mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (May - June) » Archive through May 17, 2008 » Dála « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3777
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 12:38 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dúirt Domhnaillín:
quote:

Fuaireas "dálta an sgéil" i n-Ó Cuív (1944).

Is suimiúil an leagan malartach é. "Dála" (nó "im dála") a bhí ann riamh i stair na teanga, leis an gciall "as regards". An t-áinsíoch iolra den ainmfhocal "dál" ("dáil" i nGaeilge an lae inniu) atá ann. Tá "dála" le fáil ar fud na háite in "Foras Feasa ar Éirinn". Sampla amháin:

"Leis sin ceileabhrais Laoghaire do Chobhthach. Dála Chobhthaigh, do rinne comhairle ré draoi do bhí 'n-a fhochair cionnus do-ghéabhadh a bhráthair ré a mharbhadh." (Then Laoghaire took his leave of Cobhthach. As for Cobhthach, he took counsel with a druid who was in his company about how he might get to kill his brother.)

Uaireanta, nuair a fhaightear leagan malartach nó aisteach i gcanúint, tá pedigree leis atá fréamhaithe go domhain sa teanga. Sa chás seo, áfach, ní dóigh liom gur mar sin atá an scéal. Ní a fhios agam cén fáth ar éirigh "dálta an scéil" in áit "dála an scéil". Faoi anáil an ainmfhocail "dálta"? Núáil atá ann, pé scéal é.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."




©Daltaí na Gaeilge