Author |
Message |
Bearn
Member Username: Bearn
Post Number: 579 Registered: 06-2007
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 09:13 am: |
|
house work (obair baile) and homework (obair bhaile)? sold!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3979 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 10:27 am: |
|
An chéad cheann: obair tí An dara ceann: obair bhaile Níl a fhios agam cén fáth nach séimhítear "tí", ach is é sin a deirtear. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 10:59 am: |
|
An ceart agat. B'fhéidir go bhfuil a fhios agat i ngan fhios duit féin a Dennis, murar tú a thagair don 'gloine fíona' agus 'gloine fhíona' anseo cheana. B'fhéidir gur thagair Aonghus dó tamall ó shoin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3984 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, June 17, 2008 - 07:52 pm: |
|
quote:murar tú a thagair don 'gloine fíona' agus 'gloine fhíona' anseo cheana Ní mise a phléigh é. An é "gloine a bhfuil fíon inti / gloine le haghaidh fíona" vs. "gloine atá déanta as fíon (!)" atá i gceist? Ach níl an "obair bhaile" déanta as "baile". Cabhrú, led thoil! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7231 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 06:15 am: |
|
Ní mise, go díreach, Abi a d'ardaigh an cheist úd. Ceist is ansa le haos gramadaí, an mbíonn brí seimeantach le seimhiú. Táid ann a níonn an difear úd a fheiscint idir obair tís agus obair scoile atá le déanamh sa mbaile. Tinneas chinn a chuireann a leithéid ormsa. |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 06:43 am: |
|
Abigail go deimhin. Sea, mar a bhí thuas, obair tí agus obair bhaile. D'fhéadfaí 'obair baile' a reic le hobair sa mbaile a chur in iúl chomh maith ar ndóigh, nár 'obair bhaile' an mhúinteora í. Déarfainn féin, is dóigh liom: ní soithí, giotamáil tí, glanadh, nó sciúradh, scuabadh srl. Níor rith sé liom 'obair baile' a rá, is dócha mar gheall nach mbím i gcomhluadar daoine a dhealódh lena chéile an leagan faoi shéimhiú is leagan na loime. (Faoi dhó nó faoi thrí a chasaim le daoine anois, tharla in áit an-scoite mé.) |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 774 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:37 am: |
|
Guilty as charged! Taitníonn a leithéid seo de cheist liom i gcónaí... ach amháin nuair a bhím ag iarraidh labhairt. Ní bhíonn go leor ama agam i lár comhrá le cuimhneamh ar na rialacha, agus níl an rud féin chomh paiteanta sin agam go mb'fhéidir liom déanamh dá n-uireasa. Seo mar a thuigim é, ar aon nós: gloine fíona - gloine atá lán d'fhíon, nó lán gloine d'fhíon ("glass of wine", le dul i muinín an Bhéarla) gloine fhíona - gloine de chineál áirithe ("wineglass") Ar ndóigh, ní mór eatarthu go hiondúil. Mar shampla, ubh circe - ubh ar le cearc í ubh chirce - ubh de chineál áirithe (an cineál a bhéarfadh cearc) Fág scéalaíocht Hans Christian Andersen as an áireamh agus is beag cás inar chóir dealú eatarthu! Mar an gcéanna an uimhir gutháin (uimhir a bhaineanns le guthán) agus an uimhir ghutháin (uimhir de chineál áirithe, bíodh an uimhir áirithe féin bainteach le fón nó ná bíodh.) Ach tá roinnt eiseamláirí suntasacha a bhfuil fíordhifear seimeantach i gceist leo: gloine fíona/fhíona (nó beorach/bheorach, nó cibé a bheas agat féin...) cos maide/mhaide culaith mairnéalaigh/mhairnéalaigh Rud eile de: níl an séimhiú féin le brath ach i gcás ainmfhocail bhaininscní agus consan inséimhithe ina dhiaidh, ar ndóigh, ach is féidir an difear céanna a fheiceáil i ngnéithe eile den ghramadach, mar shampla in ord na haidiachtaí: cupán tae - "cup of tea" nó "teacup" ach cupán beag tae - "small cup of tea" cupán tae beag - "small teacup" Dála an scéil, seo atá faoi deara na conspóide a chloistear anois is arís faoi Gaeilge a chur ar an "good weekend" (.i. cé acu is cirte "deireadh seachtaine maith" a rá nó "deireadh maith seachtaine.") Braitheann sé ar an léamh a ghlacann tú ar an bhfrása "deireadh seachtaine." Bheinn féin sásta le ceachtar den dá leagan (ach bheadh claonadh agam chun an chéad cheann.) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 533 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 09:53 am: |
|
Ós é “deireadh seachtainí” atá ag muintir na Gaeltachta mar iolra, tá chuile chosúlacht ann go bhfuil an chéad cheann níos cirte. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3985 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 18, 2008 - 10:46 am: |
|
quote:gloine fíona - gloine atá lán d'fhíon, nó lán gloine d'fhíon ("glass of wine", le dul i muinín an Bhéarla) gloine fhíona - gloine de chineál áirithe ("wineglass") Ach níl FGB ar aon intinn leat: gloine, ... ~ fíona, wine-glass; glass of wine. Maidir le "deireadh seachtaine", aontaím le Peter agus le lucht na Gaeltachta. Is aonad é. Deirtear "finde" i leaba de "fin de semana" sa Spáinn na laethanta seo, dála an scéil: "que tengas un buen finde", mar shampla. Céard faoi "clár éadain"? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
|