Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 235 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 16, 2008 - 11:07 am: |
|
Dréachta Chrích Fódla - Pádraig Ó Cíobháin Mar gheall air chomhrá a bhí againn anse, cheannaigh mé an leabhair sin thuas, níor léigh mé éar fad go fóill ach go dtí seo cha dtig liom bun nó barr a dhéanamh as. Tá aiste ann fá choimhlint san mheán-oirthear fiú. An bhfuil sé ag éinne eile, mur mbarúil? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3826 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 16, 2008 - 11:18 am: |
|
Níl sé agam. Bhíos ag smaoineamh ar é a ordú, ach n'fheadar anois an fiú an t-airgead é! Má bhíonn an t-am agat, an mbeifeá sásta sliocht as na "Dréachta" seo a thabhairt dúinn? Nó cúpla leathanch de a chur ar líne mar shampla? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 236 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 16, 2008 - 11:20 am: |
|
Déanfaidh mé iarracht! Caithfidh mé suí síos leis ach is cinnte gur caitheamh le chéile é agus ní dóigh liom gur chóir mo mbeadh aistí polaitiúla ann! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3829 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 16, 2008 - 07:20 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Gh. Beidh mé ag fanacht leis. Léigh mé cúpla gearrscéal leis an údar thiar "sa chéad seo caite" .i. deich mbliana ó shin. Ní dheachaigh siad i bhfeidhm orm ag an am... ach cé aige a bhfuil a fhios... bhí mé ag súil le rud éigin eile an t-am seo. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1442 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, May 17, 2008 - 04:43 am: |
|
Cad é sa bhéarla? Dréachta Chrích Fódla The final passages of Ireland ab ea? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7124 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 17, 2008 - 09:47 am: |
|
#críoch [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] (crích in abairtí áirithe) teorainn (críocha na tíre, na feirme); réigiún, limistéar (críoch Laighean); deireadh; críochnú (críoch an scéil); slacht (cuir críoch éigin ort féin; duine gan chrích); socrú saoil (tá iníon eile le cur i gcrích aige). Críoch Fódla = Éire |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3832 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, May 17, 2008 - 11:27 am: |
|
Meas tú an bhfuil léirmheas ar an leabhar seo in Foinse nó in Lá? An mbeadh a leithéid le fáil via Google? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1444 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, May 18, 2008 - 07:22 pm: |
|
Téigh i dteagmháil le Philip Cummings in Lá Nua. 'Sé an duine a scríobhann na léirmheasanna, bíonn sé i gcónaí ag lorg ábhar nua. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7126 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 19, 2008 - 06:12 am: |
|
Hmm. Deir google go raibh léirmheas i Feasta, Bealtaine 2007. http://www.feasta.ie/2007/bealtaine/clar.html Ar chúiseanna easpa L-spáis, níl cóip fós agam. N'fheadar an bhfuil ag aoinne eile? Ní cuimhin liom a dhath a léamh faoin leabhair i Lá ná Foinse (An Ciobhánach fhéin is mó a bhíonn i mbun léirmheastóireacht i bhFoinse) Theip orm teacht air faic leis san leabhrlann i mBré; senas go niarrfaidh mé orthu iasacht idir leabharlainne a dhéanamh. Níl faic leis léite agam. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 239 Registered: 04-2007
| Posted on Monday, May 19, 2008 - 07:08 am: |
|
Denis, Scríobh chuig an Cummingseach agus cuirfidh sé cóip chugat agus beidh muinn uile go léir ar an eolas!!! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3837 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 10:41 am: |
|
Fuair mé an t-eolas seo ó Aogán Ó Muircheartaigh: quote:Bhí a leithéid ar an aer ar RNG ar an gclár FOCAIL CHLÓITE... ar 5 Aibreán... Tá sé le clos ar an Idirlíon: http://www.rte.ie/rnag/focailchloite2006.html Ar an drochuair dom, ní féidir liom é a chloisteáil ar mo ríomhaire! Tá Quicktime agam, nochtann sé ar an scáileán, ach ní thagann aon fhuaim as. Fuair mé fógra an chéad uair á rá go bhfuil "extension" ar Quicktime ag teastáil chun an clár seo a chloisteáil. Céard ba cheart dom a dhéanamh anois? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1447 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 03:51 pm: |
|
Do ríomhaire a chaitheamh amach as an bhfuinneog! A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7127 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 04:54 pm: |
|
ag éisteacht leis anois ar Real Player. Is dóigh liom gur féidir liom é a ripáil - seolfaidh mé chugat é más féidir. Moltach go maith atá sé. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7128 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 05:06 pm: |
|
Hmm. Is féidir liom é a thaifead, ach sin é. Níl bealach agam chun é a shábháil i bhfoirm inseolta. Ró mhall anocht taighde eile a dhéanamh air. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3839 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 07:28 pm: |
|
GRMA, a Aonghuis. Chuaigh mé i gcomhairle le cara liom anseo a bhfuil "computer karma" aige. Is é sin, chuir mé an fhadhb faoina bhráid i dtcht anois díreach. Níl a fhios agam an mbeidh réiteach aige nó nach mbeidh. Cé chomh fada agus atá an clár seo? "Moltach go maith", an ea? Cén nuance go díreach atá le "go maith"? Ag smaoineamh ar "quite good" atá mé. Tá "quite good" an-mholtach abhus anseo i Meiriceá, ach gan a bheith ró-mholtach thall i Sasana. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3840 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 07:29 pm: |
|
quote:Do ríomhaire a chaitheamh amach as an bhfuinneog! Ach... ach... cheannaigh mé trí mhí ó shin é! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7129 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 06:15 am: |
|
Leathuair atá an chlár, an chéad 10 noim atá i geist. Admhaím nár éist mé go ró aireach leis, agus bíonn plámas i gceist go minic le clár mar sin (tá aithne againn uilig ar a chéile). LCD beidh 10 noim agam anocht chun éisteacht i gceart leis. (Message edited by aonghus on May 21, 2008) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3844 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 09:56 am: |
|
Dúradh liom gur léachtóir in Institiúid Theicneolaíochta Thrá Lí, Muiris Ó Laoire, a rinne an léirmheas. Níl mé in ann éisteacht leis go fóill, ach tig liom foighne a dhéanamh. All good things... "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3847 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 02:34 pm: |
|
Shuiteáil mé RealPlayer ar mo ríomhaire agus is cosúil go mbeidh fáil agam ar an gclár anois! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3850 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 07:35 pm: |
|
D'éist mé leis an léirmheas anois díreach. Is léir gur thaitin an leabhar sin go mór le Muiris Ó Laoire. Is cosúil go mbeidh orm é a ordú, toisc mo shuime féin sna tseanlitríocht. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 242 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 04:23 am: |
|
Dennis, Déan léirmheas! |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 410 Registered: 11-2006
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 06:50 am: |
|
Gaelgannaire, nach bhfuil an leabhar agatsa, nach dtabharfaidh tú do leirmhéas dúinn ? |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 243 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 10:46 am: |
|
Cha dtigidh liomsa bun nó barr a dhéanamh as!!! Chan fhuil a fhios agam cáit a thosnaíonn an tseanchas agus cáit a stopann an t-údar ag caint leis féin. Is maith liom leabhair a bheith soiléir, chan óg atá muid ag éirí ag aosta. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3853 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 11:19 am: |
|
quote:Déan léirmheas! Déanfaidh. Ach ná bíodh deabhadh ort. Tá mé idir dhá chomhairle: é a ordú anois, nó é a cheannach nuair a bheas mé thall i Mí Iúil. Hmmm..... ceann nó cláirseach? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 245 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 11:27 am: |
|
Tá mé ag rá leat, cuirfidh Lá cóip duit! saor! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7134 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 22, 2008 - 04:48 pm: |
|
Tá dréacht d'Imleabhar II i bhFeasta na Míosa seo. Feictear dom go bhfuil an Ciobhánach ag déanamh mar is dúil do scríobhaí - ag athinsint na scéalta, ach á gcur i gcomhthéacs na linne seo, móide a thuairimí orthu. Modh bhailí, dar liom. Tá iarrtha agamsa ar an leabharlann áitiúil teacht ar chóip dom. Mar sin, ní mo phónaí atá ag dul sa bhfiontar leis! |
|