Author |
Message |
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 3 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 05:15 pm: |
|
Samhlaigh go bhfuilir ag comhrá led chara agus deir tú: Nah, I've seen that film Conas a déarfá é sin as Gaoluinn? An bhfuil fuaim nádúrtha air seo a leanas? Tá an scannán seo feicte agam Nó an mbeadh sé níos nádúrtha a rá: Chonaic mé an scannán sin Agus tóg an abairt seo: That's the one I wuda bought if I hadn't lost my money Conas a déarfá é sin, céard faoi seo: Sin an ceann a cheannóinn munar chaileas m'airgead Nó an ndéarfá: Sin an ceann a bheadh ceannaithe agam muna raibh m'airgead cailte agam Ní cheapaim go dtaitníonn "Tá X [briathar]te agam" liom in ionad an fhrása Bhéarla "I have [verb]ed X". An úsáideann na cainteoirí dúchais an fhoirm sin? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 133 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 06:41 pm: |
|
Úsáidtear ''so'' agus ''san'' i nGaelainn, chan ''seo'' ''san'' a chara. :-) PS: An bhfuair tú mo r-phost fá do chuid leabhair? gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 5 Registered: 05-2008
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 07:02 pm: |
|
Barraíocht blianta ag foghlaim an chaighdeáin ar scoil! Ní bhfuair mé do phost, cuir chugam aríst é led thoil: toe AG lavabit PONC com |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 134 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 07:41 pm: |
|
Tá brón orm chan úsáidtear ''seo'' agus ''sin'' i nGaelainn, typo a bhí ann! gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4025 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 09:16 pm: |
|
quote:Tá an scannán seo feicthe agam Chonaic mé an scannán sin Hmmm. Is féidir ceachtar acu sin a rá, ar ndóigh. Déarfainn féin go bhfuil an dara ceann "neodrach", más féidir é a rá mar sin. Maidir leis an gcéad cheann, is dóigh liom go bhfuil an bhéim ar "I've managed to see that movie" nó "I can check that movie off my 'to see' list." Níl mé thar a bheith cinnte, really! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, July 04, 2008 - 06:28 pm: |
|
Tá an dá leagan "chonaic mé an scannán" agus "tá an scannán feicthe agam" ceart ach tagraíonn an chéad cheann do rud a tharla san am atá thart agus tagraíonn an dara ceann do rud atá fíor i gcónaí. Sa chás seo, nil aon difríocht phraiticiúil idir an dá rud, ach ní mar sin a bhionn i gcónaí. Ní hionann "phéinteáil mé an doras" agus "tá an doras péinteálta agam" mar shampla. "Sin an ceann a cheannóinn murach gur chaill mé mo chuid airgid" nó "sin an ceann a bheadh ceannaithe agam murach gur chaill mé mo chuid airgid" a déarfainn, cé go bhfuil an chéad leagan débhríoch - d'fhéadfaí é a aistriú mar "that's the one I would have bought" nó mar "that's the one I would buy". Tá "munar chailleas" agus "muna raibh" mícheart i gclásal iata, ach bheadh "muna gcaillfinn/gcaillinn" nó "muna mbeadh" ceart. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 779 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 07:01 am: |
|
Trigger - úsáidtear an dá fhoirm araon. Dé réir mar a thuigimse é braitheann sé ar an bhfocal roimhe, an bhfuil deireadh caol nó leathan leis. an leabhar so/san an abhainn seo/sin Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2450 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 10:51 am: |
|
Déarfainn (i nGaelainn Chorca Dhuibhne): -> Chonac an scannán san (cheana). -> Sin an ceann a cheannaínn muna gcaillinn mo chuid airgid. (féadtar "mara" a úsáid chomh maith in áit "muna"). Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4026 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 12:54 pm: |
|
quote:tagraíonn an chéad cheann do rud a tharla san am atá thart agus tagraíonn an dara ceann do rud atá fíor i gcónaí Is maith an míniú é sin den past agus den perfect i mBéarla, agus measaim go bhfuil sé fíor sa Ghaeilge freisin... ach ní hionann "tá X Y-te agam" agus "I have Y-ed X" i gcónaí. Feictear dom nach n-úsáidtear "tá X faighte agam" chomh minic agus deireann muid "I've gotten X", agus mar sin de. Is féidir liom a rá, "I've painted lots of houses in my life." Céard a déarfainn i nGaeilge? "Tá a lán tithe péinteáilte agam le mo linn." -nó- "Phéinteáil mé a lán tithe le mo linn." An dara ceann, is dócha. Braithim go bhfuil an bhéim ar na tithe sa chéad cheann, agus bheadh sé sin oiriúnach sa chomhthéacs ceart. Ach más ar an bpéinteáil atá an fócas, bheinn sásta le "Phéinteáil mé...". Do bharúil? Is ag saibhseáil atá mé anseo! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 8 Registered: 05-2008
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 03:05 pm: |
|
quote:cé go bhfuil an chéad leagan débhríoch - d'fhéadfaí é a aistriú mar "that's the one I would have bought" nó mar "that's the one I would buy". Tóg iad seo: mo leabhar do leabhar a leabhar a leabhar B'fhéidir go ndéarfadh cainteoir Béarla go bhfuil siad debhríoch toisc nach mbíonn 's agat an é "his book" nó "her book" atá i gceist. Ach as Gaoluinn, is cuma faoin idirdhealú so. B'fhéidir gurb é an cás céanna le "would" agus "would have"? B'fhéídir go ndéarfaidís "cheanóinn" don dá acu. quote:Sin an ceann a cheannaínn muna gcaillinn mo chuid airgid. (féadtar "mara" a úsáid chomh maith in áit "muna") An í sin an aimsir ghnáthcaite atá tú a úsáid? Níor cheapas go n-úsáidfí anseo í. -- Féach ar m'abairt dheiridh ansin: "Níor cheapas..." -- cás é so ina n-úsáidfinn "I wouldn't have thought" as Béarla, ach níor theastaigh uaim "Ní bheadh sé ceaptha agam..". Tá eagla orm go bhfuil mo chuid Béarla ag dul i bhfeidhm ar mo chuid Gaoluinne. Is fearr liom an ceann simplí gan blas Béarla air. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 781 Registered: 06-2006
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 05:02 pm: |
|
B'fhéidir gurb é an cás céanna le "would" agus "would have"? B'fhéídir go ndéarfaidís "cheanóinn" don dá acu. Díreach é. Modh atá ann seachas aimsir, agus baintear leas as i gcomhair chuile aimsire, nach mór. Rachainn chun an aonaigh amárach murach go mbeidh orm na ba a bhleán. Rachainn anois láithreach murach go bhfuil orm na ba a bhleán. Rachainn aréir murach go raibh orm na ba a bhleán. Ní dóigh liom go ndeirfí go deo deo "Bheadh dulta agam chun an aonaigh" leis an chiall dheireanach a chur in iúl! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, July 05, 2008 - 06:12 pm: |
|
quote:Is féidir liom a rá, "I've painted lots of houses in my life." Céard a déarfainn i nGaeilge? "Tá a lán tithe péinteáilte agam le mo linn." -nó- "Phéinteáil mé a lán tithe le mo linn." An dara ceann, is dócha. Is ea, ach má phéinteálann tú teach ni fhanfaidh sé péinteáilte ar feadh i bhfad. Tar éis cúpla bliain beidh an t-adhmad le feiceáil arís. Ar an láimh eile, má léann tú leabhar beidh sé léite agat go deo. quote:Ní dóigh liom go ndeirfí go deo deo "Bheadh dulta agam chun an aonaigh" leis an chiall dheireanach a chur in iúl! Ní déarfaí. Ach déarfaí "Bheinn imithe chun an aonaigh". |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4031 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, July 06, 2008 - 01:57 pm: |
|
Séard a deirtí in Hiberno-English tráth ná "I have the house painted," mar aistriúchán ar "Tá an teach péinteáilte agam." Is suimiúil an rud é gur féidir ceachtar acu a rá i mBéarla an lae inniu: I have painted it. I have it painted. Ach ní hionann an chiall atá leis an dá abairt. Is dóigh liomsa go bhfuil an dara ceann níos giorra do chiall na habairte "Tá sé péinteáilte agam." "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Tomás_Ó_hÉilidhe
Member Username: Tomás_Ó_hÉilidhe
Post Number: 11 Registered: 05-2008
| Posted on Sunday, July 06, 2008 - 02:47 pm: |
|
Poínte iontach agat ansin a Dhennis, aontaím go hiomlán leat. Seo abairt a deirinn deich n-uaire de réir na seachtaine agus mé ar scoil: I have my homework done B'fhéidir gur féidir rá go n-úsáidtear "Tá X [Y]ta agam" as Gaoluinn nuair a théann an briathar go deireadh na habairt as Béarla "I have X [Y]ed". Déan codarsnacht idir "I have [Y]ed X" agus "I have X [Y]ed". (Message edited by Tomás_Ó_hÉilidhe on July 06, 2008) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 544 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, July 07, 2008 - 02:02 am: |
|
quote:"I've painted lots of houses in my life." Céard a déarfainn i nGaeilge? Is iomaí teach péinteáilte agam le mo linnsa. An maith leat é? I have my hair cut vs. I have cut my hair. Nach bhfeiceann sibh cé chomh mór is atá an difríocht eatrub? :) 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Grumpy Old Fogey (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, July 07, 2008 - 03:40 am: |
|
quote:I have painted it. I have it painted. Ach ní hionann an chiall atá leis an dá abairt. Is dóigh liomsa go bhfuil an dara ceann níos giorra do chiall na habairte "Tá sé péinteáilte agam." Is ea go deimhin. Is aidiachtaí iad 'péinteáilte', 'feicthe', 'léite', agus is aidiacht é 'painted' sa dara sampla thuas freisin. Ina dhiaidh sin féin, níl an struchtúr sin róchoitianta I mBéarla na hÉireann. Tá 'I have the house painted' nó 'I have the book read' go breá ach ní dóigh liom go ndéarfaí 'I have the film seen'. Sílim gur leagan é a úsáidtear nuair a bhíonn dua i gceist agus saothar éigin curtha i gcrích: tá 'I have the field ploughed' go breá, ach 'I have the beer drunk', 'I have the song sung', 'I have the girl kissed'? Ní dóigh liom é. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 545 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, July 07, 2008 - 08:14 am: |
|
Sé an míniú a chuirtear ar fáil do fhoghlaimeoirí Béarla gurb é “rinneadh rud eicínt dom (gar nó seirbhís)” an chiall atá le “have smth [X] -ed”. Sé sin, is mór idir “I have painted the house” (is mise a rinne an teach a phéinteáil) agus “I have the house painted” (péinteáladh an teach dom). Tá an chiall seo i bhfad níos follasaí i gcás do chuid gruaige a ghearradh, dar liom. Rud eile, feidhmíonn “done” mar aidiacht insan abairt “I have my homework done” (ar nós, “complete, finished”, agus is féidir a rá, “when I’m done with my homework”, etc.) agus ní mar cuid den fhoirm bhriathra “present perfect”. Má dhéanann sibh idirdhealú idir “aidiacht mar dhea” agus “cuid den bhriathar”, ní chuirfidh aistriúcháin aon stróbh oraibh. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|