Pádraig
Member Username: Pádraig
Post Number: 684 Registered: 09-2004
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 08:38 pm: |
|
Chuaidh an tÁth Ó Murchú isteach sa phub i nDun na nGall uair amhain agus dúirt se leis an gcead duine a casann se air," An maith leat dul chun na bhflaitheas?" "Ó, ba mhaith, a athair," ar seisean." Téigh anonn, mar sin, agus bí i do sheasamh in aice leis an bhfalla." Ansin chur an sagart an cheist ceanna ar an dara duine a chas sé air: "An maith leatsa dul chun na bhflaitheas?" Ó, ba mhaith liom cinnte!" fhreagar seisean ar an modh céanna." Bí i do sheasamh in aice leis an bhfalla ud thall, mar sin," dúirt an sagart. Cad do tharla an céad noimead eile ach shuil Ó Tuathail isteach agus bheannaigh sé don sagart. "An maith leatsa dul chun na bhflaitheas a bhuachaill?" dúirt an tÁth. Ó Murchú. "A...ni mhaith, a athair..." arsa seisean. "Ní creidim an méid sin!" dúirt an sagart. "Bhfuil tú cinnte nach maith leat dul chun na bhflaitheas núair a gheibheann tú bás?" "A, níor thuigeas i gceart thú a athair... Nar cheap mé go rabhais ag iarraidh slúa a chur le cheile chun dul ann anois direach?" ars' Ó Tuathail . Is ait an mac an saol.
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 9 Registered: 06-2008
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 09:39 am: |
|
Go deas, a Phádraig. Cuireann sé i gcuimhne dom an nath sin a chuirtear i leith San Agaistín: 'A Thiarna déan naomh díom, ach ní inniu.' |