Author |
Message |
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 193 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 10:16 am: |
|
Mar eolas don té a chuireann suim ina leithéidí: Tá ár gcairde i gColáiste na Tríonóide tar éis sintéiseoir gutha Gaeilge a láinseáil ar an Idirlíon: http://www.abair.ie/ - cuir téacs isteach, cliceáil ar an chnaipe agus - voilà! - déanfaidh an ríomhaire an téacs a rá. Tá sé dochreidte maith. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 119 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 10:24 am: |
|
Bhabh! Tá sé iontach maith ar fad! An bhfuil canúintí eile ar an suíomh? gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Do_chinniúint
Member Username: Do_chinniúint
Post Number: 320 Registered: 01-2007
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 10:52 am: |
|
LOL Now that is just fun to play with. I think I found my new favorite Irish site ;-) And not to mention this is wonderful for hearing words spoken. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3895 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 11:11 am: |
|
Tús maith! Ach... tá glitcheanna ann fós. Bhain mé triail as cúpla focal neamhghnách: Carghas, eadhon, antraipeolaíocht, truafheoil. Níor chuala mé an 'p' in "antraipeolaíocht", agus ní raibh an sintéiseoir in ann an dara cuid de "truafheoil" a rá. Ansin, chuir mé an abairt "Seolfar an chéad ghuth sintéiseach Gaeilge ar an láithreán gréasáin seo" sa bhosca. B'aisteach ar fad an sing-song a fuair mé! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 194 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 11:19 am: |
|
Dennis: Chuir mise an abairt chéanna isteach ("Seolfar an chéad ghuth sintéiseach Gaeilge ar an láithreán gréasáin seo") agus fuair mé an abairt á rá go soiléir. N'fheadar cén sing-song a fuair tusa. Seans go raibh mearbhall curtha agat ar an Chabóigín bocht le do chuid truafheola. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 120 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 11:21 am: |
|
Scríobh mé cúpla focal i nGaelainn agus bhí sí ag caint i nGaelainn le blas Ghaoth Dobhair lol gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3897 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 11:33 am: |
|
Mbm: Bhí mé in ann an chuid is mó de a thuiscint, ach bheadh "ghuth sintéiseach" dothuigthe, dar liomsa, as comhthéacs. Nuair a deirim "sing-song", is é rithim mínádúrtha na cainte atá mé a rá. Dála an scéil, chuir mé an tURL chuig cara liom sa Silicon Valley atá ag obair sa chomhlacht Tellme mar theangeolaí. Aithint gutha agus sintéis gutha a dhéanann siad. Tá Gaeilge aige. Tá mé ag fanacht lena léirmheas. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Do_chinniúint
Member Username: Do_chinniúint
Post Number: 321 Registered: 01-2007
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 12:01 pm: |
|
Actually, for a computer voice, it is not that bad. Am I reading this correctly? Was this created by people from Trinity? If so then I am suprised that Trinity went with a Gweedore speaker... Does anyone know what motivated them to go with a lady from Donegal? Was she the creator of the program maybe? |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 516 Registered: 01-2006
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 12:23 pm: |
|
Leagan beta, ar ndóigh. Is maith an rud é ach an chéad rud ar bhain mé triail as ná “cara amháin” agus “an bealach sin” agus chuala mé [karə ə`wæ:n’] agus [ən b’alə ∫in’] in áit [kar ə`wæ:n’] agus [əm b’alə ∫in’] i.e. níl coarticulation agus vowel elision i gceist ag an ríomhchlár seo faoi láthair, ach gan daubht ar bith socróidh an foireann na mion-rudaí sin. Go raibh maith agat, Mbm, as an gCabóigín a chur ar ár súile dhúinn! quote:If so then I am suprised that Trinity went with a Gweedore speaker Baineann sé le cúlra teangeolaíochta Ailbhe Ní Chasaide, ar ndóigh, mar is ar chanúint Thír Chónaill go príomha a rinne agus dhéanann sí staidéar, ar feadh m’eolais. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3898 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 01:12 pm: |
|
quote:Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com Ní fheicim an seanchló ar mo scáileán, a Mhicilín, ach is cuma. Bhí an méid a scríobh tú in Ciúnas, le bhur dtoil thar a bheith suimiúil! Tá cara Eastónach agam, fear a bhfuil Fionnlainnis aige mar is iondúil i measc na nEastónach. Caithfidh mé fiafraí de ar bhraith seisean an ciúnas sin i gcomhluadar na bhFionnlanach. Ní mar sin atá sé féin ar chor ar bith. Is breá leis a bheith ag cur is cúiteamh, beagnach gan stad, agus an focal is ansa leis ná "Why?" "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7159 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 29, 2008 - 05:07 pm: |
|
Tá cnaipe ar dheis chun an tseanchló a roghnú, muna bhfuil sé ann go huathoibríoch. De bharr cúlra Mhichal, is in IE a fheidhmíonn an uathoibríocht - feicim an cló gaelach i Firefox, ach ní mór dom é roghnú. Níor éist mé le guth sintéiseach ar bith le bliain nó dhó, ach feictear dom go bhfuil an ceann seo sách forbartha. Tá an mata agus an ríomheolaíocht a ghabhann lena leithéid...scanrúil |
|
Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Post Number: 461 Registered: 09-2006
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 12:06 am: |
|
Jesus, Mary and Joseph, and all the Angels and Saints, THANK YOU! FINALLY! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2429 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 01:50 am: |
|
Do réir ar léigh mé agus ar thuig mé, is cainteoir dúchais as Gaoth Dobhair í Ailbhe Ní Chasaide, stiúrthóir an tionscadail sin. Ní hionadh ar bith gur roghnaigh sí canúint Ghaoth Dobhair, mar sin. Agus is fusa daoithe cainteoirí dúchais a dh’fháilt thall, níl urthaí ach iarraidh ar a comharsanaí :-) Dála ’n scéil, níl an tsintéis ghutha sin foirfe go fóill. Cha gcluintear achan fhuaim go maith. Ach tá sé deas agus greannmhar. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 202 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 06:24 am: |
|
Wow, what a fantastic resource. For years I've dreamed of an electronic translator being available for Irish, it's one step closer now. Of course, we need good ole Connacht and Munster speakers... the dialect on there sounds funny, like Scottish or something :0) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2430 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 06:59 am: |
|
quote:in áit [kar ə`wæ:n’] agus [əm b’alə ∫in’] In Ultaibh (agus sa chuid is mó don Ghaeltacht) deirtear "a’ baile sin": [ə ˈbʷɑlʲɪ ʃɪnʲ], cha gcluintear an n nuair a bíos consan i ndiaidh ’n ailt... Asarlaí > Gweedore Irish doesn't sound Scottish... To me, it's Connaught Irish and Munster Irish that sound funny ;-) Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1466 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 07:37 am: |
|
Tá sin ar fheabhas! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 315 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 09:22 am: |
|
Tá sé maith. An bhfuil sé dírithe ar fhoghlaimeoirí nó cad é? |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 196 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 30, 2008 - 11:19 am: |
|
Go bhfios dom, níl an suíomh sin dírithe ar fhoghlaimeoirí in aon chor. Tá sé ann chun an teicneolaíocht a thástáil, sin an méid. Tá súil acu an gineadóir gutha a úsáid le haghaidh rudaí éagsúla amach anseo, dála léitheoirí uathoibríocha le haghaidh na ndall, córais freagartha guthán, agus mar sin de. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 519 Registered: 01-2006
| Posted on Monday, June 02, 2008 - 05:01 am: |
|
quote:... sa chuid is mó don Ghaeltacht deirtear) "a’ baile sin": [!@#$@#$%#@%@$], cha gcluintear an n nuair a bíos consan i ndiaidh ’n ailt... Tá an Ghaeilge agus thú féin ag goil amú ar a chéile. Insan Deilbhíocht, cuir i gcás, tá cupla leathanach i dtaobh cumanna a bhíonns go hiondúil ar an alt. Is féidir “aN bealach sin” agus “a’ bealach sin” araon a rá agus i dtús abairte atá sé. Ach is coitianta “a’ bealach sin” san áit seo ná an chéad cheann, as béal de Bhaldraithe. Dála an scéil, tá cupla áit eile a bhfuil “n” le clos i gcónaí iontu cé go bhfuil consainí eile timpeall air ( “adhmad aN fhráma” versus “adhmad a’ doiris”). 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|