Bhí mé i Hong Kong an tseachtain seo caite (ag bainis col ceathar m'fhir). Bhíomar i mbialann agus thug m'fhear pionta Guinness dom. Bhí an pórtar dubh ach thug mé faoi deara nach raibh an ceann ceart air, agus ní raibh an blas ceart air ach an oiread.
Dúirt an buidéal:
"Guinness Foreign Extra
St James Gate, Dublin"
agus i gcló beag bídeach ar a thaobh:
"Brewed under license in Malaysia"
Chuaigh mé go dtí an suíomh Guinness ar an idirlíon agus léigh gur tháinig "Guinness Foreign Extra" amach sa bhliain 1802. Tá níos mó de leannlus ann agus, mar sin, coinneáiltear úr sa teas san aimsir thrópaiceach.
Níor mhaith liom an blas. An bhfuil barúil eile ag duine eile?
http://www.guinness.com/gb_en/beer/foreignExtraStout/