mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (May - June) » Archive through May 17, 2008 » Scéal grinn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, April 26, 2008 - 04:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tháinig fear tí abhaile agus bhí a bhean chéile ag caitheamh
négligée cneasluiteach…agus ag crónán go péacach,” A stór! Dá gceanglófá mo lámha agus mo chosa, d’fhéadfá do mhian a fháil!!”

“Go maith!” Tar éis a cheangail sé a lámha agus a cosa, chuaigh fear tí amach chun imirt gailf!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7015
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, April 26, 2008 - 04:44 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An fear pósta thú, Joselito? Agus galfaire freisin, gan amhras...

Mar a dúirt an té a dúirt, cur amú siúlóide is an ghailf.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 932
Registered: 06-2006
Posted on Monday, April 28, 2008 - 10:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní fíor go bhfuil cumas grá níos láidre ag an mbean thar an fear.

D'fhéadfadh fear iomlán a croí a dhíriú ar bean.( Bhal, go teoiriciúl, ar aon nós ). Ach is cuma faoi dhúthracht chroí na mná i leith fir, bíonn ait sa chroí aici i gcónaí do bhróga ;-)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, April 28, 2008 - 03:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo dúinn “Dr. Fearn” à la Dr. Ruth Wertheimer, comhairleoir do dhuine a bhíonn i bpian an ghrá!!

B’choir go dtabharfaí seó cainte dó, “Dr. Fearn:Taispeáin is Inis” ar theilifís réaltachta, nach ea!??
Scig! Scig!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3733
Registered: 02-2005


Posted on Monday, April 28, 2008 - 04:44 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Scig! Scig!

Cad as don exclamation sin? Agus cén fáth a gcuireann sé as dom??

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7024
Registered: 08-2004


Posted on Monday, April 28, 2008 - 05:27 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Joselito a chum, bunaithe ar scigmhagadh nó a leithéid.

Cuireann sé as domsa fosta, chuige sin atá sé in úsáid aige!

Scigire is ea é!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3734
Registered: 02-2005


Posted on Monday, April 28, 2008 - 06:11 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Scigire is ea é!

Agus biker. Agus galfaire?? Agus céard eile? Is léir ó Posted From: go bhfuil sé ina chónaí sna Stáit. An dóigh leat gur Éireannach é ó cheart?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3735
Registered: 02-2005


Posted on Monday, April 28, 2008 - 06:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Rud eile. Tá a fhios againn go bhfuil Harley Davidson Wide Glide ag Joselito. Bhíodh fear ar Ghaeilge-B deich mbliana ó shin, a bheag nó a mhór, a raibh an-spéis aige sna gluaisrothair. '86 Harley Wide Glide a bhí aige. Scigire a bhí ann freisin, a bhain úsáid as an Spáinnis go minic, cosúil lenár nduine. Thomas Nolan / Tomás Ó Nualláin a thug sé air féin ansin.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7026
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, April 29, 2008 - 05:33 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dhéanfa bleachtaire mhaith, a Dennis.

Cuma liom cé hé, deánaim iarracht neamhaird a dhéanamh de.
Teipeann orm uaireanta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, April 30, 2008 - 11:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scigire is ea é!
Agus biker. Agus galfaire?? Agus céard eile? Is léir ó Posted From: go bhfuil sé ina chónaí sna Stáit.

A bhleachtaire-cigire “Sherlock” King, cuid iontas is mó nach bhfuil a fhios agat go bhfuil “Scigaithris,Greann,agus Aoir” fite fuaite ionainn, An Chlann dar shloinne Uí Nualláin!!

"An dóigh leat gur Éireannach é ó cheart?"

"Only the Shadow know!!"
Scig! Scig!

Scigire a bhí ann freisin, a bhain úsáid as an Spáinnis go minic, 'Nosotros los gitanos irlandeses, hablamos todas las lenguas, hasta lo que quiere decir “comida criolla,'”agus is olc “wannabe Gaeilgeoir” é a chuireann amhras le hoidhreacht ag an duine ó dhúchas!!

"An dóigh leat gur Éireannach mise ó cheart?"

Is mór an chonspóid í, cinnte!!
Tune in next week for the next installment of the Soap Opera,”Is Joselito Really Irish?!”

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 01, 2008 - 06:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní fiú a bheith leat a Thomhassalaigh an chaoi a bhfuil tú. Tiocfaidh ciall duit, éireoidh tú as an amaidí is tosóidh tú ag roinnt ceart le daoine.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, May 02, 2008 - 04:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

a Thomhassalaigh??!?

Seo dúinn ‘Canúnaí na gCanúintí’ atá ina chumadóireacht le buile, ach, mar is gnách, ní ghlacann ‘Canúnaí na gCanúintí le comhairle féin aige!!

"An dóigh libh gur Éireannach mise ó cheart?"

Tiens! Briseann an dúchas trí shúile an mhadra dúchais!!

Je m’accuse:

Nílimse ach Béal Bocht á shiortáil ag an saol!
M’iarracht den ghreann a dhéanamh níos dile!

Curfá:
Dar m’anam táim-se traochta
Ní moltar mo Shaothar
Dá mhéid a dheinim
Ní bíthear buíoch díom

"An dóigh libh gur Éireannach mise ó cheart?"

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, May 03, 2008 - 07:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ara ní fhéadfadh sé gur Éireannach thú nuair is léir don dall gur leathcheann thú a Thomhasaigh!

Is deas thú a bheith thart ar aon chuma. Molaim do chuid Gaeilge, bail ó Dhia ort, is cuma cé thú féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, May 03, 2008 - 04:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

“Chi non l’occhio vede,col cuor crede!” San Tomás


Canúnaí na gCanúintí!GRMA as do mholadh a rinne tú orm, “Molaim do chuid Gaeilge!”(Moladh ó na fiacla amach, b’fhéidir!?Scig!) agus baineadh stad asam le hiontas!Abair! Bhí iontas na n-iontas orm, cinnte!...de bhrí go mbíonn Na Fairisínigh ag tabhairt masla orm… gach uile phointe!!

Caoineadh:
Ní hé an té is fearr a thuileann is mó a fhaigheann!!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 05, 2008 - 04:53 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níorbh as na fiacla amach é. Tháinig tú a fhad seo le do chuid Gaeilge agus ní haon ribín réidh an méid sin.

Is féidir gur thuit tú amach le Fearn bocht bliain nó dhó ó shin, ach b'fhéidir, d'ainneoin na seanfhaltanas, go dtiocfadh leat socrú isteach anseo agus cuidiú a thabhairt don lucht foghlama anseo le himeacht ama?
Braithim go mbíonn daoine go leor ar an suíomh seo réidh le cuidiú a thabhairt, ach ní féidir a bheith thart i rith an ama.

Is dóigh liom go bhfuil an mianach ionat. Braithim meas agat ar dhream croíláir an tsuímh, Dennis is Aonghus, agus de réir a chéile, téifidh tú le Fearn an athuair.
Cibéard faoi thitim amach anois is arís, tarlaíonn a leithéid, is róghann sinn mar dhream teanga le haon duine amháin a chailleadh.

Bí linn is beidh linn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Joselito (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, May 05, 2008 - 06:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Canúnaí na gCanúintí!

I gcead is in ómós duit, chum mé focal úr:
Fíor-comhréiteoir!!

Cheers,

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, May 07, 2008 - 07:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Spéis i bhfocail agat.

- 'Tríd an teanga a aithnítear an t-eagnaí' a deir an seanfhocal.

Go n-éirí leat ar an suíomh is go raibh an tsíocháin i réim i measc na nDaltaí, na nGael, na Sean-Ghall, na Nua-Ghael is i measc na Nua-Ghall!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3788
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 08, 2008 - 12:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Sheosaimh, an tusa atá ann?

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Thursday, May 08, 2008 - 07:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mise atá ann ceart go leor a Dennis. Ag fanacht le seoladh úr idirlín atá mé, tharla ar ríomhaire úr in ionad úr mé.

Tharraing an róchíoradh ar chanúintí isteach sa chur is cúiteamh arís mé agus tharraing sé chugam an t-ainm Mylesnagcapaillíniúil chomh maith.

Bhí mé ar tí a insint daoibh aréir gur mé a bhí ann ach bhí tuirse go leor orm ag an am. Thuigeas go n-aithneodh sibh ón tús cé a bhí ann ar aon chuma. Fanfaidh mé i mo aoí go bhfaighidh mé an t-athsheoladh ceart sula gcuirfidh mé caoi orm féin arís.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3792
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, May 08, 2008 - 11:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Fáilte agus fiche romhat ar ais inár measc, a Sheosaimh! Ceann na céille ab ea thú riamh anseo.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, May 04, 2008 - 03:02 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níorbh as na fiacla amach é. Tháinig tú a fhad seo le do chuid Gaeilge agus ní haon ribín réidh an méid sin.

Is féidir gur thuit tú amach le Fearn bocht bliain nó dhó ó shin, ach b'fhéidir, d'ainneoin na seanfhaltanas, go dtiocfadh leat socrú isteach anseo agus cuidiú a thabhairt don lucht foghlama anseo le himeacht ama?
Braithim ar an suíomh seo go mbíonn daoine go leor réidh le cuidiú a thabhairt ach ní féidir a bheith thart i rith an ama.

Is dóigh liom go bhfuil an mianach ionat. Braithim meas agat ar dhream croíláir an tsuímh, Dennis is Aonghus, agus de réir a chéile, téifidh tú le Fearn an athuair.

Cibéard faoi thitim amach anois is arís, tarlaíonn a leithéid, is róghann sinn mar dhream teanga le haon duine amháin a chailleadh. Bí linn is beidh linn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Canúnaí na gCanúintí (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Friday, May 09, 2008 - 08:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go maire tú a Dennis.

Bíonn na babhtaí crua le feiceáil go tráthrialta anseo ceart go leor agus ní furasta an cloigeann a choinneáil, ach is dóigh liom go bhfuilimid ag foghlaim i rith an ama.

Is dóigh liom gur cheart do chách a bheith níos muiníní as a bhfuil romhainn. B'fhéidir nach mbraitear thar lear agus i measc lucht foghlama ar an suíomh seo ach go bhfuil an saol inár gcoinne, is go bhfuil an tóin ag titim as labhairt na teanga in Éirinn. Dá ghéire an scéal sa nGaeltacht, níl an tóin tite as an saol ar fad, an Ghaeltacht san áireamh.

An áit a bhfuil mé, gleannta Liatroma, taobh thuaidh an chontae, ní raibh mé ar Neamh go dtí anois. Braithim go bhfuil athrú na hÉireann níos feiceálaí san áit seo ar laghad an daonra abhus. Gaeilgeoir as BÁC a bhog anoir anseo, dúirt sé liom lasmuigh de chruinniú Gaelscoile oíche amháin: "ní raibh ionam ach mún dreoilín san fharraige i mBÁC, ach is féidir liom tionchar a imirt anseo".
Fear eile as BÁC, a thóg a chlann le Gaeilge sa mBruiséal is a bhog anseo, dúirt sé liom lá amháin go síleann sé go bhfuil athbheochaint na teanga ar siúl i ngan ' fhios do dhaoine. B'fhéidir nach bhfuil ach seachtar ag seiftiú faoin nGaeilg i dtuaisceart an chontae seo ach tagann daoine eile go leor leo go minic. Ag oicheanta ceoil, drámaíochta nó filíochta, ba dheacair GAN Gaeilg a labhairt ag Ionad na nGleannta http://www.theglenscentre.com/. Cloisfidh sciar de mhuintir an Bhéarla an Ghaeilg thart orthu dá bhrí sin agus b'fhéidir go bhfeicfidh siad leathanach iomlán Gaeilge, nó alt ar a laghad sa Leitrim Post an lá dar gcionn. Tá sé sin ag imirt orthu i rith an ama.

Mothaíonn an dream gníomhach gur cuid d'iarracht náisiúnta iad is go bhfuil tábhacht ag baint leis an iarracht bheag acu féin. Ní dúirt éinne leo a bheith gníomhach ná níor gheall éinne dóibh go mbeidh an saol ina cheart faoi cheann fiche bliain ach is féidir a rá gur mhothaigh siad gur mhithid rud amháin a dhéanamh is go ndéanfadh duine eile gníomh éigin eile a rachadh chun tairbhe na Gaeilge.

Mo thuairisc mar san: Tá an t-iarann te is tá roinnt daoine á bhualadh. Beidh muintir na laige linn i dtólamh ag míniú dúinn an méid nach féidir a chur i gcrích, an méid nár cuireadh i gcrích, an méid ar chóir a chur i gcrích, an fáth nár cuireadh an méid ar chóir i gcrích i gcrích! Tá an iomarca le cur i gcrích le ham a chur amú ag éisteacht leo!

9.00i.n. Dé Máirt seo caite, bhí 14 duine sa seomra seo ag spalpadh Gaeilge. 'Comhrá' as Sligeach (14 mhíle achar ar shiúl) a d'eagraigh é. Feicfidh mé seisear nó seachtar díbh in éineacht le daoine eile i mbialainn i Sligeach faoi cheann roinnt uaireanta an chloig ag deis comhrá eile. Bíonn ceann eile i gCluainín Uí Ruairc Dé Luain agus dhá dheis eile i dtuaisceart Shligigh ar an Máirt.

Níl an teanga seo cniogtha, sa nGalltacht féin, ná baol air.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 3797
Registered: 02-2005


Posted on Friday, May 09, 2008 - 07:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh míle maith agat as an tuairisc sin, a Sheosaimh. Spéisiúil agus spreagúil! Tá an t-ádh orainn go bhfuil "ar an lár" ansin -- "sna trinsí", más ceadmhach é sin a rá -- agus go bhfuil tú sásta teachtaireachtaí mar seo a chur chugainn.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."




©Daltaí na Gaeilge