quote:Ce gur togadh le Gaeilge me, nior chuala me focal Gaeilge ar "wish" iriamh
Tamall ó shin (10 mbliana?) d'aistrigh mé an scéal grinn seo go Gaeilge. Feicfidh tú nach raibh aon Ghaeilge agam ar "wish" ag an am sin.
Bhí seanbhean ag cónaí i dteach beag lena cat, Tadhg, amuigh faoin tuath áit éigin in Éirinn. Ag teacht abhaile ón séipéal Lá Fhéile Pádraig di, céard a chonaic sí ach duine den aos sí (.i. leprechaun, céard eile?) i bhfolach taobh thiar de sceach. Thug sí léim agus rug sí greim ar an bhfear beag. "Tá mé fair caught," adúirt an lucharachán agus thug sé trí
wishes di. "Fan go bhfeice mé ...," a deir sí. "Is mian liom a bheith saibhir in áit a bheith bocht." Bingo! Bhí milliún punt i nótaí beaga i mála faoin sceach. Rinne sí a machnamh nóiméad eile agus dúirt, "Is mian liom a bheith óg agus álainn." Bingo! Bhí sí óg agus álainn. Chaith sí cúpla nóiméad eile ag machnamh ar a tríú mian, agus ansin dúirt sí, "Is mian liom mo chat beag, Tadhg, a bheith ina fhear óg dóighiúil." Bingo! Bhí Tadhg ina fhear óg dóighiúil. Is ar éigin a chreid sí é seo, agus d'exclaimáil sí, "A Thaidhg, an tusa atá ann dáiríre?" Labhair an t-ógfhear dóighiúil agus dúirt, "Is mé, agus nach bhfuil aiféala ort gur ghearr tú mé?"