mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (March- April) » Archive through April 24, 2008 » A Monoglot for Ríona « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6978
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, April 22, 2008 - 08:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3190&viewby=date

quote:

Deir Michael Dineen de chuid Chumann Altraí na hÉireann in otharlann an Daingin go bhfuil formhór na n-altraí ina gcainteoirí dúchais agus go bhfuil 28 as an 42 othar ina gcainteoirí dúchais.
'Bhásaigh othar amháin anseo roimh an Nollaig agus ní raibh aige ach Gaeilge agus níl anseo ach sampla amháin. Caithfear cuimhneamh chomh maith go mbíonn cuid mhór seandaoine anseo a bhfuil an galar Alzheimer orthu. De bharr an tinnis seo, caitheann siad a lán ama ag cuimhneamh ar laethanta a n-óige agus ar an saol a bhí acu mar pháistí. Chaith siad an tréimhse seo den saol ag labhairt i nGaeilge agus úsáideann siad í mar theanga cumarsáide,' ar seisean.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Riona
Member
Username: Riona

Post Number: 1324
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 12:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA a Aonghuis a chara,

I translated the first bit here but I ran into a problem with caithfear, not in the Focloir Poca. Here's my attempt at the first part up to that point.

Michael Dineen works as part of the Friends of Those Who Need Looked After in Ireland in a hospital at An Daingean where a majority of the patients (people who are looked after) are native speakers. 28 out of 42 patients are native speakers. One patient here died last Christmas and he had nothing but Irish and he is only an example of those here. I'm stuck on caithfear, what does it mean? Is my translation somewhat close? That word altra wasn't in the FP exactly but it seemed to mean someone who is looked after. Is this right?

GRMA aris. I fear that the one who died may be the man that Ilene told me of when I was in An Daingean. I hope it wasn't because I sort of got attached to him in my mind. I wrote him a Christmas card the Christmas before last which some of you might remember helping me with. Of course he never wrote back, I don't even know if it arrived to him but I always wished him lots of happiness.

Beir bua agus beannacht

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

BRN (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 01:23 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

" Caithfear cuimhneamh chomh maith go mbíonn cuid mhór seandaoine anseo a bhfuil an galar Alzheimer orthu"

one might remember as well that there is a lot of old people here with alzheimers

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6980
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 05:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

altra = nurse (usually banaltra, but that is gender specific)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 920
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 06:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An rud a rith liom sa scéal seo: go bhfuil na haltraí seo ag obair sa Ghaeltacht ar cainteoirí dúchais an móramh acu agus ag déanamh a gcuid oibre as Gaeilge: go bhfuil siad ag éileamh ardú pá €3500 sa bhliain cionn is go bhfuil orthu Gaeilge a labhairt!
Muna raibh orthu Gaeilge a labhairt, bheadh siad sásta lena phá ar an bhforas seo!



( Níl fhios agam an bhfuil a gcuid scéalta fíor nó an iarratas ar ardú phá atá ann!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6985
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 08:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cothrom na Féinne atá á lorg acu.
Faigheann daoine eile i ngaeltachtaí eile, nó i bpostanna eile, liúntas.


Bheinnse sásta ardú pá a lorg ar an mbonn chéanna.

Ach le fírinne, níor cheart altra gan gaeilge a fhostú san áit. Agus más gá breis airgead chun altraí atá in ann don obair a fháil, sin mar a bhíonn san córas caipitileach.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 923
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 08:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bheinn sásta le ardú pá ar chúis ar bith. B'fhéidir go gcumfainn cúiseanna dó.

An dóigh leat go bhfuil daoine a labhrann a dteanga fhéin, ina gceann poist dóibh, ina áit fhéin i dteideal ardú pá de dhroim Chothrom na Féinne ?

Bhal, dá raibh gnóthlacht sa Ghaeltacht agam, chuirfinn iachaill ar na bhfostaithe gan Ghaeilge a labhairt agus shabháilfinn airgead!

An bhfaigheann daoine i mBaile Átha Cliath ardú pá de dhroim a dteanga fhéin a labhairt?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 6987
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 08:55 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is gnáth nós é liúntas breise a íoc le daoine as scil nach bhfuil fairsing a bheith acu.

Ní dúirt mé go raibh sé ceart, ná ciallmhar. Ach tuige go bhfaigheadh altraí Ghaoth Dobhair nó Gardaí an Daingin buntáiste nach bhfuil ag altraí an Daingin?

Dá mbeadh gnólacht agat, ceist duitse agus d'fhostaithe a bheadh ann. Ach dá mbeidhfeá ag cuir iachall ormsa Béarla a labhairt sa Ghaeltacht, bheinn ag lorg cúiteamh uait!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 924
Registered: 06-2006
Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 09:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Ní dúirt mé go raibh sé ceart, ná ciallmhar"

Dar ndoigh, ní raibh mé ag taispeáint ach gur "Éagothrom na Féinne" a bheadh ann.


"Ach dá mbeidhfeá ag cuir iachall ormsa Béarla a labhairt sa Ghaeltacht, bheinn ag lorg cúiteamh uait"

Dar ndóigh a ghlanmhalairt atá á éileamh ag na seanséirí seo: cúiteamh a lorg as a dteanga fhéin a labhairt.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Abigail
Member
Username: Abigail

Post Number: 739
Registered: 06-2006


Posted on Wednesday, April 23, 2008 - 09:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní hea. Má thuigim i gceart é, is amhlaidh go bhfuil siad seo ag iarraidh cúitimh as Gaeilge a labhairt. Is cuma cé acu ar fhoghlaim siad í nó ar thug siad ón gcliabhán í. Ní bhaineann sé sin le hábhar beag ná mór.

Tá scil áirithe acu; tá sí ag teastáil ón gcomhlacht. Déanadh siad an margadh is fearr is féidir leo - agus dá annaimhe atá an scil chéanna is ea is mó airgead a thabharfar uirthi.

Tá fáilte roimh chuile cheartú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Member
Username: Fearn

Post Number: 925
Registered: 06-2006
Posted on Thursday, April 24, 2008 - 05:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Má thuigim i gceart é, is amhlaidh go bhfuil siad seo ag iarraidh cúitimh as Gaeilge a labhairt."

Sin an buille, nach ea? Tá siad ag iarraidh pá breise as a dteanga fhéin a labhairt .i. dá raibh orthu teanga eile a úsáid, agus is léir ón alt go mbíonn, níl pá breise a iarraidh acu. ( B'fhéidir nach scil áirid acu an teanga nár chuireadh roimpu agus iad ina naíonáin?)

Agus na fostóirí? Cé a íocann as an ardú pá seo? An mbíonn tú ag siúl go mbeadh ardú 8% ar gach seirbhís a chuirfear ar fáil sa Ghaeltacht ag daoine ag labhairt a dteanga fhéin? sa phroinnteach? sa tabhairne? sa siopa? sa cheantálaí? sa bhanc? an fostóir fhéin?

Nó más fostóir mé ag iaraidh srianta a choinneáil ar chostais, nach mbogfainn as an Gaeltacht ar mhaithe le costaisí níba lú?

Nó an mbíonn tú ag siúl go níocfar an béarlóir as airgead a thabhairt, b'fhéidir do dhuine ag déanamh an obair cheannainn chéanna, go níocfadh an béarlóir a labhrann a theanga fhéin as an gaeilgeoir a labhrann a theangasan fhéin.

Eascraíonn an chuid ceisteanna as do theoiric. An bhfuil tú ag moladh pá breise do gach fhostaí? gach duine féin-fhostaithe?

I gcead díbh, sílim go bhfuil bhur gcuid smaointeoireachta níos oiriúnaí do áit éigin idir 1930 agus 1950.



©Daltaí na Gaeilge