Author |
Message |
Liam_fitz
Member Username: Liam_fitz
Post Number: 10 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 06:03 pm: |
|
mise freisin! > me too! mise leis! > me too! Are there any hard and fast rules or situations where "freisin" or "leis" is the more appropriate, or are they completely interchangable? Will they always appear at the end of a clause? i.e. Is dochtúir mise freisin > I am also a doctor GRMA |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4000 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 07:39 pm: |
|
I hate to say the word, but this is a question, at least historically, of dialect: South: leis West: freisin North: fosta "Le futur est au métissage!" (Message edited by dennis on June 24, 2008) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2446 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 01:53 am: |
|
And you can also use: South : chomh maith West (ie. Connemara): chomh maith North: gomh maith Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7243 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 06:07 am: |
|
Seachain an focal sin "leis"! Is cosúil go bhfuil abairt ann le 5 X leis. leis [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] an chos taobh thuas den ghlúin nó a mhacasamhail ar ainmhithe, ceathrú (leis chaoireola) leis [dobhriathar] nocht, gan éadach. leis [dobhriathar] freisin; ach an oiread. agus, gan amhras, foirm de le atá i leis, leis! Ach leis ar leis, ní leis sin atá muid ag plé.... |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 534 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 07:26 am: |
|
Nach bhfuil an bonn céanna ag leis agus freisin? “With it”? 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4001 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 11:02 am: |
|
Is fíor duit, a Pheter. leis < lais < la + é freisin < fris sin < fri + é + sin Tá "fri" beo fós i nGaeilge na hAlban sa riocht "ri": ag bruidhinn ris = ag caint leis, ach thit "ri" agus "le" le chéile i nGaeilge na hÉireann. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 535 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 11:18 am: |
|
Agus tá “fre chéile” ann chomh maith a d’fhás ón bhfréimh chéanna, sin í an chosúlacht atá air. Ach céard is bunús don fosta? 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2447 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 06:12 pm: |
|
quote:Tá "fri" beo fós i nGaeilge na hAlban sa riocht "ri": ag bruidhinn ris Ach scríobhfaí a' bruidhinn ris Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4002 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 25, 2008 - 08:22 pm: |
|
Sea, an ceart ar fad agat, Lughaidh. Is maith leo na huaschamóga. Maidir le sanasaíocht "fosta", níl a fhios agam. Chuir mé an cheist ar Old-Irish-L tar éis do Pheter í a chur orainne, ach níl aon rud cinnte agam fós. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 8 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 11:28 am: |
|
Nuair a bhí an Ghaeilge á labhairt go leitheadach ar feadh oirthear Chúige Uladh, i nGlinntí Aontroma agus i Reachrainn, bhaineadh daoine leas as leagan a shamhlaítear le hAlbain anois: 'cuideachd'. Tá samplaí de san fhoclóir spéisiúil sin 'Foclóir Oirthear Uladh — Consolidated Glossary of East Ulster Gaelic' a d'fhoilsigh Ciarán Ó Duibhín ar an suíomh acmhainní Gaedhilge: 'cuideachd - also; go rug é is a chuid fear ar na trí bálaigh agus Duine an chorraic duibh cuideachd (Rath. - SR 6.2); agus ar son do dhílseacht leigfidh mé saor thú féin cuideachd (Rath. - SR 12.2) Ach b'fhéidir gur leor 'freisin', 'fosta', 'chomh maith' agus 'leis' gan 'cuideachd' a chur leis chomh maith. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4003 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 11:50 am: |
|
Dála an scéil, tá "freisin" le cloisteáil ag http://www.transparent.com/wotd/today/irish.htm mar fhocal an lae inniu (26 Meitheamh). "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 536 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 12:28 pm: |
|
Ara, an iomarca Béarla, dar liom! Ach tá sé sách súntasach insa méid sin go mbíonn r leathan sa bhfocal seo go hiondúil, is cuma cén litriú atá air. Dála an scéil, Dennis, chaith mé súil ar paradigms na réamhfhocla atá le fáil sa Deilbhíocht. Tá chuile sheans go bhfuil a fhios agat, ar ndóigh, ach tugann sí na foirmeacha ar fad atá ag an réamhfhocal mistéireach seo “fri” i gceist agus nóta ag goil leis sin nach rabhadar an-choitianta (sé sin timpeall’s trí scór blianta ó shin)... Ach bhíodar ann fós! 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4004 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 26, 2008 - 12:39 pm: |
|
quote:Ara, an iomarca Béarla, dar liom! Ummm... cén áit?? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 24, 2008 - 07:11 pm: |
|
'Freisin' ag an gConnachtach agus 'leis' ag an Muimhneach go bunúsach a Liam. Maidir le hionad, ag an deireadh is cóir a gcur. Is é sin, ag deireadh natha. Is nós leis an bhfoghlaimeoir leisciúil, 'freisin' a fheidhmiú ina intriacht ag tús abairte a fhad is atá an chuid eile den abairt ag aibiú ina cheann. Is nós cliste é ag an tús na foghlama, mar thaca, ach ba cheart don fhoghlaimeoir bocht ar mhaithe lena chuid Gaeilge agus ar a leas féin leis/freisin/fosta/thairis sin, a dhíbirt siar san abairt, nó sa nath. (thairis > fairis > f'ris+sin > freisin) |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 537 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, June 27, 2008 - 01:55 am: |
|
quote:Ummm... cén áit?? :) Á, is cuma, ní fiú é a phlé! 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|