Author |
Message |
Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Post Number: 427 Registered: 09-2006
| Posted on Wednesday, April 16, 2008 - 09:57 pm: |
|
féadaim a rá go cinnte go ... = I can safely say that … How frequently, and/or in what contexts, is "féadaim + verbal noun" used to impart "I can + verb"? Anybody? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 1414 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, April 17, 2008 - 05:37 pm: |
|
D'fhéadfainn nó D'fhéadfá Ní úsáideann mé ach an dá leagan thuasluaite... Go minic, deirtear " Is féidir liom... " I can... A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3656 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, April 17, 2008 - 06:22 pm: |
|
quote:Go minic, deirtear " Is féidir liom... Raight. Ní chloisim "féadaim" go minic. Uaireanta, deirim "tig liom X a dhéanamh". Is maith liom gontacht an leagain sin. Is as an Tuaisceart a tháinig sé. Oh, agus "tá mé in ann X a dhéanamh". As an iarthar a tháinig sé. It's nice to have choices. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2359 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 01:52 am: |
|
Thig "féadann domh" agus "is féidir domh" a ráidht i dTír Chonaill fosta. Learn Irish pronunciation here: www.phouka.com/gaelic/sounds/sounds.htm & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 473 Registered: 01-2006
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 07:29 am: |
|
quote:tig liom X a dhéanamh Bhíodh “tig le” in úsáid i gConamara freisin, ach tá sé imithe ar ceal anois ach i gcomhrá na seandaoine agus seanchas – leagan seargtha atá ann – ó bhéal Bhriain Uí Churnáin – a úsáidtí leis an gcopail (“is tig liom …”). 'Rath Dé agus bail Phádraig ar a bhfeicfidh mé ó éireoidh mé ar maidin go gcodlóidh mé san oíche'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3658 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 10:59 am: |
|
quote:"féadann domh" quote:“is tig liom …” Cuireann na leaganacha seo leagan aisteach eile i gcuimhne dom, atá le cloisteáil ar an DD Ceol '08 san amhrán sin le Mundy: Agus n'fheadar liom cad a thiocfaidh orm, lena gruaig chomh dubh is a súile gorm' Barúil ag éinne? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3661 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 12:09 pm: |
|
Dála an scéil, tá an t-amhrán le cloisteáil anseo: http://www.youtube.com/watch?v=luvlMA__jyw Is fíormhaith liom é! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6960 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 12:12 pm: |
|
feadair [ainm briathartha][uireasach] (iarsma de bhriathar). an bhfeadraís (an bhfuil a fhios agat?). ní fheadar (níl, ní raibh, a fhios agam (ní fheadar cá bhfuil, cá raibh, sé)). ní fheadramar (níl, ní raibh, a fhios againn). |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3662 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 01:20 pm: |
|
quote:feadair [ainm briathartha][uireasach] Fuair tú é sin ón bhFoclóir Beag ar líne. Ach is dóigh liom go bhfuil ainm briathartha mícheart. Ní féidir feidhm a bhaint as "feadair" mar ainm briathartha --- "ag feadair", mar shampla --- ar feadh gur feasach mé. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 6961 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, April 18, 2008 - 02:46 pm: |
|
Fuair cinnte. An cuid tábhachtach den iontráil dar liom ná an nod "iarsma de bhriathar". Seachas na foirmeacha thuas, ní dóigh liom gur ann dó níos mó. Tá na foirmeacha sin le clos/léamh i nGaeilge Chorca Dhuibhne ach go háirithe. |
|
Sean_o_conraoi
Member Username: Sean_o_conraoi
Post Number: 6 Registered: 03-2008
| Posted on Saturday, April 19, 2008 - 08:27 am: |
|
Ni feidir an fhirinne a sheanadh.(Truth cannot be denied.)Or in other words,truth will prevail in the long run. Ach nior cheap me go raibh gaol ar bith ag an bfocal"feidir" leis an bhocal"n'eadar"; my understanding of the Munster word "n'eadar" is "I don't know" or "I wonder if.." Ach bionn muid ag foglaim i g-conai. Ceartu no tuairm ag aon duine? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 3664 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, April 19, 2008 - 10:35 am: |
|
quote:Ach nior cheap me go raibh gaol ar bith ag an bfocal "feidir" leis an bhocal "n'eadar" Níl. Is fíor duit, ar ndóigh. Bhí an snaithe ar seachrán, nó ag falróid ó áit go háit, sin an méid. ;-) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|