quote:"ibh" i nGaoluinn na Mumhan
Tá's agat, ar ndóigh, nach n-úsáidtear an foirceann sin níos mó sa teanga labhartha i gCorca Dhuibhne, ach amháin i seanfhocail agus i g
clichéanna mar sin, agus mar iolra ginearálta an fhocail "fear" in áit "fir". Maidir le do cheist, bheadh "fearaibh móra" ceart mar thabharthach iolra. Níl mé cinnte, áfach, céard a deirtear sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Más maith leat aon cheist eile a phlé liom, nó pionta a ól in éineacht, beidh mé ag fanacht i gColáiste na Tríonóide go ceann dhá sheachtain.