Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7079 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 08:34 am: |
|
quote:Whatever else Brian Cowen does as Taoiseach, he has already done the State some service by prioritising the Irish language, writes Anthony Munnelly .
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3273&viewby=date |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3780 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 09:39 am: |
|
Is maith an scéalaí an aimsir... agus tá muid beo i ndóchas. (Ar cheart dom an tríú cliché a chur leis? ) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 405 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 09:47 am: |
|
"Ar cheart dom an tríú cliché a chur leis?" le haghaidh an áidh le do thoil |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3782 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 10:01 am: |
|
quote:le haghaidh an áidh Tá go maith. Céard faoi "tús maith, leath na hoibre"? Nó, má tá an t-ádh i gceist: An Taoiseach a bhfuil an t-ádh air ar maidin, bíonn sé air, maidin agus tráthnóna! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 407 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 10:54 am: |
|
Rinne Enda Kenny comhghairdeas le Cowen as Gaeilge inniu de réir dealraimh. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 408 Registered: 11-2006
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 11:13 am: |
|
Tá Cowen ag tabhairt a óráid as Gaeilge anois |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7084 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 04:01 pm: |
|
Agus seo é: http://www.ireland.com/newspaper/breaking/2008/0507/breaking91.html?via=rel quote:Aithním gur mór an onóir dom oifig an Taoisigh a ghlacadh inniu agus glacaim go humhal leis. Is ócáid mhór é do mo chlann, do mo chéile, Mary, agus mo bheirt iníon Sinéad agus Maedhbh, do mo mháthair May, do mo chlann agus gaolta uilig. Táim fiór-bhuíoch do lucht tacaíochta an rialtas a roghnaigh mé don phost mórchúramach seo. quote:Thósnaíos mo óráid i nGaeilge mar is é mo bharúil ná gur seoid luachmhar í ár dteanga agus caithfimid í a chaomhnú agus a fhorbairt. Cé go mbeadh lucht na díspeagach againn i gcónaí, measaim féin go bhfuil dea-mhéin i leith na teangan i measc an phobail anois. Níl aon bhata draíochta agam, ach tá spriocanna ós ár gcomhair. Ní foláir dúinn misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus na Galltachta agus a chur in iúl don phobal go bhfuilimid bródúil as ár dteanga. Ní ceart go mbeadh náire orainn í a labhairt go poiblí. Cén fáth nach féidir linn bheith dhá-theangach? Níl bás na teangan mar rogha againn agus déanfaimid sa rialtas gach iarracht ár dteanga a choimeád beo agus a chothú. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7085 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 04:03 pm: |
|
Batt O'Keefe in Oideachas. N'fheadar cén toradh a bhéas ar sin dúinn. Eamó fós ina phost. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7087 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 04:50 pm: |
|
Ní raibh lucht RTÉ ar Nuacht 9 ró chompordach leis an nGaeilge seo ar fad. Beidh orthu ardú céime a thabhairt do dhuine nó dhó ó fhoireann na Gaeilge, anois agus Gaeilgeoirí líofa ag stiúradh na tíre! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1432 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 07:43 pm: |
|
GOA ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 760 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 07:49 pm: |
|
Ní raibh lucht RTÉ ar Nuacht 9 ró chompordach leis an nGaeilge seo ar fad. Beidh orthu ardú céime a thabhairt do dhuine nó dhó ó fhoireann na Gaeilge, anois agus Gaeilgeoirí líofa ag stiúradh na tíre! Más maith is mithid é! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|