Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3925 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, June 04, 2008 - 11:56 pm: |
|
Chum Bertrand Russell an sampla seo leis an difríocht idir denotation agus connotation a thaispeáint: "I am firm. You are obtinant. He is pigheaded." Is féidir cluiche a dhéanamh as: "I am exploring my sexuality. You are promiscuous. She is a slut." Is féidir an rud céanna a dhéanamh i nGaeilge: "Tá mé diongbháilte. Tá tú ceanndána. Is cadramán é." Agus... ? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7176 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 06:09 am: |
|
Táimse ag rianadh mo chollaíocht Tá tusa drúiseach Is rúpach ise (Fuaireas cabhair leis an gceann deiridh sin. Duine séimh béasach mé, ach tá flúirse focail do slut ag Is Iomaí Duine ag Dia |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 207 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 10:13 am: |
|
Bhí mise ar tí "tá mise ag cur aithne ar ___" a mholadh mar aistriúcháin ar "I am exploring my ___". Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7178 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 10:46 am: |
|
Hmm. Braithim go gcuireann tú aithne ar rud mar atá, ón dtaobh amuigh. Nuair atá tú ag exploráil tá tú ag baint triail as gnéithe nua de rud. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3926 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 03:24 pm: |
|
Céard faoi thréanna eile mar seo a chur i dtoll a chéile? Tá mé róthrom. Tá tú ramhar. Is bleitheach é. Tá mé faichilleach. Tá tú faiteach. Is meatachán é. Agus... "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7180 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 05:23 pm: |
|
Táimse tuirseach. Tá tusa traochta Is codlatán eisean! Oíche mhaith go fóill. Táim ró thuirseach anocht don aclaíocht intinne seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3928 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 10:29 pm: |
|
Agus i gcúrsaí óil? Tá mé súgach. Tá tú ar meisce. Tá siad caoch ólta. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Antain (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, June 05, 2008 - 02:01 pm: |
|
Cad é faoin cheann seo: Tá mise súgach Tá tusa bogtha Tá seisean caoch Nó Tá údar gearáin agam Tá sé tugtha don chasaoid. Bíonn sé i gcónaí ag clamhsán. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7185 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 05:31 am: |
|
Táimse díreach Tá tusa borb Báirseach ise. Táimse lách Tá tusa bog Lagrachán eisean |
|
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, June 06, 2008 - 07:15 am: |
|
Chonaic tusa míol cnis, chonaic seisean míol maighe, ach chonaic mise míol mór! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3951 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, June 12, 2008 - 01:09 pm: |
|
quote:Tá mise súgach Tá tusa bogtha Tá seisean caoch Agus ceann eile, a fuair mé de thaisme inniu: Níl féith ná comhaireamh aige. (He's plastered.) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|