mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (May - June) » Archive through May 30, 2008 » Fuirseoir ghairmiúl leis na hamatéirigh san Oireachtas! « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7115
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 15, 2008 - 08:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3309&viewby=date

quote:

Pledging to attend future classes and speak more Irish, they vied for attention before the watchful eyes of Mr Bishop.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7116
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 15, 2008 - 08:47 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3310&viewby=date

quote:

Speaking on RTÉ Radio One's News At One programme, Bishop said that he wanted to be the 'Michael O'Leary of the Irish language' in trying to rid Irish of its 'baggage'.

'I don't the curriculum needs to be improved, I think it needs to be revolutionarily changed,' he said. 'With not actually that much effort we could completely change the way that Irish is taught in school.'

He also met Taoiseach Brian Cowen in the morning and congratulated him on his use of Irish on taking office.

'When people in government, when people in high positions, make an effort to use the language, it actually does change people's perceptions,' said Bishop.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1440
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, May 15, 2008 - 07:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maith fear Des!!

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3819
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 15, 2008 - 08:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Meas tú an bhfuil buntáiste aige mar dhuine nach bhfuair an teanga -- mar ualach dosheachanta -- ar scoil?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An Canúnaí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 15, 2008 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA a Aonghuis. Is cinnte go bhfuil an saol ag athrú nuair a fheicfeas tú Ceann Roinne Rialtais ar ardán os comhair an phobail ag éisteacht lena gcuid moltaí. Gheall sé go mbeadh siad ar ais arís san Fhómhar le tuairisc ar a raibh cloiste is feicthe acu idir an dá linn agus go mbreathnófaí chun cinn. Braitheann daoine go leor chomh maith liom féin go bhfuil athrú chun feabhais sa phobal agus sa rialtas araon.

Is dóigh liom go bhfuil sé feiceálach in áit bheag ar an iargúil mar a bhfuil mé féin. D'ainneoin seo go léir, mheasfainn go nglacfaidh sé fiche bliain leis an mbunlíon riachtanach Gaeilgeoirí a chruthú, más féidir a dhéanamh san achar san féin.

Feicfimid linn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7120
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 16, 2008 - 06:18 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Meas tú an bhfuil buntáiste aige mar dhuine nach bhfuair an teanga -- mar ualach dosheachanta -- ar scoil?



Gan amhras. Mar a deir sé féin, níl bagáiste aige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3824
Registered: 02-2005


Posted on Friday, May 16, 2008 - 10:32 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is féidir le cúpla drochmhúinteoir agus cur chuige ciotach teanga a mhilleadh ar dhalta. Sin a tharla domsa leis an Rúisis, faraor.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7122
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 16, 2008 - 10:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus níl easpa de cheachtar againn abhus, faraor...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3851
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, May 21, 2008 - 07:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tháinig mé ar air seo in alt ar Beo! (eagrán 32) de thaisme inniu:
quote:

Measann Lillis go bhfuil claonadh róláidir ann a bheith ag brú na Gaeilge ar dhaoine sa tír seo agus go bhfuil an-díobháil déanta ag an chur chuige sin. Chonaic sé féin a leithéid ag tarlú nuair a bhí sé ag plé le múinteoirí a raibh orthu scrúdú an cheardteastais a fháil, ar mhaithe le post buan a fháil faoi na Coistí Gairmoideachais.

"Bhí an rud brúidiúil ó thaobh a bheith á chur i bhfeidhm go praiticiúil. Bhí sé ag cur daoine in éadan na Gaeilge go millteanach. Bhí an curaclam bunaithe ar rud inteacht a bhí ann sna naoi déag daichidí.


"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7132
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 22, 2008 - 06:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo an eochair abairt, dar liom:
quote:

Bhí an curaclam bunaithe ar rud inteacht a bhí ann sna naoi déag daichidí.



Tá an claonadh MARSA, mar a thug Tomás Mac S air, fós (ró)láidir.

Mar an gcéanna leis na dlíodoirí a bheith ag aistriú sleachta as Fiche Bliain ag Fás.

Muna bhfuil an Ghaeilge in úsáid ar bhealach atá lárnach don obair idir lámha, cur amú ama atá ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3852
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 22, 2008 - 10:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

MARSA ?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7133
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, May 22, 2008 - 04:48 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

MÁRSA (Meon na hársaíochta).

MAGLA (Meon na hathghabhála) an leigheas.

http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=4283


quote:

'Meon na hársaíochta (MÁRSA) an téarma a úsáidfear anseo chun cur síos a dhéanamh ar an meon atá in uachtar sa Ghluaiseacht [na Gaeilge] trí chéile. Ró-luí leis an rud atá sean seargtha a phríomhthréith, maille le col le hathrú


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3857
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 22, 2008 - 09:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Meon na hársaíochta (MÁRSA)

An "backward look" atá in ainm a bheith fite fuaite in anam an Ghaeil? An é sin é?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7135
Registered: 08-2004


Posted on Friday, May 23, 2008 - 06:03 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní hea go baileach, ach ag cuir luach ró ard ar rud a bhaineann leis an nGaeilge, de bhrí go bhfuil sé ársa, maille le col le hathrú.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 510
Registered: 01-2006


Posted on Friday, May 23, 2008 - 11:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Is féidir le cúpla drochmhúinteoir agus cur chuige ciotach teanga a mhilleadh ar dhalta. Sin a tharla domsa leis an Rúisis, faraor.



Tá an-truaí a’m dhuit. Thitfeá i ngrá léithe dhá mbeifeá á foghlaim le duine ceart.

Maidir liomsa mé féin, ní droch-mhúinteoir ná cuir chuige ciotach ba chiontaí le fadhbanna foghlaimta.

Cuir i gcás, bhí an Ghearmáinis ag goil ar mo nerves (agus mé ag baint triail as í a fhoghlaim) mar gheall air go raibh buachaill Gearmánach ag mo chailín théis dhúinn scaradh óna chéile ar feadh seacht mí. Bhí dubh-éad agam léithe, sin é is cúis leis =) Ach sin passé anois, buíochas le Dia

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'




©Daltaí na Gaeilge