows:
Toígfiod súas mo shuile chun na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair.
Tógfad suas mo shúile chun na gcnoc, as a dtiocfaidh mo chabhair.
(tógfad = tógfaidh mé)

A Sheosaimh, níor dhóiligh liom an comhad a chur chugat más áil leat é. Ní mar a chéile é agus an leabhar féin i do ghlaic, ar ndóigh, ach seans gurbh fhearr agat ná uait é mar sin féin.

Faraor go bhfuil mo chuid Breatnais-se chomh lag is a bhí riamh! Sin teanga eile ar mhaith liom a fhoghlaim dá bhfaighinn an t-am air.

"Liatrom na Loch is na nGleann" - is breá taitneamhach an tsamhail a chothaíonn sé sin i mo cheann.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 14
Registered: 06-2008
Posted on Monday, July 21, 2008 - 05:06 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

... ach seans gurbh fhearr agat ná uait é mar sin féin.

Ba bhreá liom a bheith faoi chomhad agam go deimhin a Abigail, dá mb'fhéidir é. Tá cuma dheas na hársaíochta air.

Ba cheart dom suaimhneas Liatroma a choinneáil faoi rún ar ndóigh, nó beidh na sluaite chugainn leis an áit a mhilleadh. Níl ach 5,000 nó tuairim is, i dtuaisceart an chontae. Mórchuid sléibhe is gannchuid gleannta is siocair leis a bheith amhlaidh.

Chaitheas dhá bhliain i dteach i ngleann sléibhe i dTiobraid Árann is ní raibh a fhios ag an stát go raibh éinne ann ar chor ar bith. Níor tháinig an daonáireamh a fhad liom, fiú amháin. Lucht seilge broc amháin a d'aimsigh mé Domhnach amháin is bhí an-slua le conairt i láthair. Scanraigh siad nuair a phléascas chucu anuas trí chineál fál coille le ceamara is guthán ar iompar agam. Shíleas nach mbeadh romham ach athair is mac amuigh ag spáisteoireacht ach theiteadar, ádhúil go leor, mar gur shamhlaíodar gur cineal iriseora a bhí chucu lena gceapadh ar scannán nó rud mar é. Bhí roinnt den diabhlaíocht sain le feiceáil ar na físeanna is ar na nuachtáin ag an am. Chruthaigh an áit chéanna fadhbanna dom i dtaca le hárachas cairr nuair a theastaigh uaim seoladh a athrú is mar san, ach tháinig mé tríd. Bhí súil agam teach a cheannach 1,000 troigh os cionn farraige san áit ag an am ach níor éirigh liom. Measaim gur 500 troigh an airde is fearr ar a lán bealaí. Beidh radharc is clufaireacht agus fás is móin in éindí agat.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member
Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh

Post Number: 485
Registered: 09-2006


Posted on Monday, July 21, 2008 - 01:51 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

It's the University of Calgary's motto? Who knew! Thanks!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 17
Registered: 06-2008
Posted on Monday, July 21, 2008 - 06:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fíor dó. An-spéisiúil a Aoí gan Ainm. http://www.ucalgary.ca/dflynn/motto
Is é an trua nár taifeadadh an pobal a bheith ag freagairt an tsailm chomh maith; thíos ag an deireadh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 801
Registered: 06-2006


Posted on Tuesday, July 22, 2008 - 05:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Sheosaimh, an i do ropaire a bhí tú?!

Níl mo mhuintir ar dhaonáireamh ar bith ach oiread, mar a tharla - ní fios cén fáth, mar níl siad chomh fada sin ar an iargúil (agus is cinnte go bhfuil a fhios ag an rialtas áitiúil iad a bheith ann, gan trácht ar an IRS.)

Mar gheall ar Bhíobla Bhedell, cliceáil anseo:
http://www.mybloop.com/AbigailM
Cuirfidh mé comhaid eile suas ansin anocht, cúpla foclóir eile atá agam sa mbaile.

Bhí mé ag iarraidh leabharmharcanna a chruthú sna PDFannaí seo ach chuaigh díom. A Aonghuis, 'bhfuil tuairim ar bith agat? (Cés móite d'Acrobat a cheannach!) Linux atá á úsáid agam ach déanfaidh mé athbhútáil i Windows XP más gá. Tá uirlis darb ainm "pdftk" agam i Linux a bhainfeas liosta de na leabharmarcanna atá i gcomhad PDF cheana, ach ní féidir leis cinn nua a chur isteach.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7275
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, July 22, 2008 - 05:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

A Aonghuis, 'bhfuil tuairim ar bith agat?



Níl faraor. Go bhfios dom caithfear íoc as uirlisí chun a leitheidí a dhéanamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 20
Registered: 06-2008
Posted on Tuesday, July 22, 2008 - 07:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ná buair do cheann is ná cuir amú do chuid ama leis an ríomhaireacht chasta san a Abigail. Ar ais chuig na leabhair Ghaeilge, tharla oiread sain díobh le léamh agat ar aon chuma!

Is ropaire i gcónaí gach éinne againn sílim, ach ag faire tí ar neamhchíos i gceantar an-iarghulta a bhíos. Ba le fear seansaibhris an áit sin, 50 acra, is a leath faoi chrainn ársa. Bhí na mílte acra aige ar fud an domhain chomh maith leis an áit tréigthe mar a raibh mé féin. Labhraíos leis ar an nguthán ach ba shoin an méid, cé gur casadh a mhuintir orm i ndiaidh a bháis. Nuair a labhraíos leis an dílseánach san ar an nguthán, ba faoi na héin a bhí ag neadú thart, na broic, na carrianna, an t-iora rua agus mar san a bhí an chaint go léir. Is cosúil go mbínn ag réiteach is ag ithe bia mórán mar a bhíodh sé féin romham, dar leo súd a raibh aithne acu air. Ní raibh aon bhaint dá laghad aige le hÉirinn, cé gur thóg sé clann ann, ach bhí a dhearcadh luite leis an gceithearnas coille céanna is leis an suaimhneas tíre a rabhas'sa féin ina dhiaidh. Bhínn an-ghnóthach an dá bhliain sin ag imeacht amach le dorchadas na maidine is ag pilleadh mall istoíche agus measaim gur chuidigh an áit liom ar a lán bealaí. Is mór an leas sláinte an suaimhneas. (Ghin an áit sliocht Gaeilge i scríbhneoir amháin, dar leis an scríbhneoir, ach ba dhoiligh liom féin m'áit a aithint nuair a léas an sliocht céanna ar ball. Ní raibh sé laistigh den gheata mar a tharla, ach chonaic sé an geata agus an choill is d'éist sé le mo chuntas ar an áit.)

Fear a mbíodh cúram na háite air, mhol sé don úinéir an féar (25 acra) a ligeann (ar cíos) bliain amháin, 'mar nach raibh ann' a dúirt sé, 'an chaoi a raibh sé, ach ionad caomhnaithe dúlra is ainmhithe fiáine'. "Jack, tá ionad caomhnaithe ainmhithe fiáine agam ar gach mór-roinn" an freagra a fuair sé!



©Daltaí na Gaeilge