Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 214 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 01, 2008 - 08:44 am: |
|
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7040 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 08:46 am: |
|
I dul i dtreise atá siad. Táimse rud beag ró shean agus ró chaomhach don deimeagraifeach atá uathu, ach... Bhíos ag súil le níos mo dhoimhne maidir le huachatr reoite, is cosúil nach ndearna said ach athchursáil ar na tagairtí (ceann liomsa ina measc) ar an suíomh. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 279 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 08:56 am: |
|
I dul i dtreise atá siad. Tagaim leat a Aonghuis. Taitníonn sé liom gur rannóg shuntasach chúrsaí reatha é 'Léargas' anois ach go bhfuil an-sult ag baint leis an iris ag an am céanna. Shíl mé go raibh an píosa faoin uachtar reoite go breá - ní raibh mé féin ar an eolas faoi Murphy's roimhe sin - ach seans go mbeidh tuilleadh le blaiseadh sa chéad cheann eile. Molaim iad, arís. |
|
Mise_fhéin
Member Username: Mise_fhéin
Post Number: 404 Registered: 11-2006
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 09:16 am: |
|
Ní bheinn fhéin ró-thógtha le Murphys. Foireann gan Ghaeilge. Tá an t-uachtar reoite ceart go leor ach tá sé an-chostasach don phota an-bheag a fhaigheann tú. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 280 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 09:30 am: |
|
Foireann gan Ghaeilge. Níl sé sin maith, go háirithe nuair a dhéanann siad fógraíocht srl. as Gaeilge. Dála an scéil, cad é mar atá an áit sin Tigh Phroinseas, ar an Spidéal? Ní raibh mé ariamh ann. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 217 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 09:33 am: |
|
Tá áite den scoith i gCor an tSeanbhaile Mhullach Ráth Fraoileann i n deisceart Chontae an Dúin. Chan fhuil Gaeilg ar bith acu!!!! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7042 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 10:33 am: |
|
quote:Foireann gan Ghaeilge Níl sé sin iomlán cruinn. Cinnte, san samhradh, is eachtrannaigh is mó a bhíonn ag obair ann, dála gach siopa san Daingean. Ach tá mo chuid uachtar reoite ceannaithe as gaeilge agam roinnt uaireanta ann. Is eachtrannaigh iad muintir Uí Mhurchú féin, ach deánann siad iarracht. |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 282 Registered: 04-2007
| Posted on Friday, May 02, 2008 - 11:21 am: |
|
Is maith sin a chluinstin a Aonghuis. Buailfidh mé isteach an chéad uair a mbíonn sa Daingean. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1423 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 01:33 pm: |
|
Chonaic mé fógra san iris mar gheall ar fhoclóir nua. Nílimse ag caitheamh anuas ar éinne nó mar sin ach in ainm dé nach bhfuil go leor againn cheana féin?!!? Chomh maith, dúradh gur féidir brú ar nascanna agus tiocfaidh tú ar áit eile. Níor éirigh liom sin a dhéanamh ar pdf nó ar issuu.. Seachas sin, bhí sé go maith cinnte ach ní raibh sé ar fheabhas. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 287 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 04:28 pm: |
|
Seachas sin, bhí sé go maith cinnte ach ní raibh sé ar fheabhas Aon rud eile níos fearr le fáil sa Ghaeilge? Níl. Agus, dar le go leor, níl mórán irisí Béarla in Éirinn ar chomhchaighdeán leis ach an oiread. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7072 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 06, 2008 - 04:43 pm: |
|
Maidir le foclóirí. Níl. Tá foclóirí againn os na 1950í. Is mó rud a tharla ó shin. Cinnte, tá focal.ie ann, agus is maith ann é: ach ní foclóir ginearálta atá ann. Maidir le hiris níos fearr, tusa an mac léinn, agus an fiontraí! Ar aghaidh leat! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1428 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 07:13 pm: |
|
Rg_cuan a chara, Tá aithne maith agam ar chuid de na daoine atá taobh thiar den iris. Don mhéid atá ar eolas agamsa, gach seans gur tusa duine acu siúd. Mar a scríobh mé níos luaithe, ní raibh an nasc don fhoireann ag obair. Is cuma pé scéal. Níl rud ar bith níos fearr sa Ghaeilge. Aontaím go huile is go hiomlán. ACH ní rabhas ach ag tabhairt aiseolas s'agamsa ar an rud. Mura nglacfadh muintir Nós* le haiseolas óna gcuid léitheoirí ní éireodh go fadtéarmach leo. Seo an fiontraí atá ionam ag caint anois. Mar a tharlaíonn sé, tháinig bainisteoir nua ar Comhar chugamsa ag lorg comhairle. Tá taithí agam sna meáin clóite agus in éarnáil na Gaeilge agus mhol cúpla duine teacht chugam. Mar sin caithfidh gur fiú rud éigin é m'aiseolas!! An t-aon rud a bhí mé ag rá ná go bhfuil go leor eile ar líne seachas focal.ie, tháinig mé féin ar 10+ tar éis googláil a dhéanamh. Gan amhras, tá Collins, Foclóir Póca, Irish English Dictionary &rl &rl againn. Déantar na foclóir sin a dhéanamh suas chun dáta ó am go ham. Mar sin, an é go mbeidh Ó Donaill (ii) againn nó céard? (Message edited by Domhnall on May 07, 2008) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 293 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, May 08, 2008 - 06:18 am: |
|
Tá aithne agam féin orthu chomh maith a Dhomhnaill. Déarfainn gur daoine an-oscailte iad - má tá moladh agat dóibh, déan teagmháil leo! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7090 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 08, 2008 - 06:21 am: |
|
Ach tá na foclóirí sin, a) beag b) teoranta. Tá OED na Gaeilge de dhíth orainn, ach sé an rud a gheobhaidh muid i 2010 ná De Bhaldraithe II (Béarla - Gaeilge). Tá an corpus Gaeilge ann, ach go bhfios dom níl aoinne ag obair ar an foclóiriú an chorpuis, i. go mbeadh cur síos bheacht ar bhrí(onna) gach focal. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1434 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, May 09, 2008 - 08:05 pm: |
|
Raidht, tuigim anois é. Teagmháil déanta agam cheana. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|