Tá leagan an-deas den amhrán clasaiceach "Casadh an tSúgáin" aici. Is breá liom na focail atá aici air.
Má bhíonn tú liom
Bí liom os comhair lán an tí
Má bhíonn tú liom
Bí liom go ló geal is oíche...
Ní dóigh liom go bhfuil sé seo ar fáil ar YouTube. Ach tá leagan deas eile ann le Mícheál Ó Domhnaill (nach maireann, agus is go hóg a cailleadh é, faraor):
http://www.youtube.com/watch?v=UQCcmY00fuM Is fíormhaith liom glaineacht a ghutha -- an guth a bhí aige tríocha bliain ó shin ar aon nós.
Tá focail an dá leagan ar fáil anseo:
http://www.geocities.com/celticlyricscorner/songlist-c.htm