Author |
Message |
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 194 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 10:23 am: |
|
Does anyone know of any good modern Irish / Early MI version of the classic Irish sagas / myths? http://www.litriocht.com/shop/advanced_search_result.php?search_in_description=1 &inc_subcat=1&keywords=laochas&categories_id=&manufacturers_id= http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?products_id=1709 Theres is this in Sacs-Bhéarla, http://www.amazon.co.uk/Early-Irish-Myths-Penguin-Classics/dp/0140443975/ref=sr_ 1_1?ie=UTF8&s=books&qid=1208960451&sr=8-1 It is a pity that these things arent more widely available in modern Irish, we are always telling people that a knowledge of Irish will give people a glimpse into Ireland's past, well, not if there are no modernised forms of the older literature. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3690 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 10:29 am: |
|
Ceann eile: Dréachta Chrích Fódla le Pádraig Ó Cíobháin http://www.litriocht.com/shop/product_info.php?manufacturers_id=&products_id=517 1 Níl sé seo agam fós. Tá na trí cinn eile agam. Bhain mé an-sult as an dara ceann, Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6988 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 10:35 am: |
|
Tá roinnt ann do phaistí. Ach is i nGearmáinís a léigh mé Aisling Mhic Conglinne... Tá cuid mhaith de na scéalta i Foras Feasa chomh maith, Tá leagan nua Ghaeilge de sin ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6989 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 10:43 am: |
|
Hmm. Tá cóip arg leabharlann Chathair na Gaoithe http://www.chipublib.org/search/details/cn/820343 Ach is cosúil é bheith as cló, níor aimsigh mé ag litríocht ná cúpla focal é. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 195 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 11:59 am: |
|
Go raibh maith agaibh a laeids, leagan úr de Fhoras Feasa ... hmm, mícheart silim. Litríocht an tSeanGhaeilge atá i gceist agam. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3693 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 12:24 pm: |
|
Ah, seo rud eile atá agam ar an tseilf anseo: Scéalaíocht Ár Sinsear le Kim McCone agus Pádraig Ó Fiannachta (An Sagart. Má Nuad. 1992) Séard atá ann ná leaganacha Nua-Ghaeilge de naoi seanscéal: Cath Má Mucramha Oidhe Chonchúir Giniúint Chormaic Uí Choinn Eachtra Mac nEachdhach Mhuighmheadhóin Toghail Bruíne Da Dearga Oidhe Dhiarmada Mhic Fheargasa Ciorrbheoil Loingeas Mac nUisnigh Eachtra Fhearghasa Mhic Léide Beatha Phádraig "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6990 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 03:50 pm: |
|
Tá sin agamsa fosta. A GhGN, ní raibh doicheall ar bith ag an gCeiteannach scéalta ón tSean litríocht a fhí isteach ina chuid staire. Murach é, bheadh muid dall don gcuid is mó ar mhórchuid acu. Eachtraí Labhraidh Loingseach, abair. Nó, go deimhin, gabháil Fodhla ag Clann Míle. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3694 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 04:02 pm: |
|
quote:Murach é, bheadh muid dall don gcuid is mó ar mhórchuid acu. Ní dóigh liom gur fíor é sin. Maidir le gabháil Fódla, tá leagan níos luaithe againn in Lebor Gabála Éirenn. Níl mé cinnte faoi Labhraidh Loingseach. Tá a lán scéalta faoi sa tS-G, ach is féidir nach bhfuil an ceann sin atá cosúl le scéal Midas le fáil inti. Ach is féidir freisin gur scéal úrnua é sin, a cumadh tar éis ré na S-G. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 196 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, April 24, 2008 - 04:16 am: |
|
Is cuimhin liom a bheith ag léamh fá Labhraidh Loingseach sa bhéaloideas. Cha chuimhneach liom caidé go díreach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6991 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 24, 2008 - 05:42 am: |
|
Cluasa capaill, i measc rudaí eile. Rí éachtach a bhí ann. Dennis, is fíor dhuit is dócha - ach is é FF ceann de na foinsí do mhórchuid scéalta, agus tá sé ar fáil i nGaeilge na linne seo. |
|
Gaelgannaire
Member Username: Gaelgannaire
Post Number: 197 Registered: 04-2007
| Posted on Thursday, April 24, 2008 - 07:43 am: |
|
Cad fá 'the wooing of Étain', an bhfuil sin scríofa amach áit ar bith? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3699 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, April 24, 2008 - 12:05 pm: |
|
Tá Tochmarc Étaíne againn in Lebor na hUidre, cé go bhfuil tús an scéil in easnamh ansin. Ach fuarthas leagan slán den scéal iomlán in Leabhar Buí Leacain, i gcuid den lámhscríbhinn sin a cuireadh faoi chlúdach in éindí le leabhar eile. Pé scéal é, tá an seanscéal againn anois ó thús go deireadh. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3701 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, April 24, 2008 - 12:22 pm: |
|
Úps. (Níl a fhios agam an "focal" Gaeilge é sin. Tá cara liom, cainteoir Fraincise ó dhúchas, a deir agus a scríobhann "youps!") Más leagan Nua-Ghaeilge de "Tochmharc Éadaoine" atá uait, tá leagan deas simplí ar fáil in Finscéalta na hÉireann ISBN 0 9517823 1 2 "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|