Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3760 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 04, 2008 - 11:45 pm: |
|
Tá beagán siamsa ag teastáil ón gcomhluadar. An bhfuil tomhas agat dúinn, a Aonghuis? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7059 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 03:51 am: |
|
Nach bhfuil siad ar fad scaoilte agaibh cheana? Pé scéal é: Chím chugam tríd an muir Peidhleacán na gréine Firín beag an chóta dheirg Agus snáithín dearg 'na léine |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3763 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 10:42 am: |
|
An iasc é? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7060 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 11:43 am: |
|
Braitheann sé sin ar do shainmhíniú ar iasc. Ainmhí mara atá ann. |
|
Kelly_d
Member Username: Kelly_d
Post Number: 7 Registered: 02-2008
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 01:54 pm: |
|
smugairle róin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7063 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 02:00 pm: |
|
ní hea. Ró bhog. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3766 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 03:11 pm: |
|
Hmmm. Tá sciatháin ar an roc, ach ní "firín" é ar chor ar bith. Tá an ribe róibéis beag agus luaineach, ach ní bhíonn siad dearg go dtí go mbruitear iad. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7065 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 03:53 pm: |
|
Tá an ribe róibéis níos giorra do ná an roc. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3769 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, May 05, 2008 - 08:57 pm: |
|
Gliomach? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7069 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 06:25 am: |
|
Sin atá sa leabhar. Agatsa an chaid anois! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3775 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 11:21 am: |
|
Tá mé níos sine ná an cine daonna. Cé go dtagann an aois orm, tá mé níos óige inniu ná thusa. Cé mise? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7074 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 04:49 pm: |
|
Sách domhain, go deimhin. An rud ábhartha atá i gceist, nó rud teibí? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3776 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 06:44 pm: |
|
Rud ábhartha, agus nádúrtha. Is minic a chonaic tú an rud atá i gceist. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7077 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 08:26 am: |
|
An ghealach? Blian d'aois le linn Maois, agus bliain d'aois fós inniu? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3779 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 09:31 am: |
|
An ghealach! Ach ní raibh fiú is bliain d'aois slánaithe aici riamh, mar bhíonn gealach úr ann chuile mhí. Focail an amhráin "Caroline in the Pines" a spreag an tomhas seo: There's a new moon on the fourteenth First quarter the twenty-first And the full moon in the last week Brings a fullness to this earth. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7082 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 10:28 am: |
|
Botún, go bhfoire Dia orm. Mí d'aois a bhí i gceist agam. Mí d'aois le linn Maois, agus mí d'aois fós inniu. Biedh ort fanacht go ransóidh mé na leabhair chun tomhas nua d'aimsiú. Seans go bhfuil ceann ag duine éigin eile? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7086 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 04:16 pm: |
|
Ruidín beag buí ar dhoras an Rí, Is ní chuirfeadh an saol gad air? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3789 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 08, 2008 - 10:31 am: |
|
Ruidín beo? Tinkerbell? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7092 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 08, 2008 - 10:32 am: |
|
Ní rud beo atá i gceist. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3793 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, May 08, 2008 - 11:31 pm: |
|
An é an chaoi go bhfuil neamhspleáchas de shaghas éigin ag an rud neamhbheo seo? Maidir le "doras an Rí", an doras tí atá i gceist? Doras an tí sin a bhfuil "iomaí áras" ann? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7094 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 05:55 am: |
|
N'fheadar! Níl neamhspleachas ag an rud, agus ní dóigh liom go gá go bhfuil Rí áirithe i gceist. Rud coitianta atá i gceist, go háirithe san Samhradh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3794 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 08:40 am: |
|
Ar lá grianmhar? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7096 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 08:50 am: |
|
Sea, go deimhin.... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3795 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 09:29 am: |
|
Uaireanta frithchaitear ga gréine ó uachtar an uisce atá i linn, etc. agus feictear é ag rince ar bhalla. An rud éigean mar sin atá i gceist? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7097 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 10:11 am: |
|
D'fheadfá a rá Gath gréine atá sa leabhair. Mise as baile anois go dtí an Luain. Mar sin, agatsa an chaid, agus ag duine eile breith air! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3798 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 07:35 pm: |
|
Ciste adhmaid mé, a bhfuil dea-rud ann. Tig le duine amháin mé oscailt. Ní thig le deichniúr mé a dhúnadh arís. Cé mise? (Translation welcome, too, even if you don't have the solution.) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7099 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 11, 2008 - 04:01 pm: |
|
Cnó? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3806 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 11, 2008 - 04:27 pm: |
|
Agatsa! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7101 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 11, 2008 - 04:37 pm: |
|
An bhfuil aoinne eile amuigh ansin, nó an bhfuil muid ag caint linn féin? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3807 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, May 11, 2008 - 07:14 pm: |
|
B'fhéidir go bhfuil siamsa de chineál eile ag teastáil ón gcomhluadar. Moltaí ag éinne? Abigail? Liz? Lads? Mura bhfuil suim agaibh i dtomhais, an bhfuil cluiche eile agaibh? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|