Author |
Message |
An_tuathach
Member Username: An_tuathach
Post Number: 2 Registered: 09-2006
| Posted on Thursday, June 12, 2008 - 12:55 pm: |
|
Cathain a tarlóidh an phicnic an samhradh seo? |
|
Kelly_d
Member Username: Kelly_d
Post Number: 9 Registered: 02-2008
| Posted on Thursday, June 12, 2008 - 02:28 pm: |
|
An é picnic fíorúil atá i gceist agat? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 324 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, June 12, 2008 - 06:03 pm: |
|
Picnic? An Phicnic Leictreach, ab é? |
|
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 52 Registered: 01-2004
| Posted on Thursday, June 12, 2008 - 10:52 pm: |
|
Beidh an Picnic Dhaltaí ar an 5ú de mhí Iúil i mbliana. Tá súil agam go mbeidh tú linn, a Thomáis . . . |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3956 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, June 13, 2008 - 12:26 am: |
|
Beidh an Picnic Dhaltaí... "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 53 Registered: 01-2004
| Posted on Friday, June 13, 2008 - 11:04 pm: |
|
Go raibh míle maith agat, Dennis, as as gceartúchán. Ach cén fáth nach bhfuil "an" uaim? Ba mhaith liom a riail a thuiscint. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3963 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, June 14, 2008 - 12:08 am: |
|
Go raibh maith agat as an cheist a chur, a Rath. Tá súil agam gur féidir liom an riail a mhíniú le samplaí. ainm an fhir ~ not *an t-ainm an fhir Bunreacht na hÉireann ~ not *An Bunreacht na hÉireann Stáit Aontaithe Mheiriceá ~ not *Na Stáit Aontaithe Mheiriceá Clár Plé Dháltaí na Gaeilge ~ not *An Clár Plé Dháltaí na Gaeilge An riail anois: Más cinnte atá an t-ainmfhocal sa ghinideach, ní chuirtear an t-alt roimh an ainmfhocal eile. Cad is "ainmfhocal cinnte" ann? Seo agat an míniú ó na Bráithre: Tá ainmfhocal ina ainmfhocal cinnte nuair is do dhuine / rud áirithe a thagraíonn sé. Is iondúil gur ainmfhocail chinnte iad seo a leanas: a) ainfhocal ar lorg an ailt: an fear b) ainmfhocal a thagraíonn do dhuine áirithe nó d'áit áirithe: Gaillimh, Tomás c) ainmfhocal atá á cháiliú ag aidiacht shealbhach: mo mhac d) ainmfhocal atá á cháiliú ag gach : gach lá ... agus cúpla ceann eile nach mbaineann le hábhar. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1482 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 19, 2008 - 06:57 pm: |
|
Léigh mé áit éigin go mbeidh bairbiciú dátheangach ar siúl i nGaillimh am éigin, níl aon scéal faoi ar gleg.ie áfach. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3989 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 19, 2008 - 07:41 pm: |
|
Is maith liom teanga -- go háirithe i gceapaire le mustard, nó i dtaco le salsa picante -- ach nach gortach an bairbiciú é nach mbeadh le fáil ann ach dhá theanga! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|