Author |
Message |
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 32 Registered: 05-2008
| Posted on Thursday, July 10, 2008 - 09:05 pm: |
|
Tá estát tithe i mBleá Cliath darb ainm "Gleann na Rí". An chéad uair a léigh mé an t-ainm sin, cheap mé go mba bhotún a bhí ann ("na Rí" in ionad "an Rí"), ach nuair a chuir mé "rí" isteach sa bhFoclóir Beag, fuair mé brí eile leis an bhfocal: an chuid den lámh idir an uillinn agus an rosta; cos, ceathrú (rí chaoireola) An féidir gurb é an t-ainm "Valley of the Forearm"? Seans go dtagraíonn sé do chruth an ghleanna? |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 243 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, July 11, 2008 - 01:48 pm: |
|
"Valley of the Kings", déarfainn. (na: ginideach iolra den alt anseo) Lars |
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 33 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, July 11, 2008 - 11:12 pm: |
|
Dá mba "Valley of the Kings" a bhí ann, nárbh é "Gleann na Ríthe"? |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 244 Registered: 08-2005
| Posted on Saturday, July 12, 2008 - 04:32 pm: |
|
Dinneen: "gpl. ɼíoġ, ɼiġṫe" (ríogh, righthe) "Gleann na Ríoġ" nó "Gleann na Rí" i litriú nua. Lars |
|
|