Tá seo scríofa ar an tsuíomh sin:
quote:Beidh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a bhfuil caighdeán maith Gaeilge labhartha acu ach a dteastaíonn uathu feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus go leor focal agus frásaí nua a fhoghlaim.
Cad é mar a thiocfadh a ráidht go bhfuil caighdeán maith Gaeilge labhartha ag duine, má bhíonn sé do dhíth air "feabhas a chur ar a chuid gramadaí" ????
Mo bharúil nach ndéanann an té a bhfuil caighdeán maith Gaeilge aige, nach ndéanann sé meancógaí agus mar sin, nach bhfuil sé do dhíth air feabhas a chur ar a chuid gramadaí! Má dhéanann sé meancógaí, cha bhféadtar a ráidht go bhfuil caighdeán maith aige !