mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (May - June) » Archive through May 17, 2008 » Comhartha Gaelach do dhuine in chónaí sa Téalainn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Tomás Ó hÉilidhe (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 14, 2008 - 01:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Rugadh agus tógadh mé in Éirinn, agus beidh mé ag dul chun na Téalainne thar éis an tsamhraidh le cónaí a bheith orm inti.

Sula n-imím, ba mhaith liom tatú gaelach a fháil, rud éigin mar an tseamróig, nó an chláirseach, nó cruth an oileáin, nó bratach na hÉireann b'fhéidir.

Anois díreach táim ag smaoinmeamh ar thatú a fháil de chruth an oileáin agus an chláirseach ina lár.

Aon smaointí? Cad a cheapann sibh?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3816
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 15, 2008 - 12:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Thomáis, tabhair súil ar na bratacha ag:

http://home.connect.ie/morley/bratacha.htm

Tá cúpla leagan den chláirseach ansin, i measc rudaí eile.

Tá mé cinnte go bhfuil suíomhanna eile ann a bhfuil suaitheantais le fáil orthu a bhfuil baint acu le hÉirinn.

An é tatú daite atá ar intinn agat?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 1439
Registered: 06-2005


Posted on Thursday, May 15, 2008 - 07:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Céard a cheapann mé? Tatú = gránna!! Glac cúpla pictiúir leat a Thomáis seachas tatú a fháil ;)

A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An Canúnaí Úd (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 15, 2008 - 07:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceann inghlanta in aghaidh an lae a Thomáis, a mholfainnse. Ceann arbh fhéidir a ghlanadh díot istoíche agus a athnuachan an lá dar gcionn.

D'fhéadfá focail éagsúla a bhreacadh de réir mar a thogródh tú lá ar bith.



©Daltaí na Gaeilge