mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (May - June) » Archive through May 30, 2008 » How to pronounce the word "Fáisc" correctly-thanks: chuig Seán « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 493
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, April 29, 2008 - 01:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

A Pheadair, chur tu ag machnamh me. B'a as Rosmuc i g-Conamara mo mhaithir,agus as an Fhairche m'athair. Ce nach raibh an da cheanntar nios mo na fiche mile o cheile, bhi a leagan fhein ag an bheirt acu ar go leor foclai. Mar shompla, dearfach m'athair Cornamunu(sine fada ar an chead "U'- nil an deabhal seo machine in ann sine fada a chur ar litriocha), agus d'earfach mo mhathair Cornamuna; talamh is focal eile a chuirfeadh m'athair "u" le na dheireadh, chuirfeadh mo mhathair "a" leis. Ach ni raibh intu ach difriochta beaga; thuigfeadh an da dhream ceard a bhioch i g-ceist ag a cheile. Ni feidir liom cuimniu ar aon fhoclai eile le tabhairt dhuit mar shamplai faoi lathair.

Le freagra a thabhairt duit faoin iascaireacht, ta an da loch Measc agus Coirib go maith; Loch Measca nios fearr na an Choirib,dearfinn, ach go bhuil si ann chontuireacht den te nach bhuil eolas maith acu oirthi mar ta go leor carraigreacha innti. Mholfainn do einne a ta ag doil ag iascaireacht ar aon cheann acu giolla a thogail.



Go raibh maith agat, a Sheáin. Nach spéisiúil é, an oiread sin de thréartha nach bhfuil ceagnal acu ach le ceantar amháin taobh istigh den Ghaeltacht. Tá leabhar a’m a foilsíodh níos mó ná cheithre scór blianta ó shin agus is í Gaeilge Chonnachta atá idir chumánaí ag a húdar seo. Is mór is fiú dhom rud beag eolais a bhaint aisti i dtaobh chanúint do cheantarsa, an chaoi a mbítí á labhairt sna blianta atá caite i bhfad siar.

Feicim go bhfuil cleachtadh mhaith a’d ar an iascaireacht, maith fear. Séard a rith liomsa ar ball beag, ní chreidfeá ach cé chomh mór is bhíodh an dífear idir an té a mbíodh cónaí orthu ag an bhfarraige agus a leithide t’athar a tóigeadh ag na lochanna. Cé nach bhfuil ann ach fíche míle idir an dá áit, meas tú cé chomh láidir is bhíodh an tionchar a d’imíodh an timpeallacht ar a saol seo acusan agus ar a dteanga, agus thríthi sin ar an gcaoi a mbídís siúd ag aireachtáil an domhain mhóir thar timpeall orthu.

Dúirt tú go bhfuil sé ar na bioráin a’d faoi láthair caoi a chur ar do chuid Gaeilge scríofa. An bhfuil mórán deacrachtaí ag baint leis sin agus tú ag léamh? Séard a chuala mé ón té a mbíodh Gaeilge as an gcliabhán acu, gur minic nar thigeadar an Ghaeilge nua de bharr focla nua-aimseartha agus nósanna cainte nach mbíodh le fáil i gcomhrá na seandaoine. An mbaineann sé leatsa chomh maith?

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Sean_o_conraoi
Member
Username: Sean_o_conraoi

Post Number: 17
Registered: 03-2008
Posted on Saturday, May 10, 2008 - 07:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Pheadair,a chara,

D'reagair me an litir thuas tamall o shin,agus tugaim faoi deara go bhuil mo fhreagra bainte as an suimh. 'Se mo thuairm go bhuil cigire eicint ag coineall suil ar an suimh seo agus nar thaitin leis cupla rud a bhi le ra agam! Seo mar leanas na poinnte a cheapaim a chur as do; taim a d-tabhairt aris feachaint an n-deanfaidh se an cleas ceanna.
An deacracht is mo a ta agam leis an n-Gaeilge scriofa na cuid do na tearmai a cuireadh go artificiulta ar rudai nua aimsearach a thainig ar an saol le linn an ama a raibh an teanga cuirfidh faoi chois. Nior eirigh le na cainteoiri a bhi fagai teacht go naidureacht ar Ghaaeilge ar na focla seo,mar shompla:- steam engine,telegraph, telephone,television, bicycle, agus rudai eile. Nuair a bhi na saineolai Gaeilge ag iarraidh tearmai a chur ar na rudai seo bhi na foclai Bearla glacai ag na gna-chainteoiri. Togfaidh me dha bhall mar shompla: telephone agus telegraph. Bhi am ann nuair a bhidhis(na saineolaithe teanga)ag iarraidh an focal "guthan" a chur ar an telephone agus an focal "srangsceal" a chur ar an telegraph - nior eirigh le na focla seo a theacht isteach sa teanga scriofa ni he amhain sa teanga labhartha. Togfaidh me ball eile nua aimsearach a bhi ann tabhachtach do mhuintir an Ghaeiltacht( agus go deimhin do dhaoine as gach ait),sin an rothar no bicycle. Nior ghlac le muinntir Chonnachta leis an bfocal "bicycle" on la a d-tainic se ar an saol go dti an la inniu ann; agus bhiodar sasta an focal Bearla a chur ar ghach rud a bhain leis an m-bicycle. Mar sin, cloisfidh tu abairt mar seo i g-Conamara go dti an la inniu: "Ta puncture ar mo bhicycle". Nil me cinnte faoi Ghaeiltachtai eile,ach is e mo thuairm go mar a cheanna a ta an sceal.

Anois,a eagraithoir ar an suimh seo, beidir go g-ceapan tu go bfearr na rudai seo a fhagal marbh. Ach ni feidir an fhirrine a sheanamh,biodh si milis na searbh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 506
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, May 20, 2008 - 06:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Sheáin, a chara,

Caolsheans go raibh eagathróireacht déanta ar do theachtaireacht an uair roimhe sin ní hé amháin censorship de shórt eicínt. Tá mé siúráilte gur imir do ríomhaire droch-chleas eicínt ort agus tú ag cur do litreach isteach anseo.

Bhí mé seachtain ar laethanta saoire in “Catalunya” na Spáinne, mar a thuganns an té arb as iad air, agus ba deas an seal gearr seo ar bhain mé amach as buarach an tsaoil den chathair mhór. Sin é an fáth nach bhfuair tú fáir ná freagra uaimse ach anois.

Maidir le do chuid pointí thuas, is fíor dhuit agus ní fiú rudaí a theaganns go nádúrthach isteach sa teanga, ní fiú droim láimhe a thabhairt dóibh mar gheall air gur iasachtaí as Béarla atá iontu. Caithfidh mé a rá gur minic go bhfuil níos mó spreagadh sa nGaeilge in aghaidh focla Béarla ná in mo theanga féin. Cuir i gcás, b’fhearr dhúinn an focal Béarla “management” thar an bhfocal Rúisise, cé ar bith cén réasún atá leis sin. Agus d’fháisc an focal “computer” amach a mhacasamhailt liopastach Rúisise agus mar sin de. Agus is fiú trácht a dhéanamh air, cé gur tháinig an focal “ríomhaire” isteach “mí-nádúrthach” sa nGaeilge gur bhuach sé tacaíocht, idir Ghaeilgeoirí agus mhuintir na Gaeltachta.

Sin ráite, tá an dá phróiseas ann i gcónaí – fás nádúrthach focla (agus is minic gur as teangacha eile “ó dhúchas” iad) agus focla a chur sa gcaint forcedly ar nós síolta le súil's go mbeidh cuid acu in arraíocht a mbealach a dhéanamh isteach sa teanga.

Maidir liomsa mé féin, ní bheadh aon drogall orm "bicycle" ná "steam engine" a rá ach ar an taobh eile, ní bheadh aon locht ar a leithidí de “rothar” ná “ineall gaile” agus iad ar eolas ag lucht mo léite nó éisteachta.

'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'




©Daltaí na Gaeilge