Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, May 16, 2008 - 12:00 pm: |
|
http://url.ie/dwx ...as Lá Nua: Ní thig a shéanadh ach go bhfuil fás iontach tagtha ar an Ghaeilge i dTuaisceart Mheiriceá le blianta beaga anuas. Bhí riamh gean ag Gaeil Mheiriceá agus Meiriceánaigh Éireannacha ar an tír dhúchais agus, dá bharr sin, ar an teanga dhúchais. D’aithin cuid mhór daoine a chuaigh ar na báid bhána agus ar na heitleáin imirce, gur iompair siad ní amháin dornán beag ithreach ón mháthair-thír ina bpócaí, ach gur iompair siad chomh maith, ina n-aigne, an tÉireannachas. Go minic, chuir siad seo in iúl tríd an teanga a choinneáil, nó ar a laghad, a mhúnlú tríd an teanga a bhí á tógáil acu, an Béarla. Tá cur síos ag an scríbhneoir Daniel Cassidy ina leabhar, How the Irish Invented Slang: The Secret Language of the Crossroads, ar an tionchar seo. Anois, tá daoine, Gael-Mheiriceánaigh agus Meiriceánaigh Éireannacha i mbun athbheochana thall, agus iad ina n-ábhar spreagtha dúinne in Éirinn, agus ina dtuar dóchais dúinne ar mhian linn an Ghaeilge a neartú sa bhaile agus sna Gaeltachtaí. An deireadh seachtaine seo, beidh mórchomhdháil ar siúl i Nua-Eabhrac chun pobail fhorbartha na Gaeilge a thabhairt le chéile agus a chur in aithne dá chéile, ó dhá bhruach an Aigéin Atlantaigh. Sa lá atá inniu ann, níl san aigéan sin ach lochán beag, agus an Ghaeilge beo beathach ar an dá thaobh de. Ní neart go cur le chéile, agus is cinnte gur fearrde muid ag comhoibriú, agus gur láidre an tarraingt ar an rópa nuair atá gach duine ag tarraingt sa treo amháin. Caithfidh muidne anseo in Éirinn glacadh leis go bhfuil neart le foghlaim againn as taithí na ndeartháireacha agus na ndeirfiúracha thall, agus is iontach an deis é seo, ag an chomhdháil seo, an taithí a roinnt agus an saibhreas taithí atá ag lucht gníomhaithe teanga a roinnt chomh maith.
|