Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7165 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 02, 2008 - 05:20 pm: |
|
Séanadh: Ní taighde eolaíoch atá i gceist leis an méid atá a scríobh agam anseo: níl ann ach tuairimí bunaithe ar an deireadh seachtaine seo a chaith mé i mBaile Bhuirne. Is oth liom é a rá, ach ní hí an Ghaeilge an teanga pobail i mBaile Bhuirne ná Baile Mhic Íre níos mó, feictear dom. Tá roinnt díomá orm; d'fhiosraigh mé roimh dul ann cá mbeadh lóistín le Gaeilge le fáil agam, agus mhol an mbean ón Údarás an Muileann dom. Cinnte, bhí Gaeilge ag an gcuid is mó den fhoireann ann - ach bhí orainn é a mhealladh astu. Béarla a labhair siad le chéile. Agus níor chuala mé, dá mhéid cúléisteachta a rinne mé tahrt ar an mbaile, aon chomhrá i nGaeilge mar atá cloiste agam go minic i gCorca Dhuibhne. Caithfidh mé a admháil áfach gur deireadh seachtain fada a bhí ann, agus go raibh a lán daoine thar baile isteach ann seachas mé fhéin agus mo mhac. Rudaí dearfacha: San siopa earraí turasóireachta lámh leis an Muileann, bhí RnaG ar súil, agus comhrá i nGaeilge agam leis an mbean ann. Agus b'ardú croí é freastal ar Aifrinn i gCúil Aodha, agus an chór clúiteach a chlos beo beathaíoch. Bhí níos mó Gaeilge le clos ansin thart ar an séipéal ná mar a chuala mé sna bailte eile - ach gan amhras níor fhreastal mé ar Aifrinn ach ansin. Beidh tuairiscí níos iomláine ar mo thuras amach anseo ar mo bhlag le cúnamh Dé. Tá an Ghaeilge fós ann; ach caithfear tochailt chun í aimsiú! Agus is dócha gur amach ón mbóthar mór is láidre atá sí, mar a bheifí ag súil. |
Canúnaí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, June 02, 2008 - 09:20 pm: |
|
GRMA a Aonghuis. Tuigim duit. Braitheann go leor ar an teach a mbeidh tú ann agus ar an dream a gcasfar duit, agus is fíor duit go bhfuil an tír trí chéile báite le muintir na cathrach an deireadh seachtaine seo. |