Author |
Message |
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 319 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 05:39 am: |
|
An bhfaca aon duine an scéal ar nós* na míosa seo go mbeidh scannán nua ar Bhrian Bóirmhe ann, ach é ar fad i mBéarla?! Leonardo Di Caprio don phríomhról chomh maith. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1471 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 08:08 am: |
|
Tá Johnathan Reys Meyers mar Henry VIII don chlár The Tudors.. Níl JRM romhar le féasóg mór air agus mar sin. Cén fáth? Mar gur mhaith leo carachtar "an lae inniú" a dhéanamh as! Sin a léigh mé pé scéal. B'fhéidir gurb é an scéal céanna atá i gceist le Briain Boróimhe. Sex sells mar a deirtear, más scannán de chuid Hollywood atá ann ach go háirithe. Is ionann sex agus JRM is Leo! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 320 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 08:33 am: |
|
Tá mé cinnte go raibh ArdRí Brian gnéasúil ina dhóigh féin chomh maith! ;-) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7187 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 08:42 am: |
|
Is cinnte go raibh. Meallann cumhacht. Nár ghoid sé bean an Ard Rí? (Ansin chuir sé i leataobh í, agus bhí lámh aici ar an dtaobh eile i gCath Chluain Tairbh.) Ról na mBan i gcogaí na hÉireann: Pléigh! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1472 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, June 07, 2008 - 03:25 pm: |
|
Haha! Nach bhfuil pictiúr den fhear mór croctha áit éigin? Bhí mo mháthair ag obair i nGaelscoil Bhriain Boróimhe i Sord tamall de bhlianta ó shin, ach níl pictiúr ansin deirtear liomsa! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Maidhc_Ó_haodha
Member Username: Maidhc_Ó_haodha
Post Number: 7 Registered: 05-2007
| Posted on Sunday, June 08, 2008 - 11:43 am: |
|
A Dhomhnaill, dála an scéil, an Angelman tú? http://www.flickr.com/photos/43726263@N00/2110723872/ Slán go fóill, Maidhc Maidhc Ó hAodha FRC
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 2 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, June 08, 2008 - 12:19 pm: |
|
De réir an tseanchais, is in Ard-Eaglais Ard Mhacha (Eaglais na hÉireann) atá taisí Bhriain. Tá aithne agam ar scoláire Gaeilge a chuaigh isteach le súil a chaitheamh orthu. Cléireach óg as Sasana a bhí i mbun na háite. 'I'd like to see Brian Ború' a dúirt an scoláire. 'Oh wait a second' a dúirt an cléireach agus d'imigh sé le comhairle a fháil ó chléireach níos sinsearaí. Agus é ag fanacht, chuala mo chara an comhrá seo: 'There's a gentleman here with an appointment for a Brian Brew.' |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3932 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, June 08, 2008 - 12:33 pm: |
|
An-scéilín! Go raibh maith agat, a Antain, agus fáilte is fiche romhat inár measc! Rinne mé cuardach ar Íomhánna Google anois díreach agus fuair mé an pictiúr seo faoi dheireadh: http://www.ubry.net/cz/PUVOD_soubory/image013.gif (Message edited by dennis on June 08, 2008) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7192 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, June 08, 2008 - 12:51 pm: |
|
Bhíodh teach tábhairne ar an slí go dtí an Aerfort le pictiúir de. |
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 140 Registered: 11-2005
| Posted on Sunday, June 08, 2008 - 08:47 pm: |
|
Bheadh eagla orm gur cac náireach a bheadh sa scannán soin. Tar éis scannán de nós 'The Passion of the Christ' agus 'Apocolypto' shílfí gurbh fhéidir é a dhéanamh i SeanGhaedhilg agus Lochlannis. Gaedhilg an lae indiu ar a laghad. Ba bhreagh liom é sin 'fheiceáil. Séamus Ó Murchadha Caighdeán, mo Thóin!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1476 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, June 09, 2008 - 04:49 pm: |
|
Ní mé A Mhaidhc!! Caithfidh gur ghoid mo dhuine pictiúr díom ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|