Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1474 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, June 07, 2008 - 03:35 pm: |
|
Bhíos ag gearán mar gheall ar an Giants Causeway cúpla lá ó shin. Ach, an mholfadh duine agaibh áit éigin in Éirinn atá go deas (Táimid ag caint faoi áit faoi leith seachas ceantar ar nós Conamara mar shampla) ? Táim lonnaithe i mBrú na Bóinne, mar sin Newgrange, Teamhrach agus araile tá sé déanta agam cheana! Dála an scéil, mholfainn féin Baile An Chaistil, Aontroim / Na sléibhte i nDeisceart Ard Mhacha agus GAN chuairt a chur ar Fhear Manach ARIAMH!!! ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Suaimhneas
Member Username: Suaimhneas
Post Number: 420 Registered: 08-2006
| Posted on Tuesday, June 10, 2008 - 11:52 am: |
|
Bealach Cheann Sléibhe i gCorca Dhuibhne, dar liomsa http://en.wikipedia.org/wiki/Dingle_Peninsula agus scrollaigh síos go "gallery" Ceist agam, a chairde - "síos" no "anuas" sa chás thuas? |
|
Dave_gallagher
Member Username: Dave_gallagher
Post Number: 66 Registered: 11-2007
| Posted on Tuesday, June 10, 2008 - 02:28 pm: |
|
Molaim an rogha sin. Agus thart timpeall ar Bhaile Chaisleáin Bhéara san Iar-Chorcaigh, freisin, go mór mhór más maith leat siúl. Moladh Contae Liatroma sna nuachtáin anso le déanaí mar cheann cúrsa turasóirí, thug mé é sin faoi deara, ach ní rabhas féin ann riamh... |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7205 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 06:15 am: |
|
quote:Ceist agam, a chairde - "síos" no "anuas" sa chás thuas? Is dóigh liom go mbeadh ceachtar acu inglactha, ach b'fhearr liom síos. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1478 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, June 11, 2008 - 05:07 pm: |
|
Maith agaibh! Bhí mé in ainm is a bheith ag dul go na SA agus mo chéim anois agam, ach thit an lug as an lag mar gheall ar sin. Mar sin is ag taisteal timpeall na hÉireann a raghad! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1483 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, June 19, 2008 - 06:58 pm: |
|
Bhíos i gCabhán ansin ar feadh cúpla lá.. Bhí sé maith go leor, a lán lochanna agus mar sin. Tá na bóthair thart faoin áit maith go leor freisin.. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|