Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 244 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 11:26 am: |
|
gurb fhearr vs. gurbh fhearr An aithníonn duine ar bith difear sa chiall eatharthu? Do people recongise the difference? Caidé a mhaíonn an CO ar an ábhar? What does the standard state? GRMA |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 301 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 11:41 am: |
|
'gurbh fhearr' don aimsir chaite agus don mhodh coinníollach. 'gur fearr' don chuid eile. Is dócha gur rud a bhaineann leis an chaint é 'gurb fhearr'. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 246 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 11:49 am: |
|
Caint na ndaoine abú!!! Seo an rud, nuair a théann tú isteach sa caighdeán bíonn tú trína chéile in amannaí. Taing dhuit i gcás ar bith RG. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2422 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 04:37 pm: |
|
Cár mhoithigh tú "gurb fhearr", a Ghaelghannaire? I ndiaidh domh giota beag taighde a dhéanamh, is dóigh liom gur féidir gur i gConamara a déarfaí "gurb fhearr". Ní dóigh liom go bhfuil sin le fáilt ins na canúintí eile. Cá bith, níl sa chaighdeán ach gur fearr san aimsir láithreach, gurbh fhearr san aimsir chaite agus sa mhodh choinníollach (agus glactar le "go mb’fhearr", dar liom). Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 302 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 07:46 pm: |
|
agus glactar le "go mb’fhearr", dar liom Glactar leis, nó is minic sin sa scríobh chomh maith. Sílim go bhfuil an ceart agat a Lughaidh gur rud Chonamara é 'gurb fhearr'. |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 508 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 01:55 am: |
|
Ós rud é go bhfuil “fearr” mar “fhearr” sa gcaint le fada, tá seans ann go ndéantar “gob fhearr” (thrí athrist ar “gob é”) san aimsir láithreach. Mar sin féin thuigfinn mar an aimsir chaite/coinníollach é. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2423 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 06:44 am: |
|
quote:Ós rud é go bhfuil “fearr” mar “fhearr” sa gcaint le fada cá háit? quote:tá seans ann go ndéantar “gob fhearr” (thrí athrist ar “gob é”) san aimsir láithreach. Mar sin féin thuigfinn mar an aimsir chaite/coinníollach é. Is í an aimsir chaite/ coinníollach a bhí i gceist agamsa fosta ’s mé a’ scríobh "gurb fhearr" thuas... Ar chreid tusa gurb í ’n aimsir láithreach a bhí i gceist agam? Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 303 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 08:13 am: |
|
Ar ndóigh, ar ábhar eile, bíonn 'níos fhearr' srl. san aimsir láithreach le fáil in áiteanna in Ultaibh. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 247 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 08:22 am: |
|
... agus 'is fhearr liom'! |
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 509 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 10:42 am: |
|
quote:cá háit? Ar ndóigh, Conamara a bhí i gceist a’msa. Ina theannta sin, cuimhním go maith gur thug Louis & Pedersen “is fíor” mar “is fhíor” (agus an s leathan) áit eicínt insa Concise Comparative Celtic Grammar mar shampla de chuid Geailge Árann… Agus a dheacracht ‘s atá sé ar mhuintir Gaeilge an grúpa [sf’] a rá ag tús focail, cailltear an [f], meas tú? quote:Is í an aimsir chaite/ coinníollach a bhí i gceist agamsa fosta ’s mé a’ scríobh "gurb fhearr" thuas... Ar chreid tusa gurb í ’n aimsir láithreach a bhí i gceist agam? Níor chreideas. Cloistear “go mba” agus “go ba” araon san aimsir caite. Mar sin, is dóigh gur leis an aimsir caite a bheadh an ceangal is láidire ag “gob fhearr” (ach “gob é” sa láithreach), séard a bhí mé a rá. Níl a fhios a’m, níl ann ach tuairimíocht. 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3859 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 10:59 am: |
|
quote:bíonn 'níos fhearr' srl. san aimsir láithreach le fáil in áiteanna in Ultaibh Agus i gConamara. Tá sé le cloisteáil anseo, sa churfá: http://www.youtube.com/watch?v=Q7DLv5IbyzY A Choilm de Bhailís dá mairfeá beo, Meas tú 'dtiocfá ar ais go Leitir Móir? 'gCeapfá go bhfuil rudaí againnn anseo thar barr, Nó meas tú go raibh cúrsaí fadó i bhfad níos fhearr? (Message edited by dennis on May 23, 2008) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2424 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 23, 2008 - 06:53 pm: |
|
I ndiaidh "is" tá sé giota beag difriúil: deirtear "is fheàrr" in Albain fosta, ach is dóigh liom go bhfuil údair dhifriúla leis an tséimhiú i ndiaidh "gurb". Deirfidh Dennis an aontann sé liom, ach deirfinn féin go n-abraíodh "is fhearr" faoi anál "as fhearr" (sin foirm choibhneasta "is" i nGaeilg Chlasaiceach srl). Bhíodh séimhiú i ndiaidh "as" (a+is) fadó. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|